Cosaint déanta ag Ard-Stiúrthóir TG4 ar chur chuige clár faoi Noel Hill

Dúirt Alan Esslemont go raibh glaonna ‘diúltacha agus dearfacha’ faighte ag TG4 faoi Noel Hill – Aisling Ghéar ach gur daoine as Conamara amháin a bhí diúltach faoi

Cosaint déanta ag Ard-Stiúrthóir TG4 ar chur chuige clár faoi Noel Hill

Tá cosaint déanta ag Ard-Stiúrthóir TG4 ar chur chuige clár faoi shaol agus saothar an cheoltóra Noel Hill a craoladh ar an stáisiún an tseachtain seo.

Ag labhairt dó ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt Alan Esslemont go raibh glaonna “diúltacha agus dearfacha” faighte ag TG4 faoin gclár ach gur daoine as pobal Chonamara amháin a bhí diúltach.

Phléigh Noel Hill – Aisling Ghéar, a craoladh ar TG4 Dé Máirt, leis an drochionsaí a rinneadh ar an gceoltóir a d’fhág gortaithe go dona é ina chorp agus ina intinn.

Dúirt Hill sa chlár go mbraitheann sé doicheall roimhe i nGaeltacht Chonamara mar gheall ar an ionsaí a rinneadh air.

Mhaígh an ceoltóir go raibh an chloch sa mhuinchille ag daoine i gConamara dó i ndiaidh an ionsaithe mar gur “duine ón taobh amuigh” é agus mar go gceaptar, dar leis, gurbh é féin ba chúis le príosún a bheith curtha ar dhuine díobh féin.

Lean roinnt conspóide craoladh an chláir agus daoine áirithe buartha faoin droch-cháil, dar leo, a tharraing sé ar Chonamara.

Dúirt Alan Esslemont gur “fírinne” Noel Hill a bhí sa chlár agus gurbh fhíor “dó” an scéal a d’inis sé.


LÉIRMHEAS: Dhá chlár in aon chlár amháin a bhí i ‘Noel Hill – Aisling Ghéar’


Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 gur chlár ealaíne a bhí in Noel Hill -Aisling Ghéar agus go mbeadh sé ag súil dá mba chlár cúrsaí reatha é go mbeadh “an dá thaobh ann” maidir le muintir Chonamara agus go gcuirfí “ceisteanna ar cén fáth go raibh achrann bainteach le Noel Hill”.

Bhí aighneas idir Noel Hill agus an té a d’ionsaigh é mar gheall ar obair thógála a rinneadh ar theach an cheoltóra.

Agus é faoi agallamh ag Gormfhlaith Ní Thuairisg, shéan Esslemont gurbh amhlaidh go raibh TG4 ag cur le “íomhá” a théann “i bhfad siar” gur dream “fiáin brúidiúil nach bhfuil le trust” iad muintir Chonamara.

“Ní hin an rud atá i gceist leis seo. Má bhreathnaíonn tú fiú amháin ar na rudaí atá déanta i mbliana againn – Rocky Ros Muc, is pobal Ros Muc agus pobal Chonamara an laoch atá sa scéal sin agus má bhreathnaíonn tú ar an gclár álainn a rinne Seán Ó Cualáin Anseo I Lár an Ghleanna, arís [bhí] Conamara mar laoch sa scéal sin…

“Bhí mé an-sásta leis na rudaí a rinne muid ag an Oireachtas. Tugaimid ardán do na scileanna atá ag an gcroí-lucht éisteachta, ach seo rud eile, seo scéal ón taobh amuigh, scéal pearsanta a bhí ann faoi cheoltóir, rud a tharla dó agus an chaoi ar tháinig sé ar ais chuige féin tríd an gceol,” a dúirt Esslemont.

Sheas Esslemont le cur chuige an chláir agus maidir leis an gceist faoi cé acu ar tugadh léargas “féaráilte” ar mhuintir Chonamara ann, dúirt sé gur “fírinne Noel Hill” a bhí ann “agus seans láidir nach fírinne chuile dhuine a bhí i gceist”.

In 2015, gearradh téarma príosúin seacht mbliana ar Michael Folan, tógálaí ó Leitir Mealláin, Conamara, as ionsaí tromchúiseach a dhéanamh ar Noel Hill i leithreas i dteach tábhairne ar oíche Lá ’le Stiofáin in 2008.

Agus an phianbhreith á fógairt ag an mBreitheamh Rory McCabe, dúirt sé gur ionsaí “uafásach, gránna agus brúidiúil” a bhí ann agus go mba uafásach an méid a bhí fulaingthe ag an gceoltóir dá bharr.

Fág freagra ar 'Cosaint déanta ag Ard-Stiúrthóir TG4 ar chur chuige clár faoi Noel Hill'

  • An Teanga Bheo

    Firicí agus cearta Teanga dá chuir i lathair sa gclár, sin an duthshlán atá ag na meáin inniu gan cosc !