Croí na neodrachta ná an Glas Triarach

Ó thaobh na neodrachta de, níl aon bhrí leis an bhfocal mura gciallaíonn sé nach dtaobhaíonn sinn le taobh amháin nó le taobh eile

Croí na neodrachta ná an Glas Triarach

Dame Commander Louise Richardson. Pictiúr: RollingNews.ie

Agus deireadh ag teacht leis an mbrúisc i dtaobh an Fhóraim Chomhairligh um Neodracht, tá aird an phobail ag aistriú ó phrionsabal na neodrachta go dtí an Glas Triarach.

Sea, tá sé á fhógairt ag cathaoirleach an Fhóraim, an Dame Commander Louise Richardson, go bhfuil tuiscint ghinearálta ann go bhfuil an Glas Triarach mar atá sé easnamhach. Ní raibh aon amhras ann roimh ré faoin gcineál tuarascála a scríobhfaidh sí, is níl aon amhras anois.

Faoin nGlas Triarach ní féidir saighdiúirí na hÉireann (nó os cionn 12 díobh) a chur ar dualgas thar sáile gan cinneadh rialtais, toiliú na Dála agus sainordú ó na Náisiúin Aontaithe.

Dar leis an Tánaiste Micheál Martin, ámh, tugann an Glas Triarach focal crosta ar pholasaí eachtrannach na tíre seo don Rúis is don tSín, agus da bharr sin gur chóir dúinn fáil réidh leis an riachtanas go mbeadh sainordú ó na Náisiúin Aontaithe ag teastáil.

I bhfianaise chogadh na hÚcráine, níl mórán cairde ag an Rúis in Éirinn, ach cibé dearcadh atá ag duine faoin gcogadh sin ní féidir aon sampla a thabhairt d’fhocal crosta ag an Rúis ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe  a chuir bac ar rannpháirtíocht na hÉireann in oibríochtaí daonnúla nó síochána.

I gcás na Síne, i 1999, chuir an tír sin crosadh ar athnuachan a dhéanamh ar shainordú na Náisiún Aontaithe sa Mhacadóin, ach níl sampla ar bith eile ann.

Céard í an fhadhb mar sin? Nó an bhfuil fadhb ann? Nó an dteastaíonn ó Mhicheál Martin leithscéal a aimsiú le rannpháirtíocht níos dlúithe a bheith againn in oibríochtaí míleata de chuid an Aontais Eorpaigh?

Is fiú cuimhneamh gur fógraíodh an Glas Triarach le hamhras an phobail i dtaobh Chonradh Nice a mhaolú in 2001. D’éirigh leis an rialtas ansin sa dara reifreann an bua a fháil mar gheall ar an nGlas Triarach seo.

In 2001, bhí díospóireacht bhríomhar ann faoin mbaol – mar a chonacthas go forleathan é – go mbeadh muid gafa in Arm Eorpach. Tá caint ann i gcónaí faoin arm céanna, ach feictear gur bac roimh rannpháirtíocht na hÉireann a mhéadú ina leithéid d’arm é an Glas Triarach.

Ach, mar a mhínigh an t-urlabhraí de chuid Shinn Féin, Matt Carthy, is é sainordú na Náisiún Aontaithe a thugann bunús morálta d’aon oibríochtaí a mbíonn an tír seo gafa leo thar lear.

Déantar cáineadh ar na Náisiúin Aontaithe mar gheall ar an socrú sin, ach níl na Náisiúin Aontaithe ann le polasaithe is dearcadh an Iarthair a chur chun tosaigh, nó, go deimhin, le cur i gcoinne dhearcadh an Iarthair.

Tá sé ann ar mhaithe le huirlis taidhleoireachta a chinntiú do na fórsaí is cumhachtaí sa domhan, agus má aontaíonn na tíortha móra go léir faoi scéal tá siad in ann dul ar aghaidh le chéile.

Ar ndóigh – agus is léiriú ar na héagsúlachtaí leasa sa domhan é – bíonn coimhlint taidhleoireachta ar siúl i gcónaí idir an tIarthar agus an Rúis is an tSín. Ach mura dtabharfadh na Náisiúin Aontaithe cead cainte cothrom faoi gach cinneadh do gach aon tír mhór ní bheadh an eagraíocht ann.

Arbh fhearrde an domhan na Náisiúin Aontaithe a bheith imithe? Ní dóigh liom é, mar tá sé tábhachtach deiseanna cainte a sholáthar i gcónaí. Cinnte, ní éiríonn leis an Iarthar gach a bhfuil uathu a bhaint amach faoin gcóras mar atá, ach ní éiríonn sin leis an Rúis nó leis an tSín ach an oiread.

Is é sin le rá, ní uirlis don Iarthar na Náisiúin Aontaithe ach don domhan ar fad, ach ar ndóigh, ní sheasann móramh thíortha an domhain leis an Iarthar a thuilleadh sa lá inniu.

Ó thaobh na neodrachta de, níl aon bhrí leis an bhfocal mura gciallaíonn sé nach dtaobhaíonn sinn le taobh amháin nó le taobh eile ar an stáitse idirnáisiúnta, agus sin é an fáth gurb é an Glas Triarach a thugann brí don neodracht.

Tá’s againn céard a déarfaidh an Dame Commander faoi seo, agus is cóir dúinn a bheith ar an airdeall faoi. Léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil móramh suntasach ann i bhfabhar na neodrachta, ach is léir, ceapaim, go bhfuil an rialtas ag géilleadh an fhóid maidir leis an bhfocal neodracht ach go bhfuil siad ag an am céanna ag iarraidh fíor-neodracht a lagú trí ionsaí a déanamh ar an nGlas Triarach.

Deir Sinn Féin go bhfuil sé i gceist acu tiomantas don neodracht a scríobh isteach sa mBunreacht. Cheana féin tá alt 29 ann a dhearbhaíonn go mbíonn an tír seo ag iarraidh bealaí síochánta a aimsiú le coimhlintí a réiteach. Beidh sé tábhachtach tógáil air sin agus neodracht a mhíniú i gcomhthéacs an tiomantais do na Náisiúin Aontaithe.

Fág freagra ar 'Croí na neodrachta ná an Glas Triarach'