Cosc curtha ag sagart Gaeltachta ar chomhartha na síochána ar eagla go scaipfí an fliú

Dúirt an tAthair Cathal Ó Fearraigh, arb as Gaoth Dobhair dó, go raibh cosc curtha aige ar chomhartha na síochána le linn an aifrinn ‘chun sláinte an phobail a chosaint’

Cosc curtha ag sagart Gaeltachta ar chomhartha na síochána ar eagla go scaipfí an fliú

Tá cosc curtha ag sagart Gaeltachta ar dhaoine a bheith ag croitheadh lámha lena chéile mar chomhartha síochána le linn an Aifrinn i séipéal i nDún na nGall.

Ag labhairt dó ar an gclár Barrscéalta  ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt sagart paróiste Chill Bharrainn i mBéal Átha Seanaidh an tAthair Cathal Ó Fearraigh, arb as Gaoth Dobhair dó, go raibh cosc curtha aige ar chomhartha na síochána le linn an Aifrinn “chun sláinte an phobail a chosaint”.

Tharraing an dochtúir agus iar-aire James McDaid cuid mhór cainte i nDún na nGall an tseachtain seo caite nuair a mhol sé go ndúnfaí scoileanna ar feadh coicíse chun nach mbeadh an fliú séasúrach á scaipeadh chomh forleathan sin.

Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fios go raibh ardú tagtha ar líon na ndaoine i ngach aoisghrúpa, seachas leanaí faoi bhun ceithre bliana d’aois, a tholg an fliú le roinnt seachtainí anuas agus mhol siad do dhaoine atá i ngrúpaí ina bhfuil baol ard ó ghalair an vacsaín fliú a fháil. Tháinig ardú chomh maith ar líon na ndaoine ar tugadh chun an ospidéil iad de dheasca an fliú a bheith orthu. Bhí baint ag an bhfliú le bás roinnt bheag daoine le roinnt seachtainí anuas.

Dúirt an tAthair Ó Fearraigh go mbeadh an cosc i bhfeidhm aige i dTeach Phobail Chill Bharrainn i mBéal Átha Seanaidh go dtí go mbeadh an fliú atá á scaipeadh faoi láthair “thart” agus mhol sé do shagairt eile an cosc céanna a chur i bhfeidhm.

Dúirt an sagart as Gaoth Dobhair go raibh an pobal “go breá sásta” leis an gcinneadh cosc sealadach a chur ar chomhartha na síochána, agus dúirt sé le teann magaidh go raibh daoine áirithe nach raibh “ag iarraidh lámha a chroitheadh cíbe!”.

Fág freagra ar 'Cosc curtha ag sagart Gaeltachta ar chomhartha na síochána ar eagla go scaipfí an fliú'

  • Seán

    Tá ciall lena leithéid. Tugadh cúl dó cheana roinnt blianta ó shoin nuair a bhí “Fliú na Muc” ann agus níor tugadh ar ais riamh é in áiteacha.

  • Seán de Paor

    Nós áiféiseach eile gan bhrí gan bhunús. Ní maith liom é agus ní ghlacaim páirt ann. B’fhéidir gurb é an bainisteoir bainc a d’eitigh tú a bheadh ag iarraidh do lámh a chroitheadh! Nó comharsa doicheallach. Nó bastairtín a rinne feall ort. Bíonn an séipéal lán leo.