Cúige Mumhan in airde brí roimh theacht na gConnachtach

Cuirfidh Cúige Mumhan, agus iad ag iarraidh a gcúigiú bua as a chéile a chlárú, fáilte roimh Chúige Chonnacht i Luimneach anocht

Cúige Mumhan in airde brí roimh theacht na gConnachtach

Is cinnte gur bhain Cúige Mumhan agus Cúige Uladh geit as domhan an rugbaí an deireadh seachtaine seo caite nuair a fuair siad an lámh in uachtar ar fhoirne a bhí i bhfad níos láidre agus níos sciliúla ná iad féin. Ní hamháin sin, ach is as baile a d’imir chaon fhoireann acu a gcuid cluichí.

In Durban na hAfraice Theas a bhí na hUltaigh áit a raibh ocht bpointe le spáráil acu agus ar cheil siad pointe bónais ar na Sharks. Pointí bónais, agus ceithre úd a fuair siad dóibh féin.

Má bhí iontas maidir leis an toradh sin níor tada é i gcomparáid leis an ngreadadh ceithre úd i gcoinne dhá úd a thug Cúige Mumhan do na curaidh, Cúige Laighean, i bPáirc an Chrócaigh.

Ní hé nach raibh Cúige Laighean go maith.  Is cinnte go raibh.  D’aimsigh siad úd gan ach ocht nóiméad caite.  Bhí siad iomlán údarásach sa gclibirt ach ní raibh freagra ar bith acu ar shíor-ionsaí, ar fhisiciúlacht ná ar spíd troda na Mumhan. Agus mé ag tuar bua do Chúige Laighean roimh imirt an chluiche an tseachtain seo caite, chuir mé fainic maidir le sean-sprid na Mumhan, sprid a bhí le mothú ón nóiméad ar thrasnaigh Brian Gleeson líne an úid dóibh. Idir sin agus an t-am ar bhronn an réiteoir úd éirice ar Tom Farrell, úd a chinntigh pointe bónais ceithre úd dóibh, ní hamháin nár stop an síor-ionsaí ach bhí cosaint na Mumhan ar leibhéal a mbeadh aon fhoireann idirnáisiúnta bródúil as. D’fhág Cúige Laighean ceann ceathrú CLG náirithe agus le pócaí folmha.

Ach tá sé le déanamh ag an gceithre chúige arís inniu, agus gan fáil acu ar aon imreoir atá ar an bpainéal idirnáisiúnta. Tá siadsan atá sa gcampa idirnáisiúnta i Meiriceá ag réiteach don chluiche i gcoinne na nAll Blacks i Chicago, seachtaine sa lá inniu.

Ag am lóin beidh Cúige Uladh, foireann nár chaill cluiche fós ag tabhairt dúshlán na Lions ag airde i Johannesburg. Níl tada éasca ag baint leis an gcoimhlint atá roimh na hUltaigh inniu ach is ábhar dóchais dóibh bua na seachtaine seo caite agus nach bhfuil ach bua amháin cláraithe ag na Lions as cheithre iarracht.

Roimh an tae beidh Cúige Laighean, foireann atá suite sa 12ú háit déag ar an tábla sa mbaile i Staid Aviva i gcoinne Zebre, foireann atá san ochtú háit, cheithre áit níos airde ná iad.  I mo chuimhne-se, seo é an chéad uair ariamh a raibh Zebre chun cinn ar Chúige Laighean. Ní scarann ach trí phointe na foirne. Tá sé chomh simplí leis seo, má chailleann Cúige Laighean arís inniu i gcoinne Zebre, beidh náire na seachtaine seo caite de leataobh agus beidh an chaint faoi dheireadh ré Leo Cullen mar chóitseálaí ag treisiú.

Cuirfidh Cúige Mumhan, agus iad ag iarraidh a gcúigiú bua as a chéile a chlárú, fáilte roimh Chúige Chonnacht i Luimneach anocht. Ní chuirfidh mé fiacail ann, bhí láimhseáil an réiteora ar chluiche Chonnacht i gcoinne na mBulls i nGaillimh an tseachtain seo caite náireach ar fad agus i mo thuairimse bhí tionchar mór aige ar bhua na mBulls. Mar sin féin thug foireann na Gaillimhe dhá phointe leo ón gcluiche sin a chaill siad le pointe amháin (28-27).  An mbeidh Cúige Chonnacht in ann an fearg sin a smachtú chun an ceann is fearr a fháil ar Chúige Mumhan?  Na Muimhnigh sa mbaile agus a ndrioball chomh hard sin san aer? .

 

Fág freagra ar 'Cúige Mumhan in airde brí roimh theacht na gConnachtach'