Tá an córas nua á fhorbairt ag an Údarás mar chuid d’athbhreithniú atá á dhéanamh ar an gcur chuige atá acu maidir le monatóireacht teanga a dhéanamh ar na comhlachtaí a mbíonn siad ag tacú leo.
Tugadh le fios sa Dáil níos túisce i mbliana go mbíonn íocaíocht deontas an Údaráis ag brath ar choinníollacha teanga, ach ní raibh aon mhioneolas ag an Údarás faoi cé mhéad uair a sáraíodh na coinníollacha sin le deich mbliana anuas.
Dúirt an tÚdarás nach raibh aon taifead acu d’aon chás le deich mbliana anuas inar coinníodh siar deontas ó chomhlacht mar nár chloígh siad le coinníollacha teanga.
Thug an tÚdarás le fios go bhfuil trí chéim san athbhreithniú agus go bhfuil an chéad cheann acu curtha i gcrích.
Sa chéad chéim deineadh athbhreithniú ar “riachtanais na heagraíochta” ó thaobh cur chun cinn na teanga ina cliantchomhlachtaí. Deineadh scagadh chomh maith ar na córais riaracháin a bhí ann chun pleananna teanga a aontú le comhlachtaí agus chun monatóireacht a dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm ina dhiaidh sin.
Maítear go bhfuil cuid de na moltaí a tháinig chun cinn sa chéad chéim den athbhreithniú á gcur i bhfeidhm cheana féin san eagraíocht.
Dúradh go bhfuil “córais inmheánacha lárnach agus ar líne” á bhforbairt chun go mbeadh an obair mhonatóireachta teanga níos “éifeachtaí”.
Chomh maith leis sin tá sé i gceist tosú ar phleananna teanga a phlé le comhlachtaí a luaithe is a dhéanann siad fiosrúchán faoi ghnó a bhunú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht. Tá cinneadh déanta chomh maith go dteastaíonn tacaíocht bhreise agus cur chuige nua chun “cliantchomhlachtaí a spreagadh agus a mhealladh leis an nGaeilge a chur chun cinn sa ghnó go hinmheánach agus go seachtrach”.
Tá tús curtha anois leis an dara céim den athbhreithniú ar an tslí a dhéanann an tÚdarás monatóireacht teanga ar na comhlachtaí a mbíonn siad ag tacú leo.
Mar chuid den chéim seo déanfar taighde i measc na gcliantchomhlachtaí féin agus a gcuid fostaithe le heolas agus tuairimí a fháil a bheidh “mar bhunús do chlár tacaíochta nua a fhorbairt dírithe ar na cliaint a mhealladh agus a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn”.
Bainfidh an tríú céim den obair athbhreithnithe seo le cur i bhfeidhm na moltaí a thiocfaidh ón obair thaighde agus le forbairt an chláir tacaíochta.
Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh sé “tábhachtach” go mbeadh a fhios ag daoine cén uair a chríochnófar an t-athbhreithniú agus an bhfoilseofar é agus d’iarr sí an t-eolas sin ar Aire Stáit na Gaeltachta.
“Is cuid lárnach é seo den ról atá aige [an tÚdarás] chun an Ghaeilge a chur chun cinn,” arsa Catherine Connolly.
“Ní raibh monatóireacht éifeachtach i gceist go dtí seo. Ar a laghad tá sé sin admhaithe ag Údarás na Gaeltachta anois agus tá tús curtha leis an bpróiseas seo. Tá sé tábhachtach fostaíocht a mhealladh; gan í ní bheadh Gaeltacht ann. Chomh maith leis sin, gan an polasaí ceart ó thaobh na teanga de, ní bheadh Gaeltacht ann ach oiread.
“Tá an dá rud fite fuaite le chéile. Is é seo an chéad uair a bhfuil monatóireacht éifeachtach i gceist. Tá sé tábhachtach soiléiriú a thabhairt dom. Cén uair a thosaigh an taighde? Cén uair a bheidh sé críochnaithe? Cé atá taobh thiar de? An bhfoilseofar na torthaí?”
Fág freagra ar 'Córas nua á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta chun monatóireacht teanga a dhéanamh ar chomhlachtaí'