Conradh na Gaeilge sásta diúltú d’ardú buiséid chun aird a tharraingt ar chás grúpaí pobail

Tá ardú buiséid a thairiscint ag Foras na Gaeilge do Chonradh na Gaeilge den chéad uair le sé bliana, ach tá an eagraíocht ag iarraidh go gcaithfí an t-airgead breise ar scéim maoinithe na ngrúpaí pobail

Conradh na Gaeilge sásta diúltú d’ardú buiséid chun aird a tharraingt ar chás grúpaí pobail

Tá Conradh na Gaeilge ag tairiscint an chéad ardú buiséid a fuair siad le sé bliana anuas a thabhairt ar ais d’Fhoras na Gaeilge ar an tuiscint go roinnfí an t-airgead ar ghrúpaí pobail.

Tá an tairiscint sin déanta i scríbhinn ag Conradh na Gaeilge leis an bhForas roimh chruinniú de chuid Bhord Fhoras na Gaeilge a bheidh ar súil inniu.

Thairg Foras na Gaeilge ardú €41,623 do Chonradh na Gaeilge le déanaí, 5% de bhuiséad reatha na heagraíochta, ach tá an Conradh ag iarraidh go gcaithfí an t-airgead sin ar an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge 2022-2024.

Tiocfaidh an scéim nua seo in áit na Scéime Pobal Gaeilge (SPG) agus cuirfear tús léi an bhliain seo chugainn.

Tá easaontas le tamall idir an Conradh agus Foras na Gaeilge faoin méid airgid a chuirtear ar fáil do na scéimeanna pobail ar fud na tíre agus deir Conradh na Gaeilge go bhfuil siad sásta diúltú don ardú buiséid chun aird a tharraingt ar a bhfeachtas ar son níos mó airgid a thabhairt do na grúpaí pobail.

Faoin tseanscéim, €42,000 in aghaidh na bliana a bhí á thabhairt do ghrúpaí pobail chun a scéim a reáchtáil agus €47,000 a bheidh i gceist faoin scéim nua.

Deir Conradh na Gaeilge agus na grúpaí pobail gur €55,000 sa bhliain a theastaíonn ionas go mbeifí in ann duine a fhostú go lán-aimseartha chun na scéimeanna ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge a reáchtáil.

Dá nglacfaí le tairiscint an Chonartha, dháilfí an €41,623 ar na grúpaí atá le maoiniú faoin scéim. Thart ar €1,500 an ghrúpa a bheadh i gceist, dar leis an gConradh.

Chuir Foras na Gaeilge in iúl don Chonradh le déanaí go raibh ardú buiséid le tabhairt dóibh den chéad uair ó 2015. Bhí an Foras ag iarraidh go mbainfí úsáid as an airgead breise chun an Ghaeilge a chur chinn i measc na nÉireannach nua agus chun cabhrú leis an nGaeilge a chur chun cinn sna hinstitiúidí tríú leibhéal.

Deir Conradh na Gaeilge go raibh sé i gceist acu cur lena gcuid oibre sna réimsí sin cheana féin agus, cé go bhfuil “géarghá” ag an eagraíocht le maoiniú breise i réimsí éagsúla, gur chóir tús áite a thabhairt do na scéimeanna pobail atá “ar an ngannchuid”.

Measann Conradh na Gaeilge go bhfuil Foras na Gaeilge in acmhainn an maoiniú €55,000 in aghaidh na bliana a thabhairt do na grúpaí faoin scéim nua ós rud é gur chuir na rialtais ó thuaidh agus ó dheas €1.7 milliún breise ar fáil don eagraíocht trasteorann do 2022.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, cheana go raibh sé go láidir den tuairim gur a bhuíochas d’obair stocaireachta na ngrúpaí atá faoin SPG a cuireadh an maoiniú breise sin ar fáil don Fhoras.

“Anois go bhfuil an maoiniú breise sin ag Foras na Gaeilge, níl an Foras ag aithint na hoibre sin agus ag tabhairt cothrom na Féinne dóibh,” a dúirt de Spáinn.

Deir Conradh na Gaeilge gur éileamh “réasúnta” atá sa €55,000, go háirithe nuair a bhíodh €80,000 in aghaidh na bliana á fháil ag grúpaí a bhíodh ag feidhmiú faoin SPG.

Agus é os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais anuraidh, dúirt Julian de Spáinn go raibh na ciorruithe a rinne Foras na Gaeilge ar mhaoiniú na ngrúpaí pobail ar cheann de na ciorruithe “is suaracha a cuireadh i bhfeidhm ar obair na Gaeilge sa phobal riamh”.

Tá go dtí Dé Luain seo chugainn, an 2 Lúnasa, ag grúpaí pobail le cur isteach ar an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge 2022-2024 agus deir Conradh na Gaeilge go bhfuil an deis ann go fóill an maoiniú a chuirfear ar fáil dóibh a ardú.

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge sásta diúltú d’ardú buiséid chun aird a tharraingt ar chás grúpaí pobail'