Cuid d’ócáidí Gaeilge agus Gaeltachta Oíche Chultúir 2023

Anocht an t-ochtú bliain déag ag an Oíche Chultúir a thugann deis dúinn ar fad blaiseadh beag a fháil den raidhse imeachtaí is ealaíon a bhíonn thart orainn

Cuid d’ócáidí Gaeilge agus Gaeltachta Oíche Chultúir 2023

 

Gaillimh

Más maith leat sobaldráma TG4, Ros na Rún, féadfaidh tú bualadh isteach chuig an gcriú ar an Spidéal agus turas treoraithe a fháil ó Mháire Eilís Ní Fhlaithearta, nó Caitríona an tsobail óna 4.30pm. Níl le déanamh agat ach ríomhphost a sheoladh chuig leiriuchain@rosnarun.com le haghaidh réamháirithint a dhéanamh agus féadfaidh tú bualadh leis na réaltaí agus cá bhfios nach scaoilfí rún leat.

Más i gCathair na Gaillimhe thú oíche Dé hAoine óna 9.00pm ar aghaidh, blaisfidh tú Gaeltacht na Todhchaí le Fíbín sa Taibhdhearc agus í breá beo bríomhar. Bí ag caint ar chultúir – bannaí práis, sean-nós, miotal trom, damhsa, cleasa lúith agus iontais go leor eile amuigh faoi spéir. Níos túisce san iarnóin [2.30], féadfaidh tú cleachtadh drámaíochta de chuid Fíbín don dráma cáiliúil An Triail a fheiceáil i Halla na Tulaí, trasna an bhóthair ó TG4.

Thiar in Acadamh na hOllscolaíochta i gCarna beidh an scannánaí agus ceoltóir Éamonn de Buitléar á chomóradh le dán físiúil, Mea Ghabhair, ina mbeidh neart ceoil is damhsa. Nach deas ainm éin i gcuimhne ar fhear a chaith cuid mhaith dá shaol ag faire ar éiníní.

Más sean-nós do rogha, bí i Leabharlann Bhaile Locha Riach ag a 7.00pm mar a mbeidh na fonnadóirí Róisín Seoighe as Ros an Mhíl agus an tOllamh Lillis Ó Laoire ag gabháil fhoinn sa dá theanga oifigiúla.

Ceol agus amhráin a bheidh in Áras Éanna in Inis Oírr freisin agus grianghraif fhear an oileáin, Cormac Ó Cadhain, á dteilgean ar na ballaí ansin agus obair ealaíne Philip Jacobsen, atá déanta as smionagar an Plassey, ar taispeáint.

Maigh Eo

San Eachléim i Maigh Eo beidh scoth na mban á gceiliúradh sa teach solais óna 7.00. I dTuar Mhic Éadaigh ag a 7.00pm lúibíní agus agallaimh bheirte a bheidh á gcleachtadh san halla ansin.

Ráth Chairn

Tá muintir Ráth Chairn ag cur tús leis an oíche chultúir le haifreann sa séipéal ag a 5.00pm agus ina dhiaidh gabhfaidh sean is óg ar shiúlóid timpeall an cheantair agus ealaíontóirí rompu ag na ‘stáisiúin’ éagsúla a inseos dóibh go healaíonta faoi stair an phobail.

Níos deireanaí san halla ag 8.30pm beidh An Chéad Ghlúin Eile ag ceiliúradh ceol a muintire agus na stíleanna éagsúla á léiriú ar stáitse. Is iad atá deas air!

Dún na nGall

Tá an cultúr faoi mheas ag na Conallaigh fosta agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ ag craoladh beo as Dún Lúiche agus scoth na gceoltóirí ina dteannta. Beidh an t-aisteoir Jessie Buckley ag ceol ansin le comóradh a dhéanamh ar an amhránaí Sinéad O’Connor. Ansin chomh maith beidh Murder Capital, Aby Coulibaly agus an ceoltóir Úcránach Olesya Zdorovetska. Craolfar ar RTÉ míreanna as ionaid go leor ar fud na tíre le linn an chláir.

Amfaitéatar cois cladaigh a bheidh acu ar Árainn Mhór mar a mbeidh Ye Vagabonds, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Nia Ní Bheirn ag ceol. Le barr maise a chur ar an oíche déanfaidh an cóiréagrafaí agus damhsóir cruthanta Breandán de Gallaí, agus a chomhlacht damhsóirí Ériu, damhsa a taifeadadh ar an oileán sin.

