Cúige Laighean ag iarraidh fanacht in uachtar ar fad

Fiú agus sé chluiche fós le himirt creideann go leor gur ag Cúige Laighean agus na Bulls atá an seans is fearr áit sa gcluiche ceannais

Cúige Laighean ag iarraidh fanacht in uachtar ar fad

Is cinnte gurb í coimhlint na hoíche anocht san RDS idir Cúige Laighean, foireann atá ar bharr thábla an URC, agus na Bulls ón Afraic Theas, foireann atá sa dara háit ach ceithre phointe níos ísle, rogha chluichí rugbaí an deireadh seachtaine seo.

Fiú agus sé chluiche de na réamhbhabhtaí fós le himirt creideann go leor gur ag an dá fhoireann seo atá an seans is fearr áit sa gcluiche ceannais ag deireadh mhí na Bealtaine a bhaint amach.

Cuireann an tuairim sin go mór leis an mbrú atá ar Chúige Laighean agus ar Leo Cullen, go háirithe, a chinntiú go n-éiríonn le foireann Átha Cliath iad féin a choinneáil ar bharr an tábla chun buntáiste baile sa gcraobhchluiche a chinntiú. Má ghéilleann Cúige Laighean pointí anocht agus má éiríonn leis na Bulls a bheith ag roinnt bharr an tábla fiú, beidh Cúige Laighean i gcruachás agus cuairt dhá chluiche ar an Afraic Theas fós le teacht.

Ní haon iontas dá bhrí sin go bhfuil Cullen ag cur foireann chomh láidir chun páirce anocht. Tá triúr déag a d’imir sa gcomórtas Sé Náisiún ag tosú nó ar an mbinse.  Seans freisin go bhfuil leathshúil ag Cullen ar an gcluiche mór i gCorn na gCuradh i gcoinne na Leicester Tigers a bheas á imirt faoi cheann seachtaine. Sea, tá sárchoimhlint romhainn anocht agus an t-uafás ag brath ar an toradh.

Cuirfidh Benetton agus Cúige Connacht, dhá fhoireann a chaill seachtain ó shin, chun páirce san Iodáil amárach. Tá an dá fhoireann seo ar comhphointí (33) ach tá difríocht pointí aimsithe níos fearr ag na Connachtaigh.  Fágann sin go bhfuil siad áit amháin chun cinn ar chlár an tábla.  Sa naoú háit atá siad. Is iad Benetton an rogha don choimhlint seo mar gur acu atá buntáiste an bhaile agus mar go bhfuil roinnt imreoirí a d’imir sa gcomórtas Sé Náisiún ag filleadh abhaile chucu.

Maidir le Cúige Chonnacht, ní chuirfidh mé fiacail ann, bhí siad náireach ar fad an tseachtain seo caite.  Bhí siad gan sprid, uaillmhian, plean ná misneach agus buntáiste an bhaile acu! Ní hamháin sin, agus b’fhéidir níos measa fós, níor léir aon chineál ceannasaíochta ar an bpáirc ná go deimhin, i measc lucht bainistíochta na foirne. Má tharlaíonn sin arís amárach, beidh sé chomh maith acu fanacht thiar sa mbaile. Tá súil agam go bhfuil ceacht foghlamtha acu agus nár íoc siad ródhaor as an gceacht céanna.

Leanann turas na nUltach ar an Afraic Theas agus iad ag tabhairt faoi na Stormers, foireann atá dhá áit chun cinn orthu. Is deacair bua d’fhoireann Bhéal Feirste a thuar rud a fhágann i dtrioblóid iad.  Seans freisin go bhfuil a gcuid iarrachtaí a bheith i measc na n-ocht bhfoireann atá ar bharr thábla an URC i gcruachás.

Sa mbaile i Luimneach a bheas na Muimhnigh, foireann atá sa gceathrú háit ar an tábla agus iad ag cur fáilte roimh Chaerdydd, foireann atá sa dara háit déag. Beidh Cúige Mumhan ar thóir a gceathrú bua as a chéile agus beidh Caerdydd ag iarraidh an meath, ceithre chluiche caillte acu as a chéile, a stop. Ní dóigh go dtarlóidh sé sin amárach. Sea, bua eile do na Muimhnigh agus pointe bónais freisin!

Fág freagra ar 'Cúige Laighean ag iarraidh fanacht in uachtar ar fad'