‘Ainneoin a bhfuil déanta ag gach Seoinín, maireann muid beo’

Cuireann roisc spóirt na Breataine Bige tocht ar dhaoine nach bhfuil baint dá laghad acu leis an áit

‘Ainneoin a bhfuil déanta ag gach Seoinín, maireann muid beo’

Tá an t-amhrán oifigiúil a thabharfaidh foireann sacair na Breataine Bige leo chuig Corn an Domhain ag dul timpeall i mo chloigeann le seachtain.

Ní haon scéal nua go gcuireann roscanna spóirt na tíre sin tocht ar dhaoine nach bhfuil baint dá laghad acu leis an áit. Fiú sa mbaile ag féachaint ar an teilifís bíonn drithlíní i mo chuid fola ag éisteacht le Hen Wlad Fy Nhadau á chanadh ag cluichí rugbaí i gCaerdydd.

Fiú gan focal den teanga a bheith i do phluic féin, tá brí an amhráin le fáil as díograis, dáiríreacht agus mothúchán na bhfonnadóirí.

Baineann an scéal céanna cuid mhaith le hamhrán an tsacair, Yma O Hyd. Bíodh sin mar atá, is é an stair a bhaineann leis agus an bealach a bhfuil glactha ag muintir na Breataine Bige fré chéile leis is mó a dhúisigh mo shuim ann.

Samhlaigh an réabadh a bheadh ann dá ndéarfadh riarthóirí agus lucht leanta an tsacair i dTuaisceart Éireann gurb é amhrán Pete Seeger, We Shall Overcome a chanfaí ag a gcuid cluichí féin.

Sin go pointe áirithe atá tarlaithe sa mBreatain Bheag sa gcás seo.

Amhrán agóide, frithbhunaíochta freisin is ea Yma O Hyd, ceann a chum fear darbh ainm Dafydd Iwan dhá scór bliain ó shin. Deir sé féin gur ar mhaithe le spiorad a mhuintire a threisiú a chum sé an t-amhrán agus lena chur i gcuimhne do dhaoine go raibh a theanga dhúchais á labhairt i gcónaí. ‘Maireann Muid Fós’ is brí leis an teideal.

Tá fáil ar amhráin mar é i dteangacha agus i gcultúir go leor – cinn ina dtéitear siar cúpla míle bliain agus ina ndéantar iarracht an pobal a ghríoaú le héachtraí agus pearsana as an tseanstair. Bíonn curfá spreagúil leo i gcónaí.

Tá siad sin ar fad ag Dafydd Iwan ina amhrán.

Ach tá aon ghné neamhchoitianta eile le fáil ann nach mbíonn i gcónaí ina leithéid eile. Sin go bhfuil tagairtí díreacha ag Iwan d’eachtraí i saol na linne seo. Eachtraí agus gníomhartha a dhéanann agus a rinne dochar don tír agus don teanga a bhfuil oiread sin grá aige dóibh.

Luann sé Maggie Thatcher go sonrach. Léiríonn a dhímheas freisin ar an gcineál duine ar a dtugtar Dic Siôn Dafydd air sa mBreatnais. ‘Cúl le cine’ nó ‘Seoinín’ a thabharfadh muide air – an té a thréigfeadh a theanga agus a dhúchas.

Chloisfeá ‘West Brit’ ar a leithéid freisin.

Nuair a chinntigh an Bhreatain Bheag a n-áit i mbabhtaí ceannais Chorn Sacair an Domhain lena mbua ar an Úcráin i lár an tsamhraidh, tháinig Dafydd Iwan amach ar an bpáirc i Staid na Mílaoise agus dúirt an t-amhrán.

D’imigh a raibh ann as na cranna cumhachta – na focail ar eolas ag na himreoirí ar fad, fiú iad siúd nár tógadh leis an mBreatnais, ní áirím an cúpla duine acu a saolaíodh i Sasana.

Bhí Dafydd Iwan ar dhuine de bhunaitheoirí Plaid Cymru, an páirtí atá ag éileamh neamhspleáchais don tír. Bhí sé ina uachtarán ar an eagraíocht in 2003. Chaith sé tamall i bpríosún i 1970 as a bheith ag cur péint ar chomharthaí bóthair a bhí i mBéarla agus tá clú agus cáil ar a chuid amhrán i measc náisiúnaithe na Breataine Bige le fada fíorchaoin an lá.