In Oideas Gael i nGleann Cholm Cille beidh Eoghan Ó Curraighin as Teileann ag scéalaíocht agus ag caoladóireacht ag 8.30pm. Roimhe sin beidh deis ag leanaí na háite an tráthnóna a chaitheamh leis an ealaín.

I Rann na Feirste oíche airneáil a bheidh acu ag ceiliúradh oidhreacht seanchais Sheáin Néill agus ceol is damhsa ann chomh maith. I gCuideachta na gCailleach, agus Maria Coleman, a bheidh an pobal i dteach an fhoclóirí, Niall Ó Dónaill i Loch an Iúir.

Cúige Mumhan

Beidh muintir Mhúscraí ag ceol, ag filíocht agus ag amhrán in Óstán Ghobnatan óna 6.00 pm. Sa leabharlann i gcathair Chorcaí ag a 8.00pm beidh seisiún sean-nóis agus filíochta leis an amhránaí binn Máire Ní Chéileachair agus Eibhlís Carcione.

Ó dheas in Uíbh Ráthach ní bheidh aon easpa iontas orthu agus iad ag damhsa agus ag ceol faoi spéir dhorcha Chiarraí ar Thrá na Cille óna 11.00pm. Le taobh an tseanstáisiúin cósta ag Ceann Bólais a bheidh Súil le Muir ag tarlú ag a 11.00 am agus ceol is amhráin a bhaineann le seanchas na háite ar siúl. Teacht le chéile ag Cill Rialaigh nó Duichealla.

Más sa Daingean thú ag a 5.00pm, buail isteach sa Díseart mar a gcuirfidh Aisteoirí Bhréanainn dhá dhráma grinn ar ardán duit.

Soir ó dheas sna Déise cuirfidh Dún Garbhán le Gaeilge ceol, siamsaíocht agus sólaistí ar fáil i Seanteach an Mhargaidh óna 5.30pm. Más filíocht is fearr leat téigh go dtí an Marine Bar ar an mbaile sin mar a mbeidh filí iarthar Phort Láirge ag duanaireacht óna 7.00pm.

Baile Átha Cliath

Sa bpríomhchathair tabharfaidh Gaeil Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin ar thuras an tí sin thú ag a 7.00pm sula meallfar le ceol is damhsa thú. Má tá tú fiosrach faoi Áras an Uachtaráin, Club an Chonradh, Teach Laighean, Coláiste na Tríonóide, Dún Uí Choileáin, Monto agus Sráid Henrietta, seo do sheans mar beidh turais threoraithe ar siúl iontu sin ar fad Dé hAoine.

Doire

Beidh Cóisir an Tí ar siúl i nDoire Cholm Cille i gCultúrlann Uí Chanáin agus scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ansin le blaiseadh d’oidhreacht shaibhir cheoil na cathrach a roinnt leat.

Béal Feirste

I mBéal Feirste i gCaifé Ceoil Mhic Reachtain a bheidh Oíche Dár Saol romhat le Seosamh agus a Bhaicle Ceoltóirí ó mheán lae. Más spéis leat logainmneacha agus ceol téigh go dtí Conradh na Gaeilge ar Bhóthar na bhFál ag a 6.00pm mar a mbeifear ag féachaint ar na logainmneacha ar fad a luaitear sa gceol agus deis agat an ceol sin a chloisteáil.

Is beag pobal sa tír nach mbeidh imeachtaí á n-eagrú acu ar an Aoine agus tá na himeachtaí ar fad a bhí cláraithe in am le fáil ag anseo.

Fág freagra ar 'Cuid d’ócáidí Gaeilge agus Gaeltachta Oíche Chultúir 2023'

  • Colmán Ó Drisceoil

    Agus beidh Siúlóid Stairiúil in nGaeilge faoi cheantar Bhaile na Manach/ Rinn na Mara idir Dún Laoghaire agus an Charraig Dhubh ag tosú amarach ag 6.30 in ag Ardán Longfoirt, Baile na Manach agus ag críochnú ag 8.00 in ag Scoil Lorcáin le cupán tae agus blaistíní deasa le cuireadh oscailte. Is é Séamus Ó Canainn a bheidh ina threoraí – eagraithe ag Laochra Lorcáin.

  • Maire Uí Shithigh

    Beidh tús á chur leis na drámaí sa Díseart ag 5 – ní 7.