Cruthúnas ag teastáil go bhfuil foireann Stephen Kenny ag dul sa treo ceart

Bhí mí-ádh ar an mbainisteoir go dtí seo agus imreoirí ar iarraidh ach tá feabhas ag teastáil agus comórtas cáilithe Chorn an Domhain 2022 ag tosú anocht

Cruthúnas ag teastáil go bhfuil foireann Stephen Kenny ag dul sa treo ceart

An tSeirbia v Éire – Béalgrád, 7.45pm (Beo ar RTÉ agus Sky Sports)

Beidh foireann sacair na hÉireann ag súil le tús maith a chur lena n-iarracht áit a bhaint amach ag Corn an Domhain den chéad uair le scór bliain anuas nuair a chuirfidh siad tús leis an gcomórtas cáilithe do Chatar 2022 i gcluiche in aghaidh na Seirbia anocht.

Is beag dóchas atá ag daoine as foireann na hÉireann le tamall anuas. Bhí súil ann go gcuirfeadh Stephen Kenny tús le ré nua nuair a ceapadh é anuraidh ach bhí mí-ádh ag rith lena fhoireann go dtí seo.

Idir ghortuithe agus Covid-19, ní raibh an bainisteoir in ann an fhoireann ab fhearr a chur chun páirce go fóill agus tá scata imreoirí mór le rá in easnamh arís air do chluichí na seachtaine seo. Tá Darren Randolph agus an dara rogha mar chúl báire, Caoimhín Kelleher, ar iarraidh, mar atá John Egan an cosantóir is fearr atá againn. Bhí Conor Hourihane ar dhuine den bheagán a bhí ag imirt go maith lena chumann le tamall ach faraor, fógraíodh ag an deireadh seachtaine nach mbeadh fear Swansea City ar fáil ach an oiread.

Ina ainneoin sin, beidh daoine fós ag súil le feabhas ar an méid atá feicthe againn go dtí seo. Tá ocht gcluiche imeartha ó tháinig Kenny isteach agus níl ceann ar bith buaite againn. Mar bharr ar an donas, níl aon chúl scóráilte ag an bhfoireann le seacht gcluiche.

Stíl imeartha níos oscailte atá uaidh a deir an bainisteoir seo ó thosaigh sé, stíl a d’fhágfadh formhór na seilbhe ag Éire, ach meas tú nárbh fhearr stíl níos coimeádaí a thriail go dtí go gcuirfear rudaí ina gceart.

Seachas a rá go mbeidh Mark Travers ag imirt sa chúl, níl leid ar bith tugtha ag Kenny i dtaobh leagan amach na foirne. Ní fios fós an gcloífidh sé le ceathrar cosantóirí ná le Shane Duffy, fear a bhí go hainnis do Celtic go dtí seo i mbliana, nó an dtabharfaidh sé cosantóir breise isteach.

Ní hamhlaidh go bhfuil gach rud togha i gcampa na Seirbia ach an oiread. Níor ceapadh an bainisteoir, Dragan Stojkovic, go dtí trí seachtaine ó shin ach tá imreoirí i bhfad níos cumasaí acu ná mar atá ag Éirinn. Tá clú ar fud na hEorpa ar leithéidí Sergej Malinkovic-Savic, Dusan Tadic, Aleksander Mitrovic, Dusan Vlahovic, agus Luka Jovic.

Gach seans go mbeidh Éire agus an tSeirbia san iomaíocht lena chéile don dara háit i nGrúpa A, taobh thiar den Phortaingéil. Ní bréag a rá mar sin gur cluiche thar a bheith tábhachtach an ceann seo sa Bhéalgrád anocht. Toradh iontach a bheadh i gcomhscór 1-1 ach, pé toradh a bheidh ann, ba dheas cruthúnas a fháil go bhfuil foireann Stephen Kenny ag dul sa treo ceart.

Fág freagra ar 'Cruthúnas ag teastáil go bhfuil foireann Stephen Kenny ag dul sa treo ceart'