Craobh an chontae buaite ag Bhulf Tón, toradh gan choinne i nDún na nGall agus rás an Daingin rite

Cúig bliana déag tar éis dóibh Corn Mhic Aogáin a bhuachan den chéad uair riamh, tá Bhulf Tón ag ceiliúradh bua eile i gCraobh Shinsir Peile na Mí

Craobh an chontae buaite ag Bhulf Tón, toradh gan choinne i nDún na nGall agus rás an Daingin rite

Saran Ó Fionnagain agus Brughach Ó Fionnagáin. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

An Mhí

Tá Craobh Shinsir Peile na Mí buaite den dara huair riamh ag Bhulf Tón tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Peadar, Dún Búinne, i gcluiche ceannais an chontae inné.

Ba é an cúl a scóráil Saran Ó Fionnagáin théis seacht nóiméad scór cinniúnach an chluiche a d’fhág an bua ag Bhulf Tón, 1-9 in aghaidh 0-9.

Imreoirí Bhulf Tón ag ceiliúradh. Pic: INPHO/Bryan Keane

Bhí fir Bhaile Ghib fear gann luath sa chluiche agus Pádraic Diamond curtha den pháirc ar chárta dubh agus ba le linn do Diamond a bheith imithe a scóráil Ó Fionnagáin a chúl, an chéad scór sa chluiche. Bhí Dún Búinne ar comhscór arís faoin mbriseadh uisce ach bhí bearna trí phointe curtha ag Bhulf Tón idir na foirne faoin am gur shroich siad leath ama, 1-5 in aghaidh 0-5

Saran Ó Fionnagain agus Brughach Ó Fionnagáin. Pic: INPHO/Bryan Keane

Laghdaigh Dún Búinne an bhearna arís ag tús an dara leath ach sheas Bhulf Tón an fód agus fuair Ó Fionnagáin, Niall O’Reilly, Cian Ward agus Caolan Ward pointí as sin go deireadh chun an bua a chinntiú do Bhulf Tón. Fágann an bua go bhfuil craobhacha sinsir buaite ag bainisteoir Bhulf Tón, Michael McDermott i gceithre chontae agus é i gceannas roimhe seo ar fhoirne a bhuaigh an chraobh i gcontae an Chláir, sa gCabhán agus i Luimneach.

 

Peter Devine agus Eoin Dowling (Naomh Adhamhnáin) sa tóir ar Chiarán Thompson (Naomh Conaill). Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Dún na nGall

Bhí toradh gan choinne i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Dhún na nGall agus bua cumasach ag Naomh Adhamhnáin ar Naomh Conaill tráthnóna inné. Ba iad Naomh Conaill rogha láidir na coitiantachta chun Corn Mhic Uidhir a thabhairt leo den chúigiú huair ach ba le Naomh Adhamhnáin a bhí an lá inné agus bua 1-11 in aghaidh 0-4 acu.

Eoin McGeehin a fuair an cúl d’fhir Leitir Ceanainn théis 24 nóiméad agus ba é an scór sin a bhí idir na foirne ag leath ama, 1-3 in aghaidh 0-3. Mhéadaigh Naomh Adhamhnáin an bhearna ag tús an dara leath agus chuaigh rudaí in olcas do Naomh Conaill nuair a cuireadh Eunan Doherty den pháirc théis 40 nóiméad.

 

Bhí naoi bpointe idir na foirne faoin am gur scóráil Naomh Conaill a gcéad phointe sa dara leath sa 54ú nóiméad agus ní raibh an chuma orthu go mbeadh siad in ann teacht aniar a dhéanamh. Cuireadh an dara duine d’imreoirí Naomh Conaill den pháirc agus gan ach cúig nóiméad fágtha nuair a bronnadh an dara cárta buí ar Charles McGuinness. Bhí a rás rite i bhfad roimhe sin, áfach, agus ba iad Naomh Adhamhnáin a bhí ag ceiliúradh a gcúigiú craobh déag nuair a séideadh an fheadóg dheireanach.

B’éigean athimirt a dhéanamh le buaiteoir a aimsiú sa gCraobh Idirmheánach nuair a chríochnaigh cluiche drámatúil idir Cloich Cheann Fhaola agus An Clochán Liath ar comhscór, 3-4 in aghaidh 0-13.

Imreoirí Naomh Adhamhnáin ag ceiliúradh a mbua. Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Agus dhá chluiche ceannais as a chéile caillte ag Cloich Cheann Fhaola le cúpla bliain anuas, bhí an chuma ar an scéal gur briseadh croí a bhí i ndán d’fhir an Fháil Charraigh agus iad seacht bpointe chun deiridh, 0-9 in aghaidh 0-2, gan ach beagán níos mó ná ceathrú huaire fágtha sa chluiche agus iad ag imirt i gcoinne na gaoithe.

Casadh an cluiche ar a cheann in achar ocht nóiméad nuair a scóráil Cloich Cheann Fhaola trí chúl, péire ag John Fitzgerald agus ceann eile ag a dheartháir, Michael.

D’fhág sin Cloich Cheann Fhaola chun cinn, 3-4 in aghaidh 0-10, agus gan ach cúig nóiméad fágtha ach tháinig imreoirí an Clocháin Léith chucu féin agus ba iad a d’aimsigh na trí chúilín dheireanacha chun an comhscór a fháil.

