Corcaigh ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann agus na Cait cloíte acu faoi dheireadh

I gcluiche a chas bealach amháin, bealach eile agus ansin ar ais arís, ba iad na Corcaígh a bhí chun tosaigh théis am breise

Corcaigh ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann agus na Cait cloíte acu faoi dheireadh

Corcaigh 1-37 Cill Chainnigh 1-32

Iománaithe Chorcaí a bheidh le Luimneach i gcluiche ceannais na hÉireann 2021 tar éis dóibh cluiche dochreidte a bhuachan in aghaidh Chill Chainnigh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

I gcluiche a chas bealach amháin, bealach eile agus ansin ar ais arís, ba iad na Corcaígh a a bhí chun tosaigh théis am breise. Sa choimhlint a mhair nach mór 100 nóiméad, aimsíodh 71 scór ar fad agus d’fhéadfadh dosaen eile a bheith curtha leo sin go héasca.

Ar shlí b’éigean do Chorcaigh an cluiche a bhuachan faoi dhó. Bhí cuma na maitheasa orthu agus iad sé phointe chun tosaigh théis 62 nóiméad ach lig siad do Chill Chainnigh teacht ar ais sa chluiche. Bhíodar fós trí phointe chun tosaigh agus an t-am nach mór caite ach sciobadh an liathróid ó Tim O’Mahony agus é ag teacht amach agus fuair Adrian Mullen cúl gleoite do Chill Chainnigh chun an t-am breise a chinntiú.

Adrian Mullen ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Léirigh imreoirí Chorcaí, O’Mahony ina measc, an-mhianach chun an tubaiste sin a chur díobh, áfach, agus ba iad an fhoireann ab fhearr in am breise.

Bhí siad pointe chun tosaigh nuair a fuair Jack O’Connor an scór cinniúnach théis naoi nóiméad sa chéad leath d’am breise. Fuair O’Connor seilbh an tsliotair faoi scáth Ardáin Uí Ógáin, ghearr sé isteach i dtreo an chúil agus bháigh sé a iarracht díreach isteach sa chúige.

Trí phointe chun tosaigh a bhí Corcaigh ag leath ama agus bhí siad sé phointe chun cinn luath sa dara leath tar éis do Jack O’Connor, Alan Cadogan agus Séamus Harnedy pointí a scóráil.

Jack O’Connor. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Rinne Cill Chainnigh iarracht ar theacht ar ais arís sa chluiche ach theip orthu an deis ar chúl a bhí ag teastáil a chruthú. Nuair a chuir Declan Dalton Corcaigh cúig phointe idir na foirne arís théis 89 nóiméad, bhí rás na gCat rite.

D’fhág pointe Dalton go bhfuair ionadaithe Chorcaí 11 pointe sa chluiche agus bhí a dtionchar cinniúnach. Péire a fuair na hionadaithe a chuir Brian Cody chun páirce.

Bhí Shane Kingston, a tháinig isteach ag leath ama, iontach ar fad. Seacht bpointe a fuair mac an bhainisteora agus trí cinn eile a fuair Alan Cadogan agus  d’fhéadfadh sé cúpla cúl a bheith curtha aige leis an t-iomlán sin.

Ní raibh cosantóirí Chill Chainnigh in ann ag coisíocht Kingston, Cadogan, ná Jack O’Connor, a bhí an-chiúin sa chéad leath ach a bhí ar fheabhas ina dhiaidh sin.

Bhí Corcaigh ag brath rómhór ar Patrick Horgan sa chéad leath sin. Deich bpointe a fuair an lántosach sa chéad 35 nóiméad, ceithre cinn díobh sin ag teacht ón imirt. Níor aimsigh ach ceathrar eile scór do Chorcaigh agus ní bhfuair aon duine acusan níos mó ná aon phointe amháin. Ar an taobh eile, bhí pointí scóráilte ag naonúr de na Cait agus iad 0-15 in aghaidh 0-13 chun cinn ag leath ama.

Chuir Cill Chainnigh tús maith leis an dara leath agus bhíodar ceithre phointe chun tosaigh théis 41 nóiméad, ach sa chéad 20 nóiméad ina dhiaidh sin, scóráil Corcaigh 0-13 gan ach trí phointe faighte ag Cill Chainnigh mar fhreagra orthu.

Bhí Corcaigh 0-28 in aghaidh 0-22 chun tosaigh faoin am sin ach thiteadar as a chéile. Fuair Walter Walsh, TJ Reid, Adrian Mullen agus Eoin Cody pointí chun an bhearna a laghdú agus cé go bhfuair Jack O’Connor scór  do Chorcaigh, chuir Luke Meade, Alan Connolly agus Patrick Horgan drochiarrachtaí amú sula bhfuair Mullen an cúl a chuir na foirne ar comhscór.

Robert Downey agus Damien Cahalane. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Údar imní a bheidh i gcuid de na gortuithe a baineadh d’imreoirí Chorcaí, áfach. Bhí ar Ger Millerick, a bhí ag déanamh go maith ar TJ Reid, an imirt a fhágáil roimh leath ama agus bhí Robbie O’Flynn, Mark Coleman, Conor Cahalane agus Jack O’Connor uile leonta agus iad ag fágáil na páirce, cé go raibh an chuma ar an scéal gur crampaí a bhí ag cur as don bheirt dheireanach sin.

Pé scéal é, beidh gach duine ag teastáil do Kieran Kingston má tá Corcaigh chun Luimneach a shárú faoi cheann coicíse agus Corn Mhic Chárthaigh a thabhairt leo den chéad uair ó 2005.

Corcaigh: P. Collins; N. O’Leary (0-1), R. Downey, S. O’Donoghue; T. O’Mahony, M. Coleman (0-1), G. Millerick; D. Fitzgibbon (0-1), L. Meade; C. Cahalane; S. Harnedy (0-2), R. O’Flynn (0-2); S. Barrett (0-1), P. Horgan (0-15, 0-9 ó phocanna saora), J. O’Connor (1-3). Fir Ionaid: E. Cadogan in áit G. Mellerick (35 nóim), S. Kingston (0-7) in áit D. Fitzgibbon (41 nóim), A. Cadogan (0-3) in áit S. Barrett (46 nóim), D. Cahalane in áit R O’Flynn (67 nóim), A. Connolly in áit C. Cahalane (70 nóim), S. O’Leary-Hayes in áit M. Coleman (80 nóim), D. Fitzgibbon in áit L. Meade (83 nóim), D. Dalton (0-1) in áit J. O’Connor (85 nóim).

Cill Chainnigh: E. Murphy; T. Walsh; H. Lawlor, P. Deegan; J. Maher (0-1), P. Walsh (0-1), M. Carey (0-1); C. Fogarty (0-1), R. Reid (0-1); A. Mullen (1-3), J. Donnelly, B. Ryan (0-5); E. Cody (0-4), TJ Reid (0-15, 0-12 ó phocanna saora, 0-3 ó phocanna ’65), A. Murphy (0-1). Fir Ionaid: M. Keoghan in áiy J. Donnelly (leath ama), C. Buckley in áit R. Reid (50 nóim), W. Walsh (0-1) in áit A. Murphy (51 nóim), J. Bergin in áit M. Keoghan (59 nóim), R. Hogan (0-1) in áit E. Cody (80 nóim), J. Donnelly in áit B. Ryan (87 nóim), R. Reid in áit J. Maher (89 nóim).

Réiteoir: Fergal Horgan.

Fág freagra ar 'Corcaigh ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann agus na Cait cloíte acu faoi dheireadh'