Craobh na hÉireann buaite ag cumann beag gailf Gaeltachta

Bhuaigh Oileáin Chonamara comórtas ceithre liathróid na bhfear in Áth Luain ag an deireadh seachtaine

Craobh na hÉireann buaite ag cumann beag gailf Gaeltachta

Tá cumann gailf Gaeltachta ag ceiliúradh Craobh na hÉireann a bhuachan agus comórtas ceithre liathróid na bhfear buaite ag Oileáin Chonamara ag an deireadh seachtaine.

Bhuaigh fir Chonamara 3 -2 ar chumann an Droichid Nua as Cill Dara sa bhabhta ceannais, a imríodh in Áth Luain inné. Is ar an bpoll deireanach sa chluiche deireanach a bhuaigh Oileáin Chonamara an chraobh, tráth ar bhuail Nollaig Ó Tighearnaigh an buille cinniúnach a d’fhág fir na Gaeltachta ag ceiliúradh.

Tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Mhachain as Corcaigh sna babhtaí leathcheannais, bhí Oileáin Chonamara faoi bhrú Dé Domhnaigh agus an chéad dá chluiche buaite ag an Droichead Nua – an ceann is fearr faighte ag Kieran O’Neill agus Billy O’Neill ar Pheadar Ó Súilleabháin agus Pádraig Tim Ó Conghaile le dhá pholl, agus Ken Halpin agus Michael Seery ag buachan ar Ghearóid Willie Ó Fátharta agus Stiofán Mac Donncha (2&1).

D’éirigh le hOileáin Chonamara cúrsaí a chothromú nuair a bhuaigh Joe Walsh agus Seosamh Ó Cualáin ar Chiarán McManus agus Steven Sheridan (2&1) agus nuair a sháraigh Seán Ó Cualáin agus Dónal Ó Curraoin Thomas Behan agus Eoin Caffrey ar an scór céanna.

Rinne an Droichead Nua teacht aniar sa chúigiú cluiche agus bhíodar poll chun cinn ag tosú an tséú poll déag ach bhuaigh Nollaig Ó Tighearnaigh agus Peter Mannion an poll sin le teacht ar ais ar comhscór.

Bhí na foirne fós cothrom ar an bpoll deireanach ach chríochnaigh Ó Tighearnaigh le par chun beirt an Droichid Nua, Robbie Brennan agus Greg Kehoe, a chloí agus an chraobh a bhuachan d’Oileáin Chonamara.

Deireadh seachtaine den scoth a bhí ag cumann na Gaeltachta. D’éirigh le foireann shinsir na bhfear dul chomh fada le babhtaí ceannais chomórtais Fred Perry Dé hAoine cé go bhfuair an tAonach an ceann is fearr orthu sa gceann sin, 3.5 – 1.5.

Tá gaisce ar leith déanta ag an gcumann beag seo babhtaí ceannais na hÉireann a bhaint amach sa dá chomórtas. Tá club Oileáin Chonamara suite in Eanach Mheáin i gCeantar na nOileán agus níl ach thart ar cheithre scór ball aige.

“Go hiondúil, dá mbeadh an Domhnach saor againn, ní bheadh ach an dá scór ag imirt. Thart ar 30 nó mar sin,” a dúirt Seosamh Ó Cualáin le RTÉ Raidió na Gaeltachta i ndiaidh an bhua. “Tá sé ar cheann de na cumainn is lú sa tír, murab é an ceann is lú é.”

Dúirt Ó Cualáin go raibh “an-spiorad” léirithe acu siúd a d’imir d’fhoirne an chumainn i mbliana agus cluichí a bheadh caillte roimhe seo buaite acu, dar leis.

“An áit a mbíonn muid ag imirt chomh maith, bíonn sé ina ghaoth ann formhór an ama agus mura bhfuil tú ag bualadh na liathróide go maith, ní bheidh sí sin i bhfad agat.

“Caithfidh tú í a bhualadh san áit go bhfuil tú ag iarraidh í a chur. Beidh sé ina ghála nó beidh gaoth ann beagnach i gcónaí. Cuidíonn sé linn, feabhsaíonn sé muid ó thaobh ár gcuid gailf.”

Briseadh croí a bhí i ndán do mhná chumann Bhearna in Áth Luain ag an deireadh seachtaine. Bhain an cumann gailf eile i nGaeltacht Chonamara babhtaí ceannais chomórtas ceithre liathróid na mban amach ach fuair Oirthear Chorcaí an ceann is fearr orthu, 3.5 in aghaidh 1.5. Bhuaigh foireann shóisir Bhearna Craobh Ceathrair na mBan ag tús na míosa seo caite.

Fág freagra ar 'Craobh na hÉireann buaite ag cumann beag gailf Gaeltachta'