Connors agus Keenan ainmnithe ar fhoireann na hÉireann den chéad uair

Tá cúig athrú déanta ag Andy Farrell ar an bhfoireann a chuir sé chun páirce sa chluiche in aghaidh Shasana mí Feabhra

Connors agus Keenan ainmnithe ar fhoireann na hÉireann den chéad uair

Imreoidh beirt ó Chúige Laighean, Will Connors agus Hugo Keenan, a gcéad chluiche d’fhoireann rugbaí na hÉireann Dé Sathairn agus iad ainmnithe ar an bhfoireann a thabharfaidh aghaidh ar an Iodáil i gCraobh na Sé Náisiún.

Tá gach seans ann go n-imreoidh beirt eile ón gcúige d’Éirinn den chéad uair ag an deireadh seachtaine chomh maith agus Ed Byrne agus Jamison Gibson-Park ainmnithe i measc na n-ionadaithe.

Is é seo an chéad chluiche ag foireann na hÉireann ó thús an earraigh. Bhí an cluiche i gcoinne na hIodáile le bheith ann mí an Mhárta ach cuireadh ar athlá é de bharr na paindéime.

Tá seans fós ag foireann Andy Farrell an chraobh a thabhairt leo ach caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar an Iodáil agus ar an bhFrainc agus pointí bónais a fháil sa dá chluiche.

Tá cúig athrú déanta ag Farrell ar an bhfoireann dheireanach a chuir sé chun páirce sa chluiche in aghaidh Shasana mí Feabhra, cluiche a chaill siad.

Tá Cian Healy agus Rob Herring fós sa líne thosaigh ach tá Andrew Porter anois taobh leo.

Tá Tadhg Beirne agus James Ryan sa dara líne agus tá Caelan Doris, Will Connors agus CJ Stander taobh thiar díobh.

Is iad Conor Murray agus Johnny Sexton na leathchúlaithe agus tá Bundee Aki agus Garry Ringrose i lár na páirce. Hugo Keenan agus Andrew Conway atá ar na cliatháin agus tá Jacob Stockdale curtha siar mar lánchúlaí.

Tá Sasana ar bharr an tábla i láthair na huaire agus ceithre chluiche imeartha acu. Níl ar siúl an deireadh seachtaine seo ach an cluiche idir Éirinn agus an Iodáil. Imreofar an babhta deireanach cluichí Dé Sathairn an 31 Deireadh Fómhair.

Foireann na hÉireann v An Iodáil

1. Cian Healy
2. Rob Herring
3. Andrew Porter
4. Tadhg Beirne
5. James Ryan
6. Caelan Doris
7. Will Connors
8. CJ Stander
9. Conor Murray
10. Johnny Sexton (captain)
11. Hugo Keenan
12. Bundee Aki
13. Garry Ringrose
14. Andrew Conway
15. Jacob Stockdale

Ionadaithe:

16. Dave Heffernan
17. Ed Byrne
18. Finlay Bealham
19. Ultan Dillane
20. Peter O’Mahony
21. Jamison Gibson-Park
22. Ross Byrne
23. Robbie Henshaw

Fág freagra ar 'Connors agus Keenan ainmnithe ar fhoireann na hÉireann den chéad uair'

  • Ivan

    D’ainmnigh Andy foireann spéisiúil. Níl ann ach Iodáil!
    Tá brú mór ar Conor Murray anois. Tá Jamison Gibson-Park ar fheabhas! Tabharfaidh sé luas ina phas nuair a tiochfaidh sé ar an pairc. Tá súil agam go mbeidh sé uimhir a 9 an bhlian seo chugainn.
    Tá imní orm faoi Jacob ag uimhir 15. Is féidir leis rith ach an féidir leis cosaint? Níl is agam.
    Is Iodail é ar aon nós! Buafaidh Éirinn go héasca…..ach an cuimhníonn tú ar an tSeapáin?