“Ar chúis éigin mheasas go mbeadh sé níos toirtiúla. Tá an ‘Sam’ agus Corn Mhic Cárthaigh i bhfad Éireann níos mó ná é.”
B’in breithúnas mo chomrádaí agus muid ag breathnú isteach trí fhuinneog siopa seodóra i gceartltár Cheltenham taca an ama seo dornán blianta ó shin. Ag glioscarnach amach orainn bhí an Corn Óir a mbeadh iomaíocht á dhéanamh air lá arna mhárach agus a mbeidh arís Aoine na seachtaine seo.
Ba é an t-ábhar comhrá a bhí eadrainn gur bhain muid páirc na rásaí amach.
Mar ba mhinic, ba ag Micheál Ó Muircheartaigh a bhí an ceart. Níl an Corn féin mórán le 12cm (5”) ar airde. Murach bonn a bheith faoi ba ar éigean a thabharfadh duine suntas de chineál ar bith dó.
Ansin arís níl an Mona Lisa ach 77cm x 33cm (30” x 20”). Thomhais mé fhéin é agus trí huaire caite agam i scuaine sa Louvre sular tháinig mé chomh fada leis – mé den tuairim go mbeadh sé i bhfad níos mó lena raibh de cháil air agus uirthi.
‘Chuala tú ariamh é go mbíonn blas ar an mbeagán.’ B’in a dúirt gaotaire as Cois Fharraige liom nuair a d’aithris mé m’údar casaoide dó ar fhilleadh abhaile dom.
Is í a cháil agus an stair a bhaineann leis, mar aon lena luach a fhágann nach bhfágann an Corn Óir Prestbury Park na laethanta seo. A mhacasamhail a fhaigheann na buaiteoirí le fada an lá anois.
Ní iontas sin.
Dá fheabhas iad, ní haon údar mór imní do Chumann Lúthchleas Gael go dtéann ‘Sam agus Liam’ ar chamcuairt, ní hamháin ar fud Éireann ach ar fud an domhain. Ní haon rún go gcuirtear corrdhing iontu anois agus arís ná go gcaitheann siad laethanta i mbúiteanna gluaisteán agus dearmad déanta cá bhfuil siad.
Pebrí faoin gCorn Óir, ní hé costas a ndéanta is cúis leis an urraim a bhaineann le ceachtar de chinn CLG. Bheadh iontas mór orm go dtiocfadh siad i ngar ná i ngaobhar do luach Chorn Cheltenham ina raibh beagnach 700g nó punt amháin óir ina dhéantús i 1925 agus tuilleadh fós de sa bplátáil a fhágann an loinnir air.
Is deacair figiúr airgid a chur air, ach nuair a díoladh ceann de na cóipeanna dhá bhliain ó shin chuaigh sé €40,000.
Ós ag caint air sin mé, is é Corn Sacair an Domhain (€20m) an trófaí is luachmhaire a mbíonn iomaíocht air – níl aon cheann eile baol ar chomh luachmhar sin. Tá 5.0 kilo (11pt ) den ór 18 carat ansiúd agus is fiú os cionn $410,000 é. Ní móide go bhfuil cead ag Giovanni Infantino féin sin a chur ina bhúit!
Ós ag caint ar an airgead é, is uaidh sin atá fáil ar an gcruthúnas is fearr ar an bhfonn atá ar lucht an rachmais a bheith luaite leis Féile Cheltenham, an ócáid is mó léimrásaíochta sa taobh seo den domhan.
Nuair a bhuaigh an capall Borroughhill Lad an Corn Óir sa mbliain 1984 trí lá rásaíochta a bhí i gceist agus £35,000 an duaischiste a bhain leis an an rás. Ba í a thraenálaí sin, Jenny Pitman an bhean ba thúisce a rinne an gaisce.
Gloine Phort Láirge a rinne urraíocht ar an gcéad lá ina iomláine agus eatarthu mhaoinigh comhlacht árachais, beirt gheallghlacadóirí, nuachtán, ceantálaí agus óstán formhór na gcinn a ritheadh ar an gCéadaoin agus an Déardaoin.
Tá duaischiste £5 mhilliún (€5.75) ag baint leis an iomaíocht a bheas i Cheltenham ó Dé Máirt go hAoine seo chugainn agus os cionn a leath sin ag dul chucu siúd is túisce a thrasnóidh an líne sna 28 rása. Beidh £625,000 (€718,000) ag dul leis an gCorn Óir agus thart ar €450,000 le fáil as an Champion Hurdle, Champion Chase agus an Ryanair. Is é rás na gcapall seilge an t-aon cheann nach bhfuil ar a laghad €86,000 as.
Bíodh gur lenár leas nó lenár n-aimhleas atá sé tarlaithe, tá an borradh as cuimse tagtha ar chúrsaí cearrbhachais ó shin le feiceáil go soiléir ar urraithe Fhéile an lae inniu freisin .
Ocht gcinn de chomhlachtaí geallghlacadóireachta atá i mbun urraíochta anois. Iad ar fad i bhfad níos saibhre ag na pingineacha a mhealltar as do phóca ag an ríomhaire agus ar d’fhón póca, ná iad siúd i 1984 a bhí taobh le fanacht go gcuirfeá do lámh do phóca.
An uair údaí freisin ba iad feirmeoirí círíneacha, beaite Iardheiscirt Shasana ba mhó a bhí luaite le spórt na léimrásaíochta sa tír sin, iad feistithe ina gcásóga bréidín, a gcuid caipíní speiceacha agus a mbróga buí.
Bíonn neart dá leithéid le feiceáil thimpeall Prestbury Park i gcónaí ach is custaiméirí nua-aoiseacha a mbunáite siúd a thiocfaidh trí gheataí na háite sin an tseachtain seo. Siadsan agus a leithéid a fhágann leathdhosaen de bhancanna móra agus de chomhlachtaí airgeadais na Breartaine iad féin ar liosta na n-urraithe.
Tá an ceangal leis an rítheaghlach ar cheann de sheantraidisiúin na háite freisin – péire de na rásaí ainmnithe ina n-onóir i gcónaí . Tugtar ómós freisin do sheanlaochra an spóirt – an capall Arkle, na traenálaithe/marcaigh Martin Pipe, Fulke Walwyn, Fred Winter agus Johnny Henderson.
An t-ainm Albert Bartlett atá luaite le cliathrás a rithfear ar an Aoine seo chugainn. Cé go bhfuil sin amhlaidh le fada ní raibh eolas dá laghad agam faoi chúlra an fhir. Dhúisigh mo chuid fiosrachta scéilín beag suimiúil.
I mBaile Monaidh i gcontae Aontroma ag tús an chéid seo caite a rugadh Albert. Caoladóir a bhí ann a chuaigh ar imirce go hAlbain. Chuir sé faoi i Coatbridge in aice Ghlaschú, ceantar a bhí brataithe ag Éireannaigh.
Agus a mhuirín ag dul i méid, chuaigh Albert ar thóir bealaí eile a shaoródh cúpla punt breise dó. Thug sé £30 ar choire agus thosaigh ag cócaráil biatais (biatas dearg) ina gharáiste agus á chur i bpotaí.
D’éirigh chomh maith sin leis nárbh fhada gur cheannaigh sé monarcha agus gur thosaigh ag díol glasraí úra agus fataí. Tá sé ráite go raibh sé ar an duine ba thúisce a thosaigh á gcur sin i málaí beaga plaisteacha.
Nuair a tháinig siad in aois chuaigh a chlann mhac ag obair a chúnamh dá n-athair, agus sa lá atá inniu ann, siad a gclann siúd agus a gclann siúd arís atá i mbun an chomhlachta.
Beirt acu sin, Alan agus Ronnie, atá ina cheannas faoi láthair agus ceanaítear ½ mhilliún tonna dá dtáirge sa mBreatain chuile bhliain. Is fiú €90 milliún anois an gnó a tháinig ar an saol sa ngaráiste.
Is é an fata a bhfuil Rooster mar ainm air an t-earra is mó a bhfuil tóir air ag custaiméirí Albert Bartlett. Ach oiread leis siúd , is de bhunadh na hÉireann an fata freisin. Ba in Ionad Taighde atá ag Teagasc i gCeatharlach a síolraíodh an fata sin den chéad uair i 1970.
Fág freagra ar 'Corn Óir Cheltenham – bíonn blas ar an mbeagán'