Cruinniú pobail le bheith ann faoi mhuileann gaoithe nua i gConamara

De réir Natural Forces Renewable, bheadh an mhuileann gaoithe nua 125m ar airde, 25 méadar níos airde ná na cinn atá ann faoi láthair

Cruinniú pobail le bheith ann faoi mhuileann gaoithe nua i gConamara

Déanfar plé faoi mhuileann gaoithe nua atá le cur in airde i gConamara ag seisiún eolais anocht.

Tá iarratas pleanála déanta ag an gcomhlacht Natural Forces Renewable chun muileann gaoithe a chur in airde ar an mBóthar Buí in Indreabhán i nGaeltacht na Gaillimhe.

Tá sé i gceist an muileann gaoithe nua a chur ó thuaidh de na cúig mhuileann atá ar an mbóthar cheana féin.

De réir Natural Forces Renewable, bheadh an muileann gaoithe nua 125m ar airde, 25 méadar níos airde ná na cinn atá ansin faoi láthair. Meastar go mbeadh an tuirbín nua in ann níos mó leictreachais a ghiniúint ná na cúig thuirbín atá ann faoi láthair eatarthu.

Deir an comhlacht nach mbeadh teach ar bith níos gaire ná 500m don mhuileann gaoithe nua.

Deirtear freisin go bhfuil sé i gceist ag an gcomhlacht conradh 15 bliain a fháil ón Rialtas chun an tuirbín a rith. Deir Natural Forces Renewable go gcuirfear ciste sochair pobail arbh fhiú suas le €22,000 sa bhliain é ar fáil fad is atá an togra i bhfeidhm.

Tá sé i gceist ag Cumann Forbartha Chois Fharraige seisiún eolais a reáchtáil anocht, Dé hAoine, chun an togra a phlé.

Ag an seisiún míneoidh ionadaithe ón gcomhlacht an scéim atá beartaithe agus cén chaoi ar féidir leis an bpobal a bheith páirteach inti.

Mar chuid den seisiún eolais tabharfar deis do dhaoine ceisteanna a chur agus freagraí a fháil.

Le páirt a ghlacadh sa seisiún eolais ní mhór ríomhphost a chur chuig cumannforbartha@gmail.com agus seolfar an nasc zúm ar ais le fáil isteach ar an gcruinniú.

Fág freagra ar 'Cruinniú pobail le bheith ann faoi mhuileann gaoithe nua i gConamara'