Creideann siad go bhfuil siadsan níos fearr ná muid, níos ciallmhaire agus níos stuama…

Cén fhianaise atá acu siúd atá ag brú na n-arduithe ar bhudéal fíona nó an cháin charbóin go n-oibreoidh na harduithe sin?

Creideann siad go bhfuil siadsan níos fearr ná muid, níos ciallmhaire agus níos stuama…

Ón gcéad seachtain den bhliain seo chuaigh praghas fíona is deochanna meisciúla eile in airde faoin íosphraghsáil aonaid atá fógartha ag an rialtas.  Níl cead anois, mar shampla, buidéal fíona a dhíol ar phraghas níos ísle ná €7.40, fiú más plonc é a chosain ceithre nó cúig euro anuraidh.

Mar an gcéanna maidir le cannaí beorach nach féidir a dhíol ar phraghas níos ísle ná €1.70.

Sa gcáinaisnéis freisin fógraíodh ardú ar cháin charbóin – cinneadh atá ag cur go mór le costais earraí a sholáthar mar a léirigh agóidí lucht leoraithe roimh an Nollaig.

Sa chéad chás mhaígh lucht molta na n-arduithe seo go mbeadh laghdú ar fhadhbanna ólacháin agus sa dara cás dúradh go laghadófaí ar an dochar don aeráid mar thoradh ar na bearta seo.

Ach cén fhianaise atá acu siúd atá ag brú na n-arduithe seo orainn?

Deir siad go lom go bhfuil fianaise dhosheachanta taobh thiar dá gcinntí, ach ní luann siad cá háit is féidir teacht ar an bhfianaise seo.  Agus ní thugann siad aon fhreagra nuair a cheistítear iad faoi na torthaí eile a d’fhéadfadh a bheith ar na cinntí seo.

Tosaímis leis an bhfíon.

Tá a fhios againn go bhfuil daoine sa tír a bhfuil fadhbanna sláinte, fisiciúla is meabhrach acu mar gheall ar alcól. Ach má tá fadhb go fírinneach ag duine, an gceapfá go gcuirfidís bia nó lóistín roimh alcól i ndáiríre?

Ar an taobh eile, tá daoine ann, pinsinéirí mar shampla, ar mhaith leo buidéal fíona a bheith acu le dinnéar an Domhnaigh. Seans maith nach bhfuil an oiread sin airgid acu, is go mbeidh orthusan gearradh siar ar an nós seo mar gheall ar an ardú.

Ní chuirfidh an praghas nua isteach ar dhaoine a bhfuil fadhb acu (más láidre an fhadhb ná an chiall) ach cuirfidh sé isteach ar dhaoine nach bhfuil mórán airgid acu.

Ni hamháin sin, ach ní rachaidh an t-airgead breise isteach i gciste a chuireann seirbhísí leighis is eile ar fáil dóibh siúd a bhfuil fadhbanna alcóil acu.  Rachaidh sé isteach i bpócaí na ndaoine ar leo na siopaí is na hollmhargaí.

Íocfaidh pinsinéirí is daoine eile ar bheagán airgid níos mó ar mhaithe le tuilleadh brabúis a bheith ag úinéirí siopaí.

Mar an gcéanna leis an ardú ar cháin charbóin.  Tá sé seo pléite cheana, ach má tá ort carr a úsáid ar mhaithe le dul ag obair (mar atá faoin tuath nuair nach bhfuil aon rogha taistil eile ann) beidh ort leanacht ort ag taisteal chun na hoibre.  Ní bheidh laghdú ar bith ar an gcarbón a úsáidfidh tú, ach beidh níos lú airgid i do phóca.

Ach is cuma leis an dream ceartaiseach atá i gceannas faoi na rudaí seo.  Tá siad i gcumhacht, is caithfidh muid an saol a réiteach mar a oireann dóibhsean.

Ba chuma ar bhealach dá mba rud é go raibh an ceart acu, ach ní leor fógra ó na harda chun é sin a chruthú.

Tá moladh agamsa.  Cé mhéad deochanna meisciúla in aghaidh na bliana a cheannaíonn daoine ag a bhfuil fadhb alcóil? (Caithfidh go bhfuil a fhios sin ag na daoine oilte atá i gceannas).  Ansin má dhéanann muid comparáid tar éis bliana féachaint an ndeachaigh an méid alcóil a cheannaíónn an dream seo suas ná síos, beidh fianaise againn.

Maidir le carbón, an mó carbóin a bhíonn i gceist faoi láthair le daoine a bhíonn ag taisteal chun na hoibre nó ag coinneáil teas ina gcuid tithe agus cé mhéid a bheidh i gceist tar éis bliana. Léireoidh an chomparáid tar éis bliana dúinn an cabhair an t-ardú seo nó nach ea.

Ar ábhar eile, deirtear go mbíonn níos mó carranna ar na bóithre nuair a thógtar bóthar nua.  Bhuel, is fiú fáil amach cé mhéad carr a théann isteach go Gaillimh faoi láthair in aghaidh na bliana, agus ansin, nuair a thógtar an seachbhóthar nua, féachaimis an bhfuil níos mó nó níos lú ag dul isteach go Gaillimh.

An pointe? Bheadh fianaise fhírinneach ann sna cásanna seo go léir ach comparáid a dhéanamh.

Ach ní dóigh liom go dteastaíonn a leithéid ó lucht molta na mbeart nua seo.  Creideann siad go docht go bhfuil siad níos fearr ó thaobh na moráltachta ná an chuid eile againn.  Creideann siad nach féidir le daoine beart a dhéanamh ar mhaithe leis an aeráid ach amháin má chuirtear brú eacnamaíochta orthu.

Creideann siad go bhfuil siadsan níos fearr ná muid, níos ciallmhaire agus níos stuama.

Agus sin é an t-aon fhianaise atá uathu.

Fág freagra ar 'Creideann siad go bhfuil siadsan níos fearr ná muid, níos ciallmhaire agus níos stuama…'

  • Concubhar

    In áit cogadh aicmí a dhéanamh de seo, d’fhéadfadh Eoin a shúile a oscailt agus a thuiscint gur comhairle leighis phoiblí atá á leanúint ag an Rialtas sa chás seo agus go bhfuil an beart seo i bhfad ag teacht. Ceaptar go sábháilfear 200 beatha sa bhliain agus breis is 6,000 iontráil don osbidéal. Sílim gur toradh arbh fhiú an beart seo é sin. Ní fhaca mise riamh buidéal fíona ar níos lú ná €7 pé scéal é, cé acu plonc nó an fíon ab fhearr a raibh ann. Ní doigh liom go bhfuil éinne ar chúl an chinneadh seo a chreideann go bhfuil siad ‘níos fearr’ ná daoine eile – ach glacaim leis go bhfuil níos mó taighde déanta acu ar an ábhar ná mar atá ag mo leithéidse.

  • Pól Ó Braoin

    Is pinsinéir mé agus bhíodh an t-am agus an dóchas agam suim a chur i gcur chun cinn na Gaeilge agus i rudaí den tsórt sin suas go dtí seo ach caithfidh mé díriú anois ar chúrsaí teasa tí agus ar chúrsaí airgid na seachtaine a riaradh… rudaí a fhágfas mo bhéal dúnta faoi na hábhair nach mbainfeas go díreach le caighdeán laghdaithe mo shaoil ó lá go lá sna laethanta atá romham amach, muis.
    Go raibh maith agat, a Eoin, faoi na rudaí seo a leagan amach chomh healaíonta sin agus atá, ach ní léifidh an dream atá faoi chaibidil agat an t-alt seo, faraor.