Cruachás Liz Truss agus polaiteoirí stuama na hÉireann

Caitheann ár gcolúnaí súil ar chúrsaí polaitíochta i dTeach Laighean an tseachtain seo

Cruachás Liz Truss agus polaiteoirí stuama na hÉireann

Ceist dháiríre i measc na dtuairisceoirí polaitíochta ar maidin inniu – an mbeidh tú ag breathnú ar Díospóireacht na gCeannairí i dTeach Laighean nó ar Prime Minister’s Questions i dTeach na dTeachtaí in Westminster?

Bímis macánta, bhí spraoi ag baint le polaitíocht na Breataine le cúpla seachtain anuas. Fógraíodh mion-cháinaisnéis radacach, inar beartaíodh go bhfaigheadh an Bhreatain airgead ar iasacht chun íoc as caiteachas nua. Chuaigh na margaí ar mire, thit an tóin as an ngeilleagar agus bhí cúrsaí polaitíochta ina gcíor thuathail.

Tugadh an bóthar do Kwasi Kwarteng, an t-iar-Rúnaí Airgeadais, agus tháinig Jeremy Hunt chun an rialtas a tharrtháil. Tá smacht caillte go hiomlán ag Liz Truss, agus ní thaitníonn aon cheo níos mó leis na Tóraithe ná feall a dhéanamh ar a chéile.  Tosaíonn na ráflaí agus an chúlchaint. Téann daoine in adharca a chéile. Déantar cairde a thréigean. Drámaíocht den chéad scoth.

Ag féachaint ar an méid a thit amach le seachtain anuas sa mBreatain, cheapfá gur stuama agus gur ciallmhaire na polaiteoirí sa tír seo. D’iarr mé ar an Aire Airgeadais Paschal Donohue a thuairim faoi pholaitíocht na Breataine a thabhairt ag tús na seachtaine seo.

“An raibh sé i gceist aige cruinniú a eagrú le Jeremy Hunt, nó an bhfanfaidh sé cúpla seachtain eile go dtí go gceapfar Rúnaí Airgeadais nua ar an mBreatain?”

Fear stuama aibí is ea an tAire Airgeadais, agus ní dhearna sé aon gháire faoi mo cheist, murab ionann agus polaiteoirí eile a bhí ag an bpreasócáid. “Léiríonn an méid atá tarlaithe sa mBreatain le cúpla seachtain anuas go gcaithfidh muinín a bheith ag na margaí as polasaithe airgeadais na tíre,” ar sé.

Dúirt sé go raibh súil aige go n-éireodh leis an mBreatain smacht a fháil ar an ngeilleagar. D’admhaigh sé nach gcabhraíonn an easpa seasmhachta le cúrsaí eacnamaíochta in Éirinn ach oiread. Labhair an tAire go dáiríre faoi chruachás na Breataine, ach mhothaigh mé féin go raibh cuid den ‘nár dhúirt mé leat é?’ ag baint lena ráiteas.

Faoi dheireadh thiar thall, léiríodh go mba cheart airgead a chur i dtaisce agus gan airgead a chaitheamh mura bhfuil sé agat. Sin an teachtaireacht atá ag Donohue le fada an lá, cé gur minic a chuireann lucht an fhreasúra brú air tuilleadh airgid a chaitheamh chun teacht i gcabhair ar dhaoine.

Chruthaigh an méid a tharla sa mBreatain, nuair a tugadh polasaithe isteach beag beann ar an ngeilleagar nó ar an margadh, go raibh an ceart aige. Ní chuirfeadh sé iontas orm dá mbeadh ceiliúradh ciúin sa Roinn Airgeadais an tseachtain seo. Tráth a bhfuil maoiniú breise don ghéarchéim fuinnimh á fhógairt ag an rialtas i mBaile Átha Cliath, tá an Bhreatain ag dul siar ar bheagnach gach polasaí a fógraíodh sa mhion-cháinaisnéis mhíchlúiteach sin.

Ciúnas Shinn Féin agus an folús á líonadh

Rinne mé trácht an tseachtain seo caite ar chiúnas Shinn Féin le cúpla seachtain anuas.

Mheas tráchtairí áirithe go raibh drogall ar an bpáirtí labhairt go poiblí fad is a bhí an oiread sin cainte ar leabhar Shane Ross faoi Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald, agus ar na líomhaintí ata curtha ina leith go mbaineann siad úsáid as cásanna clúmhillte chun lucht a gcáinte a chiúnú. Sin gan trácht ar an gcaint faoi chás an iarchomhairleora Jonathan Dowdall, ar gearradh téarma príosúin ceithre bliana air le gairid as an mbaint a bhí aige le dúnmharú sa mbliain 2016.

Shéan Eoin Ó Broin, urlabhraí tithíochta Shinn Féin, an chaint seo ar fad faoi chiúnas Shinn Féin nuair a labhair sé linn os comhair na Dála an tseachtain seo. Ach bhí sé suntasach gur ar na hábhair sin, seachas ar chúrsaí tithíochta, a bhí na meáin dírithe. Ghlac an rialtas le moladh ó Shinn Féin cosc sealadach a chur ar thionóntaí a díshealbhú i ndiaidh don rialtas míonna a chaitheamh ag maíomh nach ndéanfadh siad a leithéid. Ach níor chuir na meáin spéis sa mbua sin. B’fhéidir go bhfuil ceacht le foghlaim ag Sinn Féin, sin go líontar folús nuair a bhíonn sé ann. B’fhéidir go mbeidh siad níos oscailte roimh cheisteanna ó na meáin amach anseo.

Fág freagra ar 'Cruachás Liz Truss agus polaiteoirí stuama na hÉireann'