‘Creidim go bhfuil rudaí móra i ndán dó’ – fear óg Gaeltachta ar tí a chéad chluiche a imirt do Chúige Chonnacht

Tá Eoin de Buitléar, arb as an gCeathrú Rua dó, ainmnithe i measc na n-ionadaithe ar fhoireann Chonnacht a thabharfaidh aghaidh ar Zebre san Iodáil amárach

‘Creidim go bhfuil rudaí móra i ndán dó’ – fear óg Gaeltachta ar tí a chéad chluiche a imirt do Chúige Chonnacht

Táthar ag súil go n-imreoidh imreoir óg rugbaí a chéad chluiche d’fhoireann shinsir Chonnacht an deireadh seachtaine seo.

Tá Eoin de Buitléar, arb as an gCeathrú Rua dó, ainmnithe i measc na n-ionadaithe ar fhoireann Chonnacht a thabharfaidh aghaidh ar Zebre san Iodáil amárach (3.05in) san United Rugby Championship. Is é seo an chéad uair ag an húicéir a bheith ina chuid d’fhoireann shinsir an chúige.

Bhí Stiúrthóir Rugbaí Chonnacht, Andy Friend, an-mholtach faoi de Buitléar agus an t-ógánach ainmnithe i measc na n-ionadaithe do chluiche an lae amárach.

“Imreoir óg Éireannach iontach é a bhfuil dúil ar leith aige san obair. Creidim go hiomlán go bhfuil rudaí móra i ndán dó ag an gcumann seo,” a dúirt Friend.

Shínigh de Buitléar, 21, a chéad chonradh gairmiúil le Cúige Chonnacht an mhí seo caite tar éis dó cúpla bliain a chaitheamh le hacadamh an chúige.

Bhí sé mar chaptaen ar fhoireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin a bhuaigh Craobh Chonnacht in 2019 agus bhí d’imir sé d’Éirinn i gCraobh Faoi 20 na Sé Náisiún in 2021.

Chaith deartháir Eoin, Colm, trí bliana ag imirt d’fhoireann shinsir Chonnacht idir 2018-21. Ba é Colm an chéad imreoir ó chumann rugbaí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua a bhain áit amach in acadamh Chonnacht.

Fág freagra ar '‘Creidim go bhfuil rudaí móra i ndán dó’ – fear óg Gaeltachta ar tí a chéad chluiche a imirt do Chúige Chonnacht'