Cruinniú sa Ghaeltacht a d’fhéadfadh a bheith chomh tábhachtach le bunú Chearta Sibhialta na Gaeltachta

Tá feachtas nua faoi chúrsaí tithíochta – BÁNÚ – bunaithe sa nGaeltacht de thoradh ar alt le bean óg Ghaeltachta a foilsíodh ar an suíomh seo an mhí seo caite

Cruinniú sa Ghaeltacht a d’fhéadfadh a bheith chomh tábhachtach le bunú Chearta Sibhialta na Gaeltachta

Bhí cruinniú ar bun an tseachtain seo ar an gCnoc in Indreabhán a d’fhéadfadh a bheith chomh tábhachtach do thodhchaí na Gaeltachta leis an gcruinniú i Seanscoil Sailearna, mí an Mhárta 1969, ag ar bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Cruinniú faoin ngéarchéim tithíochta a bhí ann, san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, ar chúl Shéipéal an Chnoic. D’eascair an cruinniú as alt a foilsíodh ar Tuairisc an mhí seo caite, alt le hAdhna Ní Bhraonáin, bean óg ó Chois Fharraige a tháinig abhaile tar éis roinnt blianta thar lear. Fuair sí post mar fhisiteiripeoir go háitiúil ach ní fhéadfadh sí áit a fháil le cónaí ann ar cíos agus chaith sí an samhradh ag codladh i gcamper.

Mar a dúirt sí san alt bhí sí ‘ag obair go proifisiúnta in ionad leighis sa lá agus ag codladh i veain ar an tsráid taobh amuigh de theach mo thuismitheoirí san oíche’. Bhí dhá rogha aici, imeacht ar imirce arís nó an fód a sheasamh.

Tar éis foilsiú a hailt chuaigh roinnt daoine dá haoisghrúpa i dteagmháil léi agus scéal den chineál céanna le hinseacht ag go leor acu. Shocraigh Adhna cruinniú poiblí a eagrú le feachtas faoin ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht a chur ar bun.

Thart ar cheithre scór duine a d’fhreastail ar an gcruinniú Dé Domhnaigh seo caite. Breanndán Ó Beaglaoich ó Bhaile na bPoc in Iarthar Duibhneach, a bhí tagtha mar aoi-chainteoir. É féin a rinne teagmháil le Adhna, théis dhó a scéal a léamh ar Tuairisc.

Labhair sé go séimh faoin mbealach a raibh cultúr agus teanga na Gaeltachta á dtachtadh de bharr cúrsaí pleanála, agus faoin scéal nach féidir le cainteoirí Gaeilge ón nGaeltacht fanacht ina ndúthaigh féin.

Bean óg eile, Aoife Ní Chonghaile, ó na Doireadha, a bhí ina cathaoirleach ar an gcruinniú. D’iarr sí ar dhaoine gan dul isteach ina gcuid scéalta pearsanta féin ‘nó beidh muid anseo ar feadh na hoíche’ ach déileáil leis an mórcheist – cén fáth a raibh sé chomh deacair do dhaoine óga áit chónaithe a fháil sa nGaeltacht?

Labhraíodh faoin mbealach a raibh pobail Ghaeltachta dhá mbánú ceal tithíochta, uimhreacha ag titim sna scoileanna, siopaí ag dúnadh agus impleachtaí móra ann d’inmharthanacht na Gaeilge.

Chuir mé féin roinnt ceisteanna. Cén fáth nach raibh na feidhmeanna tithíochta atá ag Roinn na Gaeltachta á n-úsáid le deich mbliana anuas le cúnamh a thabhairt do chainteoirí dúchais Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógáil sa nGaeltacht? Cén fáth nach raibh aon chead ag Údarás na Gaeltachta talamh feiliúnach a chur ar fáil nó a cheannach le haghaidh forbairtí tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht?