Go deimhin i dtús na mílaoise, bhí an t-amhrán atá anois mar rosc ag an bhfoireann sacair ar bharr liosta na gcairteacha sa mBreatain. Ní mó ná go raibh rud éicint san aer tráth an ama sin – cúpla seachtain roimhe sin bhain na Wolfe Tones an stádas céanna amach leis an amhrán ‘Come Out, Ye Black and Tans’!

Idir 25% – 35% de dhaonra na Breataine Bige atá ar son an neamhspleáchais.

Is é a mhéadaíonn mo shuim sa scéal seo gur cosúil nach bhfuil aon locht acu siúd nach mbeadh ar an intinn sin go bhfuil an t-amhrán seo roghnaithe mar rosc. Bheifeá ag súil go mbeadh raic níos mó fós tarraingthe ag an dream atá i gcoinne an neamhspleáchais.

Fós in aon fhíseán atá feicthe agam den chluiche in aghaidh na hÚcráine, nó in aon bhlaiseadh den ócáid atá ar na meáin shóisialta, ní taobh le 25%-35% den slua atá á chanadh.

Sin ainneoin go gcaithfeadh sé go bhfuil focail ag teacht as a gcuid béal nach n-aontódh cuid acu leo, ní áirím iad a bheith ag gabháil fhoinn i dteanga gur beag é a meas uirthi.

Cuir an cás seo i gcomparáid le hAlbain, áit go bhfuil ar a laghad 45% den phobal ag éileamh neamhspleáchais.

Deich mbliana sular chum Dafydd Iwan Yma O Hyd, chum Roy Williamson amhrán dar teideal ‘Flower of Scotland’. Ansiúd tugtar Cath Bhlàr Allt a’ Bhonnaich chun cuimhne agus an bealach ar ruaig Roibeard Brús an Rí Éadbhard agus a chuid saighdiúirí ar ais thar teorainn.

Inniu is é amhrán náisiúnta neamhoifigiúil na hAlban é agus déantar é a chanadh go bríomhar ag cluichí rugbaí agus sacair.

Ach is amhrán Béarla é agus níl sé baol ar chomh gangaideach le hamhrán na Breataine Bige. Baineann sé go hiomlán le heachtraí a tharla os cionn 700 bliain ó shin. Is deacair a shamhlú go mbeadh glacadh chomh mór céanna i bPáirc Hampden agus i Murrayfield le ceann ina nochtfaí cuid de pholasaithe an SNP.

Bheadh baint nach beag ag staid na teanga sa dá thír leis an scéal gan amhras. Tá an Bhreatnais ag 21% de dhaonra na tíre sin agus í á cleachtadh i gcónaí i gcathracha agus i mbailte. 1% de dhaonra na hAlban a labhraíonn an Gháidhlig, iad scoite amach sna Garbhchríocha agus sna hoileáin.

Faoi láthair tá Eagraíocht Sacair na Breataine Bige (FAW) i mbun comhráite le UEFA féachaint an bhféadfaí an t-ainm ‘Cymru’ a thabhairt go hoifigiúil ar an tír nuair a thagann a hainm i gceist in aon rud a bhaineann leis an sacar go hidirnáisiúnta.

Mar a luaigh mé tamall ó shin ar an leathanach seo, sin an leagan a úsáideann an FAW féin go hinmheánach agus in aon chumarsáid a bhíonn acu go hidirnáisiúnta.

Sí an Bhreatnais a labhartar i gceanncheathrú na heagraíochta i Glamorgan.

Ón am a ndearna mé cur síos air sin, tá Príomhfheidhmeannach nua gafa i gceannas ar an FAW – fear darbh ainm Noel Mooney. Ar an gCeapach Mhór i gCo. Luimnigh a rugadh agus a tógadh eisean. Bhí Mooney ag obair le UEFA nuair a ceapadh ina phost nua é i mbliana, go deimhin tugadh ar iasacht é don FAI agus cúrsaí ansiúd ina gcíor thuathail in 2019.

Tá Noel ag foghlaim na Breatnaise i láthair na huaire agus é de chuspóir aige a bheith in ann freastal ar an Eisteddfod an bhliain seo chugainn agus freagraí a ghlacadh ón bpobal ag seisiún oscailte ansiúd.

Is ar éigean go mbeadh sin amhlaidh dá bhfanfadh Noel go buan i mBaile an Aba agus is ar éigean go mba air féin a bheadh a locht sin ach an oiread.

