Ainm i nGaeilge d’fhoirne sacair na hÉireann curtha as an áireamh ag an FAI

D’fhógair Cumann Sacair na Breataine Bige le gairid go raibh siad ag déanamh machnaimh ar ainm a bhfoirne idirnáisiúnta a athrú go ‘Cymru’

Ainm i nGaeilge d’fhoirne sacair na hÉireann curtha as an áireamh ag an FAI

Tá Cumann Sacair na Breataine Bige i mbun machnaimh ar ainm Breatnaise a thabhairt ar fhoirne sacair na tíre as seo amach, ach níl a leithéid d’athrú ar intinn ag údaráis sacair na hÉireann.

D’fhógair an FAW le gairid go raibh siad ag déanamh machnaimh ar ainm na bhfoirne idirnáisiúnta a athrú go ‘Cymru’, ainm na Breataine Bige sa Bhreatnais.

Faoi láthair, tugtar ‘Wales’ ar fhoirne idirnáisiúnta sacair na Breataine Bige ach dúirt Príomhfheidhmeannach an FAW go rabhthas ag smaoineamh ar ‘Cymru’ a thabhairt ar na foirne théis Chorn an Domhain sa Chatar, comórtas ina bhfuil foireann na Breataine Bige ag glacadh páirte.

Dúirt Cumann Peile na hÉireann [FAI] le Tuairisc nach raibh an cumann ag smaoineamh ar a leithéid a dhéanamh anseo agus ainm Gaeilge a thabhairt ar na foirne idirnáisiúnta.

“Faoi láthair, ní rud é seo go bhfuilimid ag smaoineamh air,” a dúirt urlabhraí ón FAI.

Lorg Tuairisc tuairim an Aire Stáit Jack Chambers, atá freagrach as an nGaeilge agus as cúrsaí spóirt, faoin gceist ach níor chuir sé tuairim ar fáil.

Deir Sinn Féin gur cheart go dtabharfaí ‘Éire’ ar chuile fhoireann idirnáisiúnta atá ag déanamh ionadaíochta ar an tír.

“Ba chóir go mbeadh gach aon fhoireann náisiúnta ag Éirinn, is cuma cén spórt, ag úsáid ‘Éire’ mar ainm dóibh féin,” a dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

‘Republic of Ireland’ a thugtar ar fhoirne idirnáisiúnta sacair na hÉireann.

Dúirt na húdaráis sacair sa Bhreatain Bheag go ndéanfaí plé ceart ar an athrú ainm an bhliain seo chugainn agus go rachfaí i dteagmháil le páirtithe leasmhara.

‘Ainneoin a bhfuil déanta ag gach Seoinín, maireann muid beo’

Dúirt Príomhfheidhmeannach an FAW, an tÉireannach Noel Mooney, go raibh ‘Cymru’ in úsáid cheana féin sa chumarsáid uile a dhéanann an cumann.

“Ba cheart go dtabharfaí Cymru ar an bhfoireann i gcónaí, sin a thugann muid uirthi anseo,” a dúirt Mooney. “Feictear dúinn go bhfuil sé soiléir go dtugtar Cymru orainn sa bhaile. Sin a thugann muid ar ár bhfoirne idirnáisiúnta uile.”

Dúirt Mooney gur labhair an FAW le hionadaithe ón Tuirc ag an tarraingt do chomórtas cáilithe EURO 2024 an mhí seo caite. ‘Türkiye’ anois a thugtar ar fhoireann sacair na tíre tar éis don rialtas cinneadh a dhéanamh ainm an stáit a athrú.

“D’fhiafraigh muid díobh cén treo a bhfuil rudaí ag dul. Mar shampla, an bhfuil daoine ag bogadh i dtreo a dteanga dúchais a úsáid?

“Rud amháin atá a fhios agam ná go bhfuil athbheochan na Breatnaise ar siúl agus tá an-mhórtas ann faoin méid a dhéanann muid leis an gcultúr agus leis an oidhreacht.”

Is i mBreatnais atá an t-amhrán oifigiúil atá cumtha d’fhoireann sacair na Breataine Bige ag Corn an Domhain.

Cuirfidh siad tús leis an gcomórtas anocht agus iad ag imirt in aghaidh Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Fág freagra ar 'Ainm i nGaeilge d’fhoirne sacair na hÉireann curtha as an áireamh ag an FAI'