Cúbláil nuachta? Braitheann sé ar cé atá ina bun…

Ní thaitníonn caint ghránna nó bréaga le duine ar bith, ach bímis cúramach faoi dhaoine nach mbíonn ag caitheamh anuas ar a leithéid ach amháin nuair a oireann sé dóibh féin

Cúbláil nuachta? Braitheann sé ar cé atá ina bun…

Tá a lán cainte ann faoi láthair maidir leis na meáin shóisialta, agus líomhaintí ann go bhfuil leatrom á dhéanamh ar dhaoine ar leithéidí Facebook agus an lámh is uachtar á fáil ag ciníochas agus gnéasaíochas gránna.

Sea, tá an oiread sin cainte faoi seo gur cosúil le feachtas é. Mar sin is fiú ‘an feachtas’ seo a scrúdú.

An tseachtain seo caite, bhí ionadaithe ó Facebook os comhair coiste Oireachtais á gcosaint féin ó líomhaintí nach dtógtar seasamh láidir i gcoinne ábhar gránna, rud a léiríodh i gclár teilifíse ar Channel 4.

Roimhe seo, i Sasana féin, thug coiste parlaiminte tuarascáil amach inar ionsaíodh comhlachtaí na meán sóisialta as mí-úsáid a bheith á baint astu ar mhaithe leis an gcaimiléireacht vótála agus daoine a stiúradh go dtí taobh áirithe den díospóireacht phoiblí.

Agus ní nach ionadh ba é toradh thoghchán uachtaránachta Mheiriceá agus toradh reifreann an Bhreatimeachta i Sasana is mó atá ag déanamh imní do lucht cáinte na meán sóisialta.

Mar níl aon mhíniú eile ag na nualiobrálaigh ar na torthaí sin, ach go gcaithfidh gur le bréaga agus le cúbláil éagórach a baineadh amach iad.

Sea, caithfidh gur amadáin nó daoine ciníocha iad na vótóirí a thug droim láimhe leis an bhfís chiallmhar a leag na nualiobrálaigh amach dóibh agus a vótáil ina háit sin ar son na neamhréasúnachta.

Agus is é an cruthúnas go raibh cúbláil taobh thiar de na torthaí ná na torthaí féin!

Agus mura leor amaidí nó ciníochas mar mhíniú ar an scéal, bhuel caithfidh mar sin go raibh baint ag fórsaí eachtrannacha leis. Údar gáire is ea an tseafóid seo, ach fiú in Éirinn cloistear scéalta faoin gcontúirt don daonlathas a bhaineann leis na Rúisigh.

Ar ndóigh, nuair a bhí an cumannachas i réim bhí cogadh idé-eolaíochta ar siúl, agus ba í an uirlis ba láidre sa gcogadh sin ná an cumannachas agus deamhain a dhéanamh de na Rúisigh.

Ciníochas frithRúiseach an cárta a imríodh. Bhíodh na Rúisigh ina mbarbaraigh, bhain siad leis an Áise níos mó ná leis an Eoraip, ní raibh aon trócaire nó daonnacht ag baint leo.

Tá an cumannachas imithe ón Rúis anois, ach tá leas fós á bhaint as an mbolscaireacht chéanna.

Ar ndóigh bhí cúbláil nuachta i gceist an t-am sin freisin. Ach ní cúbláil na meán sóisialta ach cúbláil na mórmheán scríofa agus craolta a bhí i gceist.

Cuimhnigh: cá háit sna meáin mhóra, seachas Tuairisc.ie, ar féidir teacht ar ailt a cheistíonn suáilce naofa an Aontais Eorpaigh? Nó cá háit nach mbítear ag caint faoi Shinn Féin mar pheacaigh nár chóir bheith istigh a thabhairt dóibh in institiúidí na sibhialtachta? Ar an Irish Independent, an Irish Times, nó ar RTÉ?

Ní hí an chúbláil nuachta féin atá ag cur as do na nualiobrálaigh dáiríre, ach cé atá ina bun agus cé atá ag baint leas aisti. I bhfianaise na cainte seo ar fad faoi shaoirse cainte, agus ar shrianta a chur ar dhreamanna nach é leagan bhuanaíocht an Stáit den fhírinne atá acu, is fiú cuimhneamh ar a ndúirt Todd Andrews, duine de mhaithe Fhianna Fáil agus fear a raibh baint mhór aige le forbairt an stáit:

‘Is é atá i saoirse an phreasa ná an tsaoirse atá ag aon iriseoir an rud ar mhaith le húinéirí an phreasa go scríobhfadh sé a scríobh.’

Tuigeann iriseoirí na mórmheán fírinne an ráitis sin má bhíonn siad ag iarraidh dul níos airde san eagraíocht.