Yma O Hyd Maireann Muid Fós
1

Dwyt ti’m yn cofio Macsen

Does neb yn ei nabod o

Mae mil a chwe chant o flynyddoedd

Yn amser rhy hir i’r co’

Pan aeth Magnus Maximus o Gymru

Yn y flwyddyn tri-chant-wyth-tri

A’n gadael yn genedl gyfan

A heddiw: wele ni!

(CURFÁ x2)

Ry’n ni yma o hyd

Ry’n ni yma o hyd

Er gwaetha pawb a phopeth

Er gwaetha pawb a phopeth

Er gwaetha pawb a phopeth

2

Chwythed y gwynt o’r Dwyrain

Rhued y storm o’r môr

Hollted y mellt yr wybren

A gwaedded y daran encôr

Llifed dagrau’r gwangalon

A llyfed y taeog y llawr

Er dued yw’r fagddu o’n cwmpas

Ry’n ni’n barod am doriad y wawr!2

(CURFÁ x2)

3

Cofiwn i Facsen Wledig

Adael ein gwlad yn un darn

A bloeddiwn gerbron y gwledydd

Mi fyddwn yma tan Ddydd y Farn!

Er gwaetha pob Dic Siôn Dafydd

Er gwaetha ‘rhen Fagi a’i chriw

Byddwn yma hyd ddiwedd amser

A bydd yr iaith Gymraeg yn fyw!

(CURFÁ x2)

1

Ní cuimhin leat Macsen *

Tá sé ligthe i ndearmad

Imithe le 1,600 bliain

Dothomhaiste ag an intinn

Ar fhágáil na Breataine Big dó

Sa mbliain 383

B’aon náisiún amháin muid,

Féach orainn inniu

(CURFÁ x 2)

Maireann muid fós

Maireann muid fós

D’ainneoin cách is gach rud

D’ainneoin cách is gach rud

D’ainneoin cách is gach rud

2

Cead séidte ag an nGaoth Anoir

Cead réabtha ag an teiscinn mhór

Scoilteadh scal tintrí na spéartha

agus béiceadh an toirneach ‘encore’

Bíodh a ndeora ag lucht na meatachta

agus líodh an sclábhaí an lár

dá dhorcha an duibhe ‘nár dtimpeall

Tá breacadh an lae inár ngar

(CURFÁ x2)

3

Cuimhníodh muid ar an Impire Macsen*

a rinne aon phobal dár dtír,

agus fógraíodh muid do na náisiúin

go mbeidh muid anseo go Lá an Bhrátha!

Ainneoin a bhfuil déanta ag gach Seoinín

Agus ainneoin sean-Mhaggie ‘s a criú

Beidh muid anseo choíche ‘s go deo

Agus mairfidh an Bhreatnais beo !

(CURFÁ x2)

Fós

* Macsen/Maxen Wledig : Baint mhór ag a ríshliocht le cuid de ríochta móra na Breataine Bige, más fíor.

Tá mé fíorbhuíoch de Liam Ó Mathúna a chuir an leagan Gaeilge den amhrán ar fáil.

Fág freagra ar '‘Ainneoin a bhfuil déanta ag gach Seoinín, maireann muid beo’'

  • jpmorley0@gmail.com

    Ceard faoi The Fields of Athenry? Amhrán a cumadh i gcuimhne ar an nGorta Mór! Tuige a mbíonn sé sin á chanadh ag lucht rugbaí? Cén ceangal atá idir rugbaí agus ocras, ainnise, galar, bás? Agus ceard faoi Amhrán na bhFiann? Tuige nach bhfuil sé á mhúineadh don aos óg? Bíd ina mbalbháin ag na cluichí, dála formhór gach duine eile. Na himreoirí féin ag ligean orthu go bhfuil sé ar eolas acu. Nach bhfuil Rosc Catha na Mumhan ann, arb amhrán iontach, anamúil, inspioráideach, ceolmhar é? Cé chanfadh/déarfadh é sin? B’fhéidir go gcumfadh Ciarán Ó Fátharta nó John Beag amhrán a mbeadh glacadh ag lucht spóirt leis? Bheidís an-ábalta chuige. Is náire shaolta dhúinn mar náisiún nach féidir linn ár nAmhrán Náisiúnta féin a chanadh/rá. Folús cultúrtha, leisce, patuaire, mairbhití. Cymru am bith.