‘Crocs’ deich n-orlaí níos airde agus deich n-uaire níos measa

Tá an-amhras ar ár gcomhfhreagraí faoin dearadh nua ar phaitíní ‘crocs’ atá seolta agus bonn ard fúthu

‘Crocs’ deich n-orlaí níos airde agus deich n-uaire níos measa

Rinneadh cleamhnas le gairid idir dhá chineál bróg nach maith liom – ‘crocs’ agus bróga bonnarda – agus cé go bhfuil roinnt scríbhneoirí ar chúrsaí faisin an-tógtha leis an bpósadh seo, tá mise ina measc sin atá go mór in amhras fúthu.

An comhlacht mór le rá faisin, Balenciaga, is cúis leis na paitíní cáiliúla ‘crocs’ atá déanta as cúr-rubar a bheith deich n-orlaí ar airde.

Go deimhin, measaim go bhfuil siad deich n-uaire níos measa!

Ach tá pobal mór ann go dtaithníonn crocs leo – tá Helen Mirren agus Whoopi Goldberg orthu siúd gur breá leo iad. Is dóigh go gcaithfeadh sé tarlú luath nó mall go gcuirfeadh duine éigin bonn ard faoi na paitíní mar gur iomaí iarracht eile atá déanta aird a tharraingt orthu mar earra faisin.

Ní fada ó shin a chuir an dearthóir Christopher Kane ón mBreatain réinchlocha agus maisiúcháin eile ar ‘crocs’ ag taispeántas le linn Seachtain Faisin Londain. “They have a very naïve and childlike shape, which I especially like when they look extra clunky on the foot,” a dúirt Kane in agallamh amháin.

Paitíní do bhádóirí a bhí sna ‘crocs’ ar dtús in Florida Mheiriceá sa bhliain 2002 agus meastar gur díoladh 300 milliún péire acu ó shin. Is cosúil nach raibh sé i gceist acu riamh gur bróg ‘álainn’ a bheadh inti mar ba é an compord tús agus deireadh an scéil acu. Is minic an-tóir a bheith ag daoine a bhíonn ar a gcosa ar feadh an lae ar na crocs seo, leithéidí altraí agus cócairí.

Ach ní hé gach duine atá tógtha leis an bpósadh idir ‘crocs’ agus bróga bonnarda. Dúirt colúnaí amháin sa Brisbane Times go raibh siad ar “the ugliest shoes of all time” agus mhol tuairisceoir eile sa Bhreatain, “Stop trying to make Crocs happen”.

Ní chuirfidh sin mórán imní ar lucht déanta ‘crocs’ – bhí díolaíocht os cionn €1 billiún acu gach bliain le sé bliana anuas agus 500 siopa acu ar fud an domhain.

Tá mana nua ag an gcomhlacht i mbliana ‘Come As You Are’  a chuireann béim ar na paitíní cúr-rubair mar rogha neamhfhoirmeálta an phobail. 

Fág freagra ar '‘Crocs’ deich n-orlaí níos airde agus deich n-uaire níos measa'

  • Hiy

    Caitheann mo bhearbóir crocs.

  • Hiy

    Cad é éirí in airde! Ní fada go mbeidh lucht a gcaite ina gcrocs chó maith.

  • Emer NI Ronáin

    Cad é mar eirí?? Tá géarghá agam le crocs mar seo ach thitfinn san iomar domhin, dá gcaithfinn iad.