Ach mar chodarsnacht air sin, tá na meáin shóisialta oscailte do chách. Bíonn daoine áirithe ann a bhíonn gránna, bréagach, mí-ionraic agus maslach; ach bíonn daoine eile ann a bhfuil tuairimí difriúla acu, rudaí le rá acu nach gcloíonn le tuairimíocht na coitiantachta, is mar sin.

Caithfimid a bheith san airdeall mar sin nach gcuirtear isteach ar fhíorshaoirse cainte agus nach n-úsáidfear bréaga nó iompar gránna daoine áirithe mar leithscéal chun baint den tsaoirse sin.

Mar an gcéanna, caithfimid a bheith san airdeall maidir le ceist an daonlathais. Nuair a labhraíonn na nualiobrálaigh faoin daonlathas, ní hé toil an phobail atá i gceist acu ach toil na nualiobrálach.

Mar shampla, dúradh nach raibh toghchán na Rúise daonlathach toisc nár éirigh le hiarrthóirí a thaobhaíonn leis an nualiobrálachas. Is cuma faoi thuairim mhóramh na Rúiseach mura réitíonn sé le tuairim na nualiobrálach.

Arís, níl a fhios agam an raibh móramh na vótóirí sa tSiombáib ar son ZANU-PF, cé gur dócha go raibh. Ach ba leor do na liobrálaigh mar chruthúnas gur thoghchán cam a bhí ann go raibh an bua ag ZANU-PF.

Ní thaitníonn caint ghránna nó bréaga le duine ar bith, ach bímis cúramach faoi dhaoine a bhíonn ag caitheamh anuas ar a leithéid nuair a oireann sé dóibh ach a fhanann ina dtost nó a théann i muinín an chineál sin iompair iad féin nuair is é sin a oireann dóibh.

Fág freagra ar 'Cúbláil nuachta? Braitheann sé ar cé atá ina bun…'

  • Éadóchasach

    ‘Mar shampla, dúradh nach raibh toghchán na Rúise daonlathach toisc nár éirigh le hiarrthóirí a thaobhaíonn leis an nualiobrálachas.’

    Tá a fhios agam go bhfuil Eoin ar nós cuma liom, ach seo alt dóibh siúd ar mhaith leo a léamh fésna fáthanna a ndúradh nach raibh toghchán na Rúise daonlathach: https://www.theguardian.com/world/2018/mar/19/vladimir-putin-secures-record-win-in-russian-presidential-election

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ba ‘ciníochas frithRúiseach’ a bheith in aghaidh an cineál cumannachais barbarach neamhdaonlathach impiriúlach a chleacht Aontas na Sóibhéide, dar le Eoin!

    Bhí cumannachas na Rúise bunaithe ar bharbaracht, ar chisireacht, ar easpa saoirse ag lucht acadúla, smacht daingean ar na meáin agus rialtais puipéide a chur i gceannas na dtíortha a raibh sé de mhí-ádh orthu tíocht faoi smacht na Rúise ag deireadh an dara chogadh domhanda. Ní ‘ciníochas frithRúiseach’ a rá gur córas barbarach a bhí ann.

    Ar an gcaoi céanna ní ‘ciníochas frithGhearmánach’ a rá gur córas barbarach sa naitsíochas!

  • Eoin Ó Murchú

    Luann Éadóchasach an Guardian, nuachtán Sasanach atá ina cheann feadhna don nua-liobrálachas. Bhéadh sé níos tairbhi dó labhairt le gnáth-Rúisigh. Ansin bheadh sé soiléir dó go bhfuil tacaíocht mhor ag Putin. Ní gá cómhcheilg nó caimiléireacht a chur ina leith nuair tá tacaíocht chómh mór soiléir sin aige.

  • Eoin Ó Murchú

    Luann Éadóchasach an nuachtán Sasanach, an Guardian. Ceann na feadhna don nualiobrálachas is ea an Guardian, mar a léirítearsan alt seo on Morning Star https://mronline.org/2018/08/06/social-imperialism-in-the-21st-century/
    B’fhéidir go mb’fhiú do Éadóchasach labhairt le gnáthRúisigh in ionad a bheith ag brath ar nuachtán frithbheartach ó Shasana.

  • Éadóchasach

    Ceistín beag, a Eoin: Arbh fhiú dom labhairt leis na ‘gnáth-Rúisigh’ go léir, na ‘gnáth-Rúisigh’ atá aerach, na ‘gnáth-Rúisigh’ atá i gcoinne Phutin, agus na ‘gnáth-Rúisigh’ ná fuil sásta le staid reatha a dtíre ina measc? Nó nár chóir dom labhairt ach amháin leis an gcuid seo desna ‘gnáth-Rúisigh’ gur mhaith leo Putin?

    Déarfainnse go bhfuil níos mó ná dearcadh amháin agesna ‘gnáth-Rúisigh’, má thuigeann tú leat mé…