Cúige Mumhan ag súil le chuile leas a bhaint as buntáiste an bhaile

Spreagann cluichí idirchúige na Nollag suim ollmhór i measc lucht leanúna rugbaí na tíre seo.

Cúige Mumhan ag súil le chuile leas a bhaint as buntáiste an bhaile

 

Níl aon dabht ann ach go spreagann cluichí idirchúige na Nollag suim ollmhór i measc lucht leanúna rugbaí na tíre seo. Bíonn na cluichí ar ardchaighdeán, lán d’fhuinneamh ach oiread le roinnt drámaíochta.

Bíonn brú faoi leith ar na himreoirí atá san áireamh don chomórtas Sé Náisiún a bheas linn faoi cheann cúpla seachtain. Seo é an deis deiridh atá acu a gcás a bhrú chun cinn le hiad féin a bheith i measc an phainéil idirnáisiúnta.

Ní féidir an méid gaisce a bheas ag anlucht leanúna buacach a chur as an áireamh ach oiread! Seans gur tábhachtaí é sin ná a dhath eile dóibh siúd a bheas i láthair ag an dá chluiche i mBabhta 8 den URC inniu.

Seans freisin gurb í an choimhlint idir Chúige Mumhan agus iad sa mbaile i gcoinne Chúige Laighean rogha na gcluichí rugbaí an deireadh seachtaine seo ní hamháin in Éirinn ach ar fud na cruinne freisin.

Mar chúlra don choimhlint seo, is fiú a mheabhrú gur chas na foirne seo ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh i mBabhta 4 den chomórtas nuair a thug Cúige Mumhan greadadh 34-14 do churaidh reatha an chomórtais. Díoltas agus ní tada eile a bheas ar intinn na gcuairteoirí agus iad ag iarraidh an drochlá sin a chur as a gcuimhne.

Beidh Cúige Mumhan ag iarraidh chuile leas a bhaint as buntáiste an bhaile agus an slua mór lucht tacaíochta a bheas á ngríosadh. Is deacair toradh an chluiche seo a thuar. Thug Cúige Uladh dóthain le déanamh do Chúige Laighean i Stáid Aviva i mBabhta 7. Go deimhin, marach gur chuir Leo Cullen cúigear imreoirí a bhfuil taithí iidirnáisiúnta acu chun páirce sa dara leath seans gur scéal eile ar fad a bheadh á thuairisc.

Níl Cullen ag tógáil seans ar bith leis an bhfoireann a roghnaigh sé.  Tá sé ag cur a chéad rogha imreoirí aclaí chun páirce ó thus.

Is ionann an cás maidir le rogha na Mumhan agus fios maith acu go dteastóidh chuile imreoir agus iad ag imirt chomh maith is atá iontu le Cúige Laighean a cheansú, fiú agus na Muimhnigh ag imirt sa mbaile.

Sa mbaile freisin atá Cúige Chonnacht inniu agus iad ag cur fáilte roimh Chúige Uladh. Ní haon iontas gurb iad na hUltaigh rogha na coitiantachta don choimhlint seo go háirithe tar éis an lagthaispeántas a thug foireann na Gaillimhe uathuan Satharn seo caite nuair a chaill  siad i gcoinne na nDragons. Bhí cur chuige Chonnacht tubaisteach agus náireach.  Ní féidir aon chasadh eile a chur ar a gcuid iarrachtaí. Faraor, ní chreidim go bhfuil an teacht aniar iontu chun na deacrachtaí a tháinig chun solais i mBabhta 7 a shárú.

Is cinnte go mbeidh na hUltaigh ar a míle dícheall teacht i dtír ar laigeachtaí Chúige Chonnacht.

Fág freagra ar 'Cúige Mumhan ag súil le chuile leas a bhaint as buntáiste an bhaile'