Cuidiú chaipilíní Chonamara do dhaoine faoi mhíchumas le plé i Taiwan

Tá tús curtha le clár nua faoina dtabharfar deis do dhaoine míchumasacha láimhsiú agus marcaíocht a dhéanamh ar chaipilíní de mhianach Chonamara

 

Capaillín
Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Beidh an cuidiú atá caipilíní Chonamara in ann a thabhairt do dhaoine a bhfuil míchumas intinne nó colainne ag dul dóibh ar cheann de na hábhair a bheidh faoi chaibidil ag comhdháil idirnáisiúnta atá ag tosú i Taiwan Dé Domhnaigh beag seo amach romhainn.

Tabharfar léargas ag an gcomhdháil ar na torthaí atá ar thionscnamh a bunaíodh cupla bliain ó shin ina dtugtar deis do dhaoine míchumasacha láimhsiú agus marcaíocht a dhéanamh ar chaipilíní de mhianach Chonamara. Tá Fóram Chonamara agus Cumann Lucht Chaipilíní Chonamara bainteach leis an tionscnamh seo agus tá an tseirbhís dá chur ar fáil i roinnt áiteacha i nGaillimh agus i gConamara anois.

Tarraingeofar aird ar scéim chabhrach seo chaipilíní Chonamara ag an gComhdháil Dhomhanda a bhaineann le cumas caiple ó thaobh oideachais agus teiripe a bheidh ar bun i Taiwan an tseachtain seo chugainn. Eagraítear an chomhdháil seo chuile thrí bliana.

Tá fianaise ann go gcuidíonn marcaíocht capall le hiompar colainne, féinmhuinín agus stuaim intinne i ndaoine atá buailte ag míchumas; cuidíonn sé le daoine a bhfuil míchumas ag dul dóibh ón gcliabhán agus le daoine ar theaghmaigh tinneas éigean dóibh a d’fhág lorg fisiciuil nó inchinne orthu. Ceaptar anois go bhfuil caipilíní Chonamara an-fheiliúnach le haghaidh an chineál seo teiripe de bharr iad a bheith cineálta, foighdeach agus stuama ar a gcosa.

Tháinig an iarracht seo chun cinn i gConamara nuair a rinne Foram Chonamara ceangal le Cumann Lucht Chaipilíní Chonamara agus le grúpa atá ag cabhrú le daoine míchumasacha sa gceantar. Fuarthas cúnamh ó chlár Leader agus cuireadh oiliúint mar chóitseálaithe ar aon nduine dhéag agus tá teastais bainte amach acusan anois. Tá na cóitseálaithe seo ag láimhsiú cúrsaí teiripe caiple anois do dhaoine míchumasacha i nGaillimh, i Maigh Cuillin, in Uachtar Ard, sa gClochán agus ar Inis Bó Finne. Tá sé i gceist go gcuirfí leis an tseirbhís go gairid.

Bhí Comhairle Chaipilíní Chonamara an-mholtach ar an obair seo uilig ag cruinniu dá gcuid le gairid; chomh maith leis an leas daonna atá i gceist, creideann an Cumann go rachaidh an aird a tharraingeofar ar chaipilíní dúchasacha an cheantair ag an gcomhdháil i Taiwan chun tairbhe do mhianach chaipilíní Chonamara ar fud an domhain.

 

Fág freagra ar 'Cuidiú chaipilíní Chonamara do dhaoine faoi mhíchumas le plé i Taiwan'

  • padraig

    ‘….de bharr iad a bheith cineálta, foighdeach agus stuama ar a gcosa.’ M’anam duit ach d’fhéadfá an rud céanna a rá faoi mhuintir Chonamara féin!