Beidh buaiteoirí an chluiche athimeartha ag imirt sa Chraobh Shinsir an bhliain seo chugainn in áit an Tearmainn, tar éis dóibhsean an cluiche ceannais dícháilithe a chailliúint in aghaidh Bhun Dobhráin Dé Sathairn. Ní raibh ach an bhearna is lú idir na foirne agus bua aon phointe amháin, 0-20 in aghaidh 1-16, a bhí ag Bun Dobhráin théis am breise.

Maigh Eo

Tá Béal an Mhuirthead ar ais i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Mhaigh Eo den chéad uair le dhá scór bliain anuas tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chathair na Mart, 2-7 in aghaidh 0-9.

Tá gaisce déanta ag Ryan O’Donoghue d’fhir na Gaeltachta go dtí seo sa chraobh agus bhí sé ar fheabhas arís Dé Domhnaigh. Ba é a scóráil an chéad dá phointe sa chluiche do Bhéal an Mhuirthead agus taispeánadh cárta dubh do Lee Keegan théis seacht nóiméad tar éis dó O’Donoghue a tharraingt chun talaimh.

Pointe chun cinn a bhí Béal an Mhuirthead ag leath ama, 0-4 in aghaidh 0-3, agus ba mhór an spreagadh dóibh an cúl a d’aimsigh Marty Boylan luath sa dara leath. Tháinig Cathair na Mart ar ais agus chun cinn le ceithre phointe as a chéile ach d’fhág pointí ó Ryan O’Donoghue, Eoghan McHale agus Eamon McAndrew go raibh Béal an Mhuirthead dhá phointe chun cinn agus an cluiche ag teacht chun críche. Laghdaigh Lee Keegan an bhearna le pointe ach chinntigh O’Donoghue an bua le cúl in am cúitimh.

Is in aghaidh an Chnoic Mhóir a bheidh Béal an Mhuirthead sa chluiche ceannais a imreofar faoi cheann coicíse.

Údar díomá a bhí ag foireann Ghaeltachta eile i gCraobh Shinsir Mhaigh Eo, mar fuair Balla an ceann is fearr ar Chill tSéadhna sa chluiche ceannais dícháilithe. Farasbarr sé phointe a bhí ag Balla, 1-12 in aghaidh 0-9, toradh a fhágann go mbeidh Cill tSéadhna ag imirt sa Chraobh Idirmheánach an bhliain seo chugainn.

Ciarraí

Tá rás an Daingin rite i gCraobh Shinsir Peile Chiarraí tar éis do Ó Ceirín/Ó Rathaille an ceann is fearr a fháil orthu sa chluiche ceathrú ceannais a imríodh Dé Sathairn.

Buaileadh buille ar an Daingean go luath sa chluiche nuair a bhí ar Mikey Geaney an imirt a fhágáil de bharr gortú glúine agus d’éirigh le Ó Ceirín/Ó Rathaille bearna sé phointe a chur idir na foirne i dtreo dheireadh an chéad leatha. An Daingean a d’aimsigh an dá phointe dheireanacha den chéad leath agus cé go raibh siad 0-8 in aghaidh 0-4 chun deiridh ag leath ama, bhí fir Chorca Dhuibhne ar ais ar comhscór seacht nóiméad isteach sa dara leath tar éis do Paul Geaney (0-2), Dylan Geaney agus Conor Geaney pointí a scóráil.

Thóg Ó Ceirín/Ó Rathaille ceannas iomlán ar an gcluiche ina dhiaidh sin agus idir an 38ú nóiméad agus an 55ú nóiméad, scóráil fir Thrá Lí 2-7, agus gan ach aon chúilín amháin ag an Daingean sa tréimhse chéanna. Conor Hayes agus Gavin O’Brien a d’aimsigh na cúil a d’fhág bua naoi bpointe ag Ó Ceirín/Ó Rathaille ar deireadh, 2-16 in aghaidh 0-13.

Gaillimh

Chruthaigh foirne Chonamara go maith i gCraobh Idirmheánach Iomána na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine. Sna babhtaí leathcheannais, bhí bua cumasach ag Maigh Cuilinn ar Rathún/An Caisleán Nua, 5-13 in aghaidh 0-14. D’aimsigh Maigh Cuilinn ceithre chúl in ocht nóiméad sa chéad leath chun bearna mhór a chur idir na foirne, a bhuíochas do Anraoi Whye, Chris Hurney agus Cian Folan (2). Scóráil James Bradley an cúigiú cúl do Mhaigh Cuilinn ag fíordheireadh an chluiche agus iad anois i gcluiche ceannais an chontae don dara bhliain as a chéile.

Sna babhtaí dícháilithe, tháinig An Spidéal slán sa chluiche ceannais agus bua aon phointe amháin acu ar Bhaile Átha an Rí, 2-15 in aghaidh 1-17. Bhí An Spidéal chun deiridh luath sa chluiche agus cúl ag Baile Átha an Rí ach scóráil Gearóid Ó Conghaile dhá chúl d’fhoireann Chois Fharraige a d’fhág chun cinn iad ag leath ama. Is beag a bhí idir na foirne sa dara leath ach bhí na cúig phointe a scóráil Liam Ó Conghaile ón imirt cinniúnach i mbua an Spidéil.

Fág freagra ar 'Craobh an chontae buaite ag Bhulf Tón, toradh gan choinne i nDún na nGall agus rás an Daingin rite'