CORN AN DOMHAIN 2022: Lá stairiúil don Bhreatnais agus ár gcéad radharc ar Messi

Imreofar ceithre chluiche ar fad ag Corn an Domhain 2022 tráthnóna agus péire de na foirne is láidre, an Fhrainc agus an Airgintín, ag imirt a gcéad chluichí

CORN AN DOMHAIN 2022: Lá stairiúil don Bhreatnais agus ár gcéad radharc ar Messi

...
Cluichí

An Airgintín v An Araib Shádach – 11am (Grúpa C)
An Danmhairg v An Túinéis – 2pm (Grúpa D)
Meicsiceo v An Pholainn – 5pm (Grúpa C)
An Fhrainc v An Astráil – 7pm (Grúpa D)

...

Rogha an Lae

7pm (Grúpa D)

Aisteach go leor, d’imir an Fhrainc agus an Astráil in aghaidh a chéile sa chéad bhabhta de Chorn an Domhain 2018, cluiche leamh go maith a bhuaigh na Francaigh 2-1.

Ar ndóigh, chuaigh an Fhrainc chun an comórtas a bhuachan tabharfar léargas luath dúinn ar dhintiúir na seaimpíní anocht. Níl teacht ag Didier Deschamps ar scata imreoirí a d’imir sa Rúis ceithre bliana ó shin, Paul Pogba agus N’Golo Kanté ina measc, agus coinneofar súil ghéar ar imreoirí eile lár páirce na Fraince anocht féachaint conas a éireoidh leo dá n-uireasa.

Tá Karim Benzema, a bhuaigh an Ballon d’Or an mhí seo caite, gortaithe freisin, rud a chiallaíonn go mbeidh Olivier Giroud ar ais ar an bhfoireann agus trí chúl ag teastáil uaidh chun dul chun tosaigh ar Thierry Henry mar an té a bhfuil an líon is mó cúl scóráilte aige don Fhrainc.

Tá an Astráil ag imirt i gCorn an Domhain den chúigiú huair as a chéile ach níor éirigh leo teacht amach óna ngrúpa ach uair amháin le linn na tréimhse sin, b’in sa Ghearmáin in 2006.

Níl aon réalt mhór acu ach tá ardmheas ar an ógánach, Garang Kuol, a cheannaigh Newcastle United le gairid. Níl an cliathánaí ach 18 bliain d’aois agus cé gur mó seans gur ar an mbinse a bheidh sé do thús an chomórtais, beidh sé ag iarraidh a chumas a léiriú os comhair an domhain mhóir nuair a fhaigheann sé deis.

An Bhreatnais le cloisteáil den chéad uair ag Corn an Domhain

Eachtra shuntasach i stair na Breatnaise a bhí ann an tseachtain seo nuair a labhair an cosantóir Ben Davies i mBreatnais ag an bpreasócáid roimh an gcluiche a bhí acu in aghaidh Stáit Aontaithe Mheiriceá. Dúirt Davies gur “ábhar bróid” a bhí ann dó gurb é féin an chéad duine riamh a labhair i mBreatnais ag preasócáid ag Corn an Domhain.

Tá Davies ar dhuine de chúigear cainteoirí Breatnaise sa scuad – Joe Allen, Aaron Ramsey, Rubin Colwill agus Ben Cabango an ceathrar eile – agus tá béim mhór curtha ag foireann na Breataine Bige ar úsáid na teanga le roinnt blianta anuas.

Scaipeadh agallamh eile i mBreatnais le Ramsey ar na meáin shóisialta le cúpla lá anuas agus tá sé fógartha ag an gcumann náisiúnta go bhfuiltear i mbun machnaimh ainm oifigiúil na foirne a athrú ó ‘Wales’ go ‘Cymru’.

Níl sé i gceist ag an FAI amhlaidh a dhéanamh anseo in Éirinn agus seans go mbeidh muid tamall fada ag fanacht sula gcloisfimid an Ghaeilge ag Corn an Domhain.

Fág freagra ar 'CORN AN DOMHAIN 2022: Lá stairiúil don Bhreatnais agus ár gcéad radharc ar Messi'