Craobh na hÉireann tugtha leo ag Ciarraí agus ag Louise, laoch na gcéadta cath

Tar éis dóibh cluichí ceannais a chailliúint le dhá bhliain anuas, tá Craobh na hÉireann buaite ag mná Chiarraí den chéad uair ó 1993

Craobh na hÉireann tugtha leo ag Ciarraí agus ag Louise, laoch na gcéadta cath

Ciarraí 3-13 Gaillimh 0-11

Bliain is tríocha tar éis dóibh é a bhuachan go deireanach, tá Corn Bhreandáin Uí Mháirtín ag dul ó dheas chun na Ríochta tar éis do mhná Chiarraí bua cuimsitheach a fháil ar Ghaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann.

Chlis orthu sa chluiche ceannais le dhá bhliain anuas, ach ba léir ar Chiarraí luath go maith i bPáirc an Chrócaigh nach rabhthas chun loic orthu sa cheann seo agus iad cúpla céim chun tosaigh ar na Gaillimhigh i gcaitheamh an lae.

Ó cheann ceann na páirce, thug imreoirí Chiarraí taispeántais den scoth. Bhí Kayleigh Cronin, Eilís Lynch agus Aishling O’Connell ar fheabhas sa chosaint. Níor stop Anna Galvin, Niamh Ní Chonchúir, Niamh Carmody ná Danielle O’Leary ag rith ó chéad séideadh an fheadóg go deireadh agus chráigh Emma Dineen cosantóirí na Gaillimhe.

Rinneadar imreoirí uile Chiarraí a gcuid chun an chraobh seo a bhaint inniu ach lá ar leith a bhí ann do bhean amháin, seanfhondúir na foirne, laoch na Ríochta agus na Gaeltachta, bean Ard na Caithne, Louise Ní Mhuircheartaigh.

Sé bliana d’éag a bhí an Muircheartach nuair a d’imir sí do shinsir Chiarraí den chéad uair in 2008. Tá breis is leath dá saol caite aice ag treabhadh léi leis an bhfoireann ó shin, i bhfad ó Pháirc an Chrócaigh agus go minic ar laethanta crua nuair nach raibh aon ní cóir i ndán di .

Bhí Lorraine Scanlon agus Cáit Lynch ar bheirt eile a sheas léi le linn na mblianta crua agus fuair an bheirt blaiseadh den lá mór nuair a tugadh isteach i dtreo dheireadh an chluiche iad ach ba do Louise a tugadh an gháir mholta is mó a nuair a baineadh amach í agus ceithre nóiméad fágtha. Go díograiseach dáiríre a imríonn sí a cuid peile ach bhí bean Chorca Dhuibhne in ann meangadh gáire a dhéanamh agus í ag fágáil na páirce, luach saothair ar deireadh aici ar a cuid oibre go léir agus an bonn uile-Éireann atá tuillte aici ina glac faoi dheireadh.

Louise Ní Mhuircheartaigh agus comhbhainisteoir Chiarraí Declan Quill. Pic: INPHO/Ben Brady

Bhí a fhios ag Louise agus a leathbhádóirí go raibh sé buaite agus ceathrú uaire fágtha. Nuair a chruthaigh sí deis do Hannah O’Donoghue sa 45ú nóiméad chun Ciarraí a chur dhá phointe dhéag chun tosaigh, 2-12 in aghaidh 0-6, bhí na lámha in airde ag Ní Mhuircheartaigh sula raibh an liathróid imithe thar an trasnán.

Bhí sé phointe aimsithe ag Ní Mhuircheartaigh faoin am sin ach rinne O’Donoghue gach iarracht an gaisce sin a shárú sa cheathrú uaire a bhí sí ar an bpáirc. Ní raibh sí ach díreach tagtha isteach mar ionadaí nuair a bhí an liathróid san eangach aici. Bhuaigh Ní Mhuircheartaigh an liathróid amuigh faoi Ardán Uí Ógáin agus thug sí pas do O’Donoghue a ghearr isteach, a d’éalaigh ó chosantóir agus a bháigh an cúl a chinntigh an bua do Chiarraí agus ceathrú den chluiche fós le himirt.

Chuir O’Donoghue dhá phointe eile leis an gcúl sin sa chéad deich nóiméad eile agus ba í a thug pas álainn trasna an chúil d’Emma Dineen sa 56ú nóiméad chun go bhféadfadh an lántosach, a d’aimsigh 1-2, caipín mullaigh a chur ar an lá do Chiarraí.

Hannah O’Donoghue ag éalú ó Nicola Ward na Gaillimhe. Pic: INPHO/Tom Maher

Tháinig na cúil ag pointí tábhachtacha sa chluiche. Aoife Dillane a fuair an chéad cheann agus gan ach 20 soicind fágtha sa chéad leath chun Ciarraí a fhágáil ocht bpointe chun tosaigh ag an mbriseadh ach fiú mura mbeadh na cúil aimsithe acu, déarfá go mbeadh an bua ag Ciarraí pé scéal é.

Cúig cinn déag de chúil a d’aimsigh Gaillimh sna chúig chluiche craoibhe acu go dtí seo ach ní raibh siad in ann sárchosaint Chiarraí a cheansú, go háirithe sa chéad leath nuair a bhí an choimhlint fós géar.

Rinne Anna Galvin sárobair chun Louise Ward a choinneáil ciúin agus nuair nach raibh Ailbhe Davoren, Oilivia Divilly ná Nicola Ward in ann dul chun cinn a dhéanamh sa chéad leath, bhí Gaillimh i dtrioblóid. Bhíodar ag tabhairt faoi iarrachtaí ar na postaí a bhí ródheacair agus cailleadh misneach le gach iarracht a chuaigh ar strae.

Ar an taobh eile, bhí tosaithe Chiarraí ag fáil an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic. Bhí Aishling O’Connell, Niamh Carmody agus Danielle O’Leary ag déanamh an-dul chun cinn ar an gcliathán deas agus bhí Louise Ní Mhuircheartaigh agus Emma Dineen amuigh chun tosaigh ar Sarah Ní Loingsigh agus Maryanne Jordan agus ag cruthú fadhbanna.

Carmody a d’aimsigh an chéad scór le ruathar láidir agus d’fhág cúpla scór eile ag Dineen agus Anna Galvin Ciarraí 0-3 in aghaidh 0-1 chun tosaigh théis sé nóiméad.

Chuir Ní Mhuircheartaigh a céad iarracht ar strae ó chic saor ach ní raibh sí chun scaoileadh leis an deis seo i gcluiche ceannais na hÉireann agus d’aimsigh sí scór maith ón imirt leath bealaigh tríd an chéad leath. Ba é sin an chéad cheann de chúig scór as a chéile a d’aimsigh Ciarraí in imeacht deich nóiméad agus gach ceann acu ag teacht ó bhróg Uí Mhuircheartaigh, trí chic saor agus dhá phointe ón imirt.

D’fhág scór iontach ó Róisín Leonard nach raibh Gaillimh ach cúig phointe chun deiridh ag druidim i dtreo leath ama, 0-8 in aghaidh 0-3, ach buaileadh buille ollmhór ar mhná an iarthair nuair a chruthaigh Aishling O’Connell deis d’Aoife Gillane sa nóiméad deireanach agus cé go raibh bean Aibhistín de Staic sa tóir ar phointe, chríochnaigh a hiarracht san eangach agus lámh amháin ag na Ciarraígh ar an gcorn.

Cúl faighte ag Aoife Dillane. Pic: INPHO/Tom Maher

D’aimsigh Oiliva Divilly scór do Ghaillimh laistigh de 30 soicind den dara leath ach bhí freagra i gcónaí ag Ciarraí agus fuair Mary O’Connell sárphointe nóiméad ina dhiaidh sin.

D’aimsigh Olivia agus a deirfiúr Niamh pointí chaon taobh de scóranna ó Emma Dineen agus Louise Ní Mhuircheartaigh. Ansin a tugadh Hannah O’Donoghue chun páirce agus d’fhág sí a marc ar an gcluiche gan mhoill.

Ciarraí: C Butler; E Lynch, K Cronin, C Murphy; A O’Connell, D Kearney, A Dillane (1-0); M O’Connell (0-1), A Galvin (0-1); N Carmody (0-1), N Ní Chonchúir, S O’Shea; D O’Leary, E Dineen (1-2), L Ní Mhuircheartaigh (0-6, 0-4 ó chiceanna saora). Mná Ionaid: H O’Donoghue (1-2) in áit Uí Chonchúir (44 nóim), L Scanlon (0-1) in áit Kearney (49 nóim), K Brosnan in áit Carmody (52 nóim), C Lynch in áit Dillane (54 nóim), K O’Sullivan in áit Uí Mhuircheartaigh (56 nóim).

Gaillimh: D Gower; M Jordan, S Ní Loingsigh, K Geraghty; A Ní Cheallaigh, N Ward, C Cooney (0-1); M Glynn, A Davoren; O Divilly (0-4, 0-2 ó chiceanna saora), L Ward, N Divilly (0-1); E Reaney, L Coen, R Leonard (0-3, 0-2 ó chiceanna saora). Mná Ionaid: A Trill (0-1) in áit Reaney (25 nóim), E Gavin in áit Uí Cheallaigh (38 nóim), M Banek in áit Jordan (38 nóim), S Hynes (0-1) in áit Glylnn (48 nóim), A Morrissey in áit N Divilly (50 nóim).

Réiteoir: Jonathan Murphy (Ceatharlach).

Louise Ni Mhuircheartaigh crochta in airde ag Aishling O’Connell agis Eilís Lynch. Pic: INPHO/Tom Maher

Fág freagra ar 'Craobh na hÉireann tugtha leo ag Ciarraí agus ag Louise, laoch na gcéadta cath'

  • Kerry Blue

    “Barra cruaiche” sroichte a Dhara!