Cuid mhaith clubanna nach mbeidh aon aiféala orthu féilire nua a bheith á chrochadh

Is mó de chumainn cháiliúla na tíre atá i ndroch-chaoi ag deireadh 2023 ná a bhíonn de ghnáth

Cuid mhaith clubanna nach mbeidh aon aiféala orthu féilire nua a bheith á chrochadh

Con Barrett,Ó Céirín- Ó Rathaille. Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

Tá cuntas in áit eile ar an tseirbhís seo ar chumainn pheile agus iomána Chumann Lúthchleas Gael ar fhág an bhliain 2023 ábhar ceiliúrtha acu, ach ar ndóigh ní raibh scéal ariamh ann nach raibh an dara hinseacht air.

Cé nach baileach gur ar leathchrann atá a gcuid bratacha, tá cuid mhaith clubanna eile nach mbeidh aon aiféala orthu féilire nua a bheith á chrochadh. Mura bhfuil mé ag dul amú is mó de chumainn cháiliúla na tíre atá sa mbád sin faoi láthair ná a bhíonn de ghnáth.

Is dóigh gurb é scéal Fhánaithe an Ghleanna an ceann is iomráití acu siúd. Péire agus fiche de Chraobhacha Sinsearacha Iomána Chorcaí acu – an ceann is deireanaí in 2016 – bhíodar sa mbabhta ceannais go deireanach dhá bhliain ó shin.

An séasúr seo chugainn is sa dara sraith craoibhe a bheas na Fánaithe, díbeartha ansiúd de bharr a gcliseadh (1-13, 1-16) in aghaidh Cheann Toirc i gcluiche dícháilithe cúpla mí ó shin. Trí bliana eile agus bheadh an 100 slánaithe ag an nGleann sa gcraobh sa gcontae iomána is mó le rá sa tír, dar le go leor.

Ní móide go bhfuil Christy Ring ná Jack Lynch ag cur na gclár aníos, ach is cinnte gur cás é a bhfuil sé deacair ag lucht leanta an chumainn i mBaile an Mhulláin i dtuaisceart na cathrach glacadh leis i láthair na huaire.

Bail den chineál céanna atá orthu siúd a thacaíonn le foireann peile atá chomh cáiliúil céanna de bharr an chluiche sin agus atá na Fánaithe as an bhfuinseog.

Anuraidh go deireadh a bhuaigh Ó Céirín- Ó Rathaille Craobh Shinsir Peile Chlubanna na Mumhan. Tá Craobhacha an Chontae buaite freisin acu agus liosta le lua ainmneacha na n-imreoirí as an gclub a d’imir do Chiarraí. John Dowling, Jas Murphy agus Dan Spring a chroch Corn Mhig Uidhir i bPáirc an Chrócaigh, Dan O’Keefe a bhí ar fhoireann na Mílaoise agus níos gaire de láthair Seánie Walsh agus a mhac Tommy, Ogie Moran agus a mhac féin David.

Bua a bhí ag a gcomharsana Na Gaeil orthu a chuir Céirín-Ó Rathaille go Roinn 2 na Sraithe. Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair ní bheidh cead iomaíochta acu i gCraobh Shinsir an Chontae an séasúr seo chugainn, ach tá míshuaimhneas sa Ríocht faoin leagan amach a fhágann nach féidir leis an rud a bhain do na Rathallaigh tarlú i gcás na bhfoirne réigiúin a bhíonn sa gcraobh ansiúd.

82 Craobh Shinsir Iomána de chuid Loch Garman atá seasta ag Ráth an Iúir, an club lenar imir na Rackards agus na Quigleys, péire de na teaghlaigh iomána is cáiliúla dá raibh ann. 20 atá buaite acu, an líon is mó ag aon chumann. Beidh siadsan iad féin i measc na nIdirmheánach an séasúr seo ag teacht – cluiche dícháilithe inar bhuaigh an Gleann-Baile an Bharúnaigh orthu an tairne deiridh a tiomáineadh ina gcónra.

Tá sleamhnú cuid mhaith déanta ag iománaithe Phort Omna le blianta beaga – aon séasúr amháin a mhaireadar ar ais sa ngrád is airde i nGaillimh, iad ar ais i mbun na bhfoirne ‘B’ anois arís. Ní fada ó bhíodar siúd i mbarr a réime, leathdhosaen craobh de chuid na Gaillimhe acu idir 2003 agus 2013 agus Craobh na hÉireann in 2006, ’08, ’09 agus 2014.

Ba léir iad a bheith i dtrioblóid ó thús na craoibhe 2023. Ghéilleadar 10-79 sna trí chluiche ina ngrúpa agus 3-41 sa bpéire a bhain leis an dícháiliú.

Níos measa fós atá cás na Ceathrún Rua agus Chill Fhir Iarainn i nGaillimh, chaon fhoireann le bheith sa gcoimhlint i gCraobh Shóisearach Peile an Chontae sin in 2024.

Is fíor go bhfuil sé tamall maith anois ó bhuaigh cumann na Gaeltachta an chraobh shinsearach (1996), ach bhí Cill Fhir Iarainn ina seaimpíní faoi dhó ó Bhliain na Mílaoise agus ba dheacair a shamhlú nuair a bhuaigh siad Craobh Chonnacht faoi dhó go mbeadh an bhail seo i ndán dóibh.

Bhí an Spidéal iad féin ar fhoireann Gaeltachta eile a chaill a stádas-sinsir. Bhíodar ag rith ar an tanaí le cúpla séasúr, ach an iarraidh seo ní raibh aon dul as.

Fág freagra ar 'Cuid mhaith clubanna nach mbeidh aon aiféala orthu féilire nua a bheith á chrochadh'