Cúige Laighean an t-aon chúige nach bhfuil faoi bhrú

Tá brú damanta ar Chúige Chonnacht agus iad ag cur chun páirce inniu ach tá Cúige Mumhan féin i sáinn

Cúige Laighean an t-aon chúige nach bhfuil faoi bhrú

Cúige Laighean an t-aon chúige nach bhfuil faoi bhrú roimh Bhabhta 9 den URC inniu. Ní hamháin go bhfuil buntáiste an bhaile acu ach tá siad breá compordach ar bharr thábla an chomórtais agus gan ach cluiche amháin caillte acu an séasúr seo. Ní hionann an cás don trí chúige eile atá ag sleamhnú síos an tábla céanna le cúpla seachtain anois.

Sa mbaile ar an mBóthar Beag a bheas Cúige Chonnacht san iomaíocht le Cúige Mumhan sa dara cluiche idirchúige an Nollaig seo agus iadsan ar thóir a gcéad bhua ó d’imir siad i mBabhta 5 den URC san Afraic Theas.

Ní hamháin gur chaill Cúige Chonnacht trí chluiche URC ón mbua sin i gcoinne na Sharks ach chaill siad dhá chluiche i gcomórtas Chorn na gCuradh freisin. Níl a fhios agam an gá dom mórán eile a rá faoin mbrú damanta atá ar fhoireann na Gaillimhe agus iad ag cur chun páirce inniu.

Mar sin féin agus in ainneoin gur chaill siad as baile i gcoinne Chúige Uladh i mBabhta 8 seachtain ó shin, is ábhar dóchais dóibh nár scar ach pointe amháin na foirne ag a dheireadh (20-19). Ní hamháin sin ach dá mbeadh cúpla nóiméad imeartha eile sa gcluiche cá bhfios nach toradh eile a bheadh á fhógairt mar go raibh imirt na gConnachtach ag deireadh an dara leath i bhfad níos fearr ná mar a bhí sé ag tús an chluiche. Seans go raibh tionchar ag JJ Hanrahan a tháinig ar an bpáirc in áit Jack Carty ar aiséirí Chonnacht. Más féidir le Cúige Chonnacht teacht ar an stil imeartha dearfach sin arís agus más féidir leo na deachrachtaí sa síneadh amach atá acu le cúpla cluiche a shárú ní bheidh siad gan seans.

Beidh na Muimhnigh ar a míle dícheall ag iarraidh iad féin a ardú ón séú háit ar an tábla agus iad ar thóir a gcéad bhua as trí iarracht i dhá chomórtas. Tá neart deacrachtaí maidir le himreoirí gortaithe ag na Muimhnigh agus iad ag taisteal go Gaillimh inniu. Cé go gcaithfidh Graham Rowntree dul i muinín roinnt imreoirí dara agus tríú rogha inniu níl a fhoireann gan seans.  Tá siad i sáinn agus tá foireann Chonnachta in ísle brí.  Nach minic roimhe seo a tháinig na Muimhnigh i dtír ar bhuntáiste mar seo?

Níos deireanaí inniu san RDS tabharfaidh Cúige Laighean, foireann atá ar bharr an tábla faoi Chúige Uladh, foireann atá sa gceathrú háit. Níl aon dabht ach gurb iad foireann an bhaile an rogha don choimhlint seo, ach mar sin féin beidh Cúige Uladh ag súil gur féidir leo tógáil ar an dá bhua baile a bhí acu le gairid i gcoinne Chonnachta san URC agus Racing 92 i gCorn na gCuradh. Más le foireann Bhéal Feirste sin a dhéanamh caithfidh siad na deacrachtaí a bhí acu sa gclibirt agus sa síneadh-amach i gcoinne Chonnachta a cheartú agus caithfidh siad leanacht leis an iarracht thar thréimhse 80 nóiméad.

 

 

Fág freagra ar 'Cúige Laighean an t-aon chúige nach bhfuil faoi bhrú'