Creid uaim é, tá pabhar agus paisean i nGaspal Gaeilge Bob Dylan…

LÉIRMHEAS Buíochas le Dia, le Dylan, le Liam Ó Maonlaí, le Gabriel Rosenstock agus le criú agus ceoltóirí na féile IMRAM, bhí ardoíche ann ag ‘Buail na Cloig - Tionscadal Gaspal Bob Dylan’

Creid uaim é, tá pabhar agus paisean i nGaspal Gaeilge Bob Dylan…

‘Tine is Bromastún’ a gealladh agus sin a fuair an lucht féachana ag ‘Buail na Cloig – Tionscadal Gaspal Bob Dylan’ sa Pavillion i nDún Laoghaire.

Cúig cinn déag d’amhráin dhiaga Dylan a seinneadh ag an ngig – gig a bhí lán de phabhar is de phaisean.

Lena bhuíon cheoil lánoilte léirigh Liam Ó Maonlaí aríst eile don léirmheastóir seo cén fáth gurb é Guth na hÉireann é. Fáisceann sé brí, míniú agus ciall dho-ráite as dólás na siollaí gutha gaoithe is lú agus is leochailí – agus líonann gach gáir is liú uaidh croí an éisteora le lúcháir is le hardú meanman.

Is é Gabriel Rosenstock a chur Gaeilge ar bhraistintí is ar mhothúcháin Dylan agus é ar thóir a shlánaithe. Liricí Dylan ag éamh chughainn ón bhfásach – é caillte ar dtús – é slánaithe – agus ansan é d’iarraidh an soiscéal is an tuiscint a nochtadh dó a chraobhscaoileadh orthu siúd a thabharfadh cluas dó.

Tá a aistear ealaíonta is spioradálta leanúnach fhéin á dhéanamh ag Gabriel ó thosaigh sé ag scríobh. Domhanleithead is domhanfhad an anama á rianadh aige – aistear an duine síoraí sa chruinne. Bíonn siúráil ag baint le scríobh Ghabriel i gcónaí – agus dála Dylan atá ar chamchuairt cheoil gan stad – ní stadann sé ag cur peann le pár – ag scríobh, ag tochailt, ag scríobh is ag tochailt aríst.

Ní haon dóithín é amhrán a aistriú ó theanga amháin go teanga eile. Ní hé amháin gur gá duit réim teanga nó guth an chumadóra a bhreith leat ach is gá don aistriúchán luí isteach leis an gceol agus leis an rithim – go mbeadh sé inchanta. Léiriú iontach de sin is ea curfá an amhráin Precious Angel – ‘shine your light’ agus leagan Gaeilge Ghabriel ‘doirt do léas’.

Tá dúshlán níos mó i gceist nuair atá macallaí an bhunamhráin id’ chluas – ach cé againn nach nglacfadh le ‘Ag cnagadh ar dhoras neimhe atáim’? Thar aon amhrán eile ag an ngig is é a chan an lucht éisteachta amach go hard. Chreid mé. Creidim.

Ón stáitse aréir thug stiúrthóir Imram, Liam Carson, file físe ar Margaret Lonergan. Agus go deimhin dhein a saothar físe maisiú is iomlánú ar ghig na hoíche. Bhain sí leas as an uile shaghas íomhá chun na hamhráin, is mothúcháin na n-amhrán, a léiriú go físiúil – ón bpop-ealaín go Caravaggio. Bhí bóithre fada fuara uaigneacha le feiscint, Trump i gcomhluadar rachmasóirí, traenacha ag taisteal go mall, kitschChríostanna iomadúla chomh maith le híomhánna neamhchoitianta de Dylan féin.

Na híomhánna is mó a chuaigh i bhfeidhm orm féin ná na fir bhréige – póilíní, saighdiúirí is lucht múchta tine faoi éide ach craiceann is corp gach duine acu déanta de thuí. Léiriú ar an amhrán ‘Dul faoi Cheilt, Guí Tríd’ a bhí iontu – amhrán lán func a thug scóip do bhaill an ghrúpa agus do na hamhránaithe tionlacain go háirithe.

Agus chun filleadh ar an gceol bhí lántaitneamh le baint as allagar agus comhrac an dá ghiotár – giotár garbh géar staccato Peter O’Toole agus giotár milis teolaí Bill Shanley. Chuir an comhrá ceoil leanúnach idir an bheirt seo go mór leis an oíche.

Rod McVey a bhí ar an orgán don oíche – é ina threoraí is ina ancaire don bhuíon. Cá mbeadh ceol gaspal gan fuaim aitheanta an orgáin? Ghléas sé ‘Bheith Umhal Do Dhuine Éigin’ agus ‘Creidimse Thú’ leis an bhfuaim sin go snasta.

Máithreacha bhuíon cheoil ar bith den sórt seo ná na drumaí is an dord – agus choimeád drumaí Brian Rice gach éinne le chéile is ar an mbóthar ceart is ghreamaigh dord Al Carver an fhuaim go léir leis an talamh.

Níorbh é Liam Ó Maonlaí amháin a bhí i mbun amhránaíochta – bhí triúr ban, Emma Garnett, Esosa Ighodaro agus Zeenat Sarumi ag cur leis an mothú is leis an vadhb ó thús deireadh mar amhránaithe tionlacain – bhí ‘’Chorpáin ‘Chorpáin’ ar fheabhas mar léiriú air sin.

Tháinig beirt acu amach chun príomhamhránaíocht a dhéanamh ar dhá thraic – ‘Ag An Tobar Casadh Air An Bhean’ agus ‘Cad Ab Áil Leat Díom’ – é déanta le paisean agus pearsantacht acu.

Ón bhfunc a bhí le clos in ‘Instealladh Grá’ agusDul Faoi Cheilt, Guí Tríd’ go loime ‘Buail Na Cloig’ go lúcháir ‘Brú Ar Aghaidh’ an-léiriú a bhí san oíche seo ar cheol diaga Dylan. Ina seasamh a bhí an lucht féachana ag an deireadh, lámha san aer ag gach duine – an súp ólta acu is iad lán de chreideamh an cheoil. Buíochas le Dia.

Fág freagra ar 'Creid uaim é, tá pabhar agus paisean i nGaspal Gaeilge Bob Dylan…'

  • Carraig

    Fíorspéisiúil mar alt. Tromdhámh go de(o)imhin. Lady Gaga an bhliain seo chugainn le bhur dtoil? An ghalmaisíocht, an áibhéil álainn, an féinmhagadh, an liriciúlacht íogair, an ardaigeantacht, an éadromaíocht chaolchúiseach a bhfuil dúshraith dhoimhin fúithi. Bean seoigh thar a bhfeacamar riamh. Bean a chuaigh i measc na ‘maithe’ agus gúna déanta as gríscíní feola (úra) á chaitheamh aici! Ó a Dhia álainn gaga!Cá bhfuil léirmheas an Ghearaltaigh ar ‘A Star is Born’? Dála an scéil ní “óltar” súp sa Ghaeilge, itear é.