Cén fáth a raibh sé ag tógáil chomh fada ar Aire Tithíochta treoirlínte a eisiúint do na húdaráis phleanála maidir le soláthar tithíochta sa nGaeltacht? Agus, ar deireadh, cén fáth go gceapann Comhairle Chontae na Gaillimhe nach bhfuil riachtanais tithíochta ag daoine ón nGaeltacht, atá ag cónaí lena dtuismitheoirí agus iad i lár na bhfichidí?

Nuair a bhí Plean Forbartha nua á ullmhú an bhliain seo caite ag Comhairle Chontae na Gaillimhe chuir Cumann Forbartha Chois Fharraige roinnt moltaí ar aghaidh a d’fhéadfadh an próiseas pleanála a fheabhsú, le nach mbeadh an oiread bacanna roimh dhaoine ón nGaeltacht cead a fháil le teach a thógáil ina gceantar dúchais.

Níor tugadh aird ar bith ar na moltaí. Faraor ní raibh aon duine de na comhairleoirí contae áitiúla i láthair ar an gcruinniú ar an Domhnach, le go gcloisfidís an frustrachas atá ar dhaoine leis an gcóras pleanála, as a bhfuil siad freagrach, a bheag nó a mhór.

Údarás na Gaeltachta

Tá Údarás na Gaeltachta ceaptha a bheith ann go príomha le fostaíocht a chruthú do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht, le go mbeidh an dream óg a bhfuil Gaeilge acu in ann maireachtáil sa nGaeltacht. I gcás Chois Fharraige, tá na postanna ann, postanna maithe sa mbaile ag daoine as an nGaeltacht.

Ach cén mhaith é sin murar féidir leo áit chónaithe fheiliúnach a aimsiú ina gceantair dhúchais féin? Nach breá é gur féidir a rá go bhfuil cuid mhaith d’aos óg na Gaeltachta ag iarraidh filleadh ar an nGaeltacht agus socrú síos ann?

Más í bunaidhm an Údaráis go mbeadh postanna á gcur ar fáil le gur féidir le cainteoirí Gaeilge cur fúthu sa nGaeltacht agus na pobail as ar fáisceadh iad a neartú, tá an chuma ar an scéal nach é sin ach a mhalairt an aidhm a bhíonn ag an gComhairle Contae go minic.

Is fearr leis an Oifig Pleanála bacanna a chur sa mbealach ar dhaoine a bhíonn ag iarraidh socrú síos sa nGaeltacht, a dteach féin a bheith acu agus clann a thógáil i measc a muintire féin.

Réiteach na faidhbe cumhachtaí tithíochta agus an maoiniú riachtanach a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta le cur ar chumas an Údaráis talamh feiliúnach a cheannacht, cead pleanála imlíneach a fháil, seirbhísí a chur ar fáil – bóithre, uisce, leictreachais, leathanbhanda agus séarachas – agus ansin na suíomhanna a dhíol ar aghaidh faoi choinníollacha ar phraghas réasúnach le cainteoirí Gaeilge ón nGaeltacht.

BÁNÚ

Tá an feachtas BÁNÚ bunaithe anois i nGaeltacht Chonamara. Tá coiste curtha le chéile. Daoine óga is mó atá ar an gcoiste chomh maith le corrsheanóir cosúil liom féin. Beidh a dhóthain le déanamh ag an gcoiste dul ag stocaireacht ar na polaiteoirí agus ar na húdaráis éagsúla – Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an Roinn Tithíochta – le féachaint chuige go ndéanfar fadhb na tithíochta a réiteach sa nGaeltacht, sula mbeidh sé ródheireanach. An dá namhaid is mó atá againn ná an clog, atá ag ticeáil leis, agus neamhaird na n-údarás ar an bhfadhb.

Mar a dúirt Breanndán Ó Beaglaoich ag an gcruinniú ar an Domhnach, is seoid í Gaeilge na Gaeltachta ar an gcaoi chéanna le Leabhar Cheanannais nó Brú na Bóinne agus níor mhór do na húdaráis a thuiscint go bhfuil an tseoid luachmhar i mbaol mar go bhfuil an Ghaeltacht á tachtadh faoi láthair ag an gcóras pleanála.

San alt le Adhna Ní Bhraonáin a foilsíodh ar an suíomh seo Deireadh Fómhair seo caite, dúirt sí gur chreid sí go mba cheart gluaiseacht a bhunú agus an fód a sheasamh.

Tá an ghluaiseacht bunaithe anois aici agus réidh le feachtas a throid le cearta tithíochta a fháil do ghlúin óg na Gaeltachta, áit chónaithe a fháil agus cead maireachtála ina gceantar dúchais féin.

Fág freagra ar 'Cruinniú sa Ghaeltacht a d’fhéadfadh a bheith chomh tábhachtach le bunú Chearta Sibhialta na Gaeltachta'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Faraor, is fadhb í seo atá ró-choitianta… ach sárscríbhneoireacht! Mo cheol ag an nGael gaiscíoch dar scríobh. Táimid 7 eolas againn abhus ar “bánú”.

  • Darren

    A mhalairt faidhbe atá ann i nGaeltachtaí Mhaigh Eo thuaidh, níl aon infheistíocht agus fostaíocht ann fiú trácht orthu chun daoine a choinneáil ann agus a laghad suime ag na húdaráis má fhaigheann canúintí deireanacha Tuaisceart Chonnacht bás nó nach bhfaigheann is cosúil. Neart áit agus tithe ach ní labhróidh na géabha fiána i bPort a’Chlóidh an teangaidh

  • jpmorley0@gmail.com

    Darren:
    Fostaíocht: roinnt samplaí…
    1. Cáis ón mbuabhall, ráchairt mhór ar an earra seo anois in iarthar Chorcaí. Tús mall áfach…de bharr na paindéime.
    2. FOLLÁIN: Bia scamhardach tí a bhfuil fás as cuimse tagtha air ó bunaíodh é na blianta siar. Baile Bhuirne, iarthar Chorcaí. Conradh acu le Aldi/Lidl.
    3. Inis Meáin: Éadaí, geansaithe srl cniotálta ‘dúchasacha’ á reic anois ar fud an domhain.
    4. Europus, Conamara.
    5. Feamainn: Dúil mhillteach san earra seo mar bhia sa tSeapáin srl. Níltear ag baint aon earraíocht puinn aisti fós sa tír seo.
    6. Oibriú ón mbaile mar aistritheoir srl. Ráta maith le fáil ón AE ach dul i dteagmháil leo.
    7. Iascach.
    8. Poitín! (Téigh i dteagmháil liom.)
    * Ná bí ag brath ar dhaoine eile. Ní mór duit seasamh i mbun do dhá chois féin agus dul sa bhfiontar…gnó a thosnú.

  • Pádraig

    Is maith an rud go bhfuil a leithéid de seo ag tarlú, daoine ag teacht le chéile chun troid do na Gaeltachtaí. Ach ní luaitear fadbh ollmhór san alt seo – Air BnB.

    Féach ar suíomh AirBnB anois agus tá thart ar míle títhe le fáil. Téigh go Daft.ie agus níl ach haon deág títhe le fáil ar cíos agus is é an scéal céanna i ngach aon Gaeltacht. Cé leis na títhe seo ar Air BnB? Cén fáth nach ndíolann siad na títhe seo do dhaoine le Gaeilge a bhfuil ag iarraidh bheith ina gcónaí i nGaeltacht? Tá Air BnB ag marú na Gaeltachta freisin, chomh maith leis in rialtas. Mura bhfuil an t-airgead agat chun teach a thógáil nó cheannach is cuma faoi ceadúnas pleanála – beidh ort teach a fháil ar cíos. Ach mar gheall ar Air BnB is beag nach bhfuil teach ar bith le fáil ar cíos sna Gaeltachta.