Craobh na Gaillimhe tugtha siar go Conamara, údar díomá d’fhoirne Gaeltachta na Mumhan

Caitear súil siar anseo ar chúrsaí CLG i nGaeltachtaí na Gaillimhe, Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge in 2020

Craobh na Gaillimhe tugtha siar go Conamara, údar díomá d’fhoirne Gaeltachta na Mumhan

Imreoir Mhaigh Cuilinn Eoghan Kelly, Owen Gallagher agus Dessie Conneely. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Gaillimh

Ba é gaisce Mhaigh Cuilinn scéal mór na peile i nGaillimh in 2020 agus Craobh Shinsir Peile an chontae tugtha siar go Conamara acu den chéad uair ó bhuaigh an Cheathrú Rua í i 1996.

Cuireadh deireadh le tréimhse ceannais Chora Finne nuair a fuair An Creagán-Maigh Locha an ceann is fearr orthu sna babhtaí leathcheannais ach ba iad Maigh Cuilinn a thapaigh an deis Corn Mhic an tSionnaigh a thabhairt leo.

Ba é captaen Mhaigh Cuilinn Dessie Conneely laoch na himeartha sa chluiche ceannais agus 1-9 scóráilte aige. D’aimsigh Conor Bohan cúl cinniúnach eile chun a chinntiú go bhfaighfí an ceann is fearr ar an gCreagán-Maigh Locha agus craobh an chontae a bhuachan den chéad uair do Mhaigh Cuilinn.

Foireann bhuacach Mhaigh Cuilinn. Pictiúr: INPHO/James Crombie

D’fhéadfadh an dara craobh teacht go Maigh Cuilinn an séasúr seo go fóill agus an cluiche ceannais i gCraobh Idirmheánach Iomána idir fir na Gaeltachta agus Cill Chon Iarainn fós le himirt.

Níl deireadh tagtha ach oiread le séasúr 2020 d’fhoireann Ghaeltachta eile. Tá cluiche dícháilithe sa Chraobh Shinsir Peile fós le himirt ag Micheál Breathnach. Bhí siad le haghaidh a thabhairt ar Mhuine Mheá-An Mhainistir ach cuireadh an cluiche siar de bharr an Covid-19 agus ní fios fós an imreofar é sa bhliain nua.

Tháinig An Spidéal slán i ngrád na sinsear nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Mhuine Mheá i gcluiche dícháilithe eile.

Bhí bliain réasúnta maith ag an bhfoireann Ghaeltachta atá i gCraobh Shinsir na Gaillimhe, an Cheathrú Rua, agus d’éirigh leo dul chomh fada le babhtaí ceathrú ceannais na craoibhe. Cora Finne a dhíbir iad sna babhtaí sin.

Bliain gan mhaith a bhí ann d’fhoirne na Gaeltachta i gCraobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe in 2020. Fuair Cill Chóirín-Cluain Bheirn an ceann is fearr ar Oileáin Árann sna babhtaí ceathrú ceannais agus theip ar Naomh Anna, Leitir Móir dul níos faide ná babhtaí na ngrúpaí. Tá babhtaí dícháilithe na craoibhe fós le socrú san athbhliain chomh maith agus Carna-Caiseal ceaptha cluiche ceannais dícháilithe a imirt go fóill.

Cé gur údar mór díomá a bhí ann do mhuintir Leitir Móir nár éirigh leo Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil i gceantar na nOileán i rith an tsamhraidh, thug gaiscí bhanpheileadóirí Naomh Anna in 2020 ardú croí do gach duine sa chumann.

Captaen Naomh Anna, Mairéad Ní Loingsigh

Níl sé ach dhá bhliain ó shin ó bhuaigh Naomh Anna Craobh Shóisir Peile na Gaillimhe agus beidh siad ag imirt i ngrád na sinsear in 2021 tar éis dóibh an Chraobh Idirmheánach a thabhairt leo in 2020.

Bhuaigh mná Leitir Móir ar Mhionlach-An Sceachánach i gcluiche ceannais an chontae mí Mheán Fómhair. Scóráil Ciara Ní Ógáin, Clíodhna Ní Cheallaigh agus Ríona Ní Fhlatharta na cúil do Naomh Anna sa chluiche ceannais agus bronnadh gradam shárimreoir na craoibhe ar chaptaen na foirne, Mairéad Ní Loingsigh, ag deireadh na bliana.

Ciarraí

Bliain chrua a bhí inti d’fhoirne Chorca Duibhne in 2020. D’fhág an Covid-19 nár tugadh an dara deis d’fhoirne a chaill sa chéad bhabhta de Chraobh Shinsir Chiarraí agus nuair a chlis ar Dhaingean Uí Chúis in aghaidh an Teampaill Nua ag deireadh mhí Lúnasa, bhí a rás sa chomórtas rite. Chlis ar Chiarraí Thiar sa bhabhta céanna agus an ceann is fearr faighte ag Naomh Breanndán orthu.

Éanna Ó Conchúir ag imirt don Ghaeltacht in aghaidh an Daingin ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2019. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá cearta gaisce i gCorca Dhuibhne ag fir an Daingin ar a laghad tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chumann Caide na Gaeltachta i gcluiche ceannais Chiarraí Thiar mí Mheán Fómhair.

Sa Chraobh Idirmheánach, chuir Na Gaeil deireadh le hiarrachtaí na Gaeltachta ardú céime a bhaint amach. Bhuaigh na fir as Corca Dhuibhne na trí chluiche a bhí acu i mbabhtaí na ngrúpaí ach fuair foireann láidir na nGael as Trá Lí an ceann is fearr orthu le haon phointe amháin sna babhtaí ceathrú ceannais. Sna babhtaí céanna a chlis ar Phiarsaigh na Dromad i gcoinne Oileán Chiarraí.

Corcaigh

Níor éirigh le peileadóirí Bhéal Átha an Ghaorthaidh dul níos faide ná babhta na ngrúpaí i gCraobh Shinsir A Chorcaí i mbliana. Theip orthu a gcéad dá chluiche sa chomórtas a bhuachan ach ar a laghad beidh deis eile acu sa chraobh in 2021 agus an cluiche deireanach sa ghrúpa buaite acu chun na babhtaí díbeartha a sheachaint.

Noel O’Leary (Cill na Martra). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Chaill Cill na Martra an deis ardú céime a bhaint amach nuair a chaill siad i gcoinne Cheann Toirc i gcluiche leathcheannais sa Phríomhchraobh Idirmheánach. Aon phointe amháin a bhí idir na foirne, 0-12 in aghaidh 0-11, an dara bhliain as a chéile ag fir Cheann Toirc deireadh a chur le bliain Chill na Martra.

Bhí an ceann is fearr faighte ag Cill na Martra ar a gcomharsana i mBaile Bhuirne, Naomh Abán, níos túisce sa chraobh. Níor bhuaigh Naomh Abán cluiche ar bith i gcraobh 2020 ach tá siad slán sa chomórtas i gcomhair bliana eile tar éis dóibh críochnú ar comhscór le Cnoc na Graí, foireann a bhain cluiche ceannais na craoibhe amach.

Port Láirge

Bhí mí-ádh ceart ar pheileadóirí na Rinne a raibh orthu slán a fhágáil le Craobh Shinsir Peile Phort Láirge mí Mheán Fómhair. Bhí scata imreoirí in easnamh ar fhir na Gaeltachta nuair a thug siad aghaidh ar Bhaile na Cúirte sna babhtaí ceathrú ceannais agus chuir na deacrachtaí sin dá mbuille go mór iad.

Sa Chraobh Idirmheánach Iomána, bhí bua maith ag an Rinn ar an gClais Mhór-Cionn tSáile Beag sa chéad bhabhta den chraobh ach nuair a chas na foirne ar a chéile arís sa gcluiche leathcheannais, malairt scéil a bhí ann.

Fág freagra ar 'Craobh na Gaillimhe tugtha siar go Conamara, údar díomá d’fhoirne Gaeltachta na Mumhan'