Conas go bhfuil bille teanga againn faoi dheireadh tar éis fanacht blianta air?

Fiosraíonn Tuairisc na cúiseanna éagsúla gur éirigh le hAire Stáit na Gaeltachta bille teanga níos láidre a chur tríd

Conas go bhfuil bille teanga againn faoi dheireadh tar éis fanacht blianta air?

Cothrom na seachtaine seo dhá bhliain ó shin, thug an t-iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne le fios gur le saothar a cuireadh ina luí ar chuid dá chomhghleacaithe a mbeannacht a thabhairt don bhille teanga a bhí curtha faoi bhráid an rialtais aige.

Go deimhin is cosúil gur bhain doicheall roinnt airí rialtais roimh an mbille creathadh as an aire stáit.

Ní haon núíosach Kyne agus thuig sé nach gan freasúra a bheadh a bhille.

Ach ba léir gurbh é a dhiongbháilte is a bhí tuairimí cuid de na hairí a raibh amhras orthu faoin mbille a bhain siar as, go háirithe agus an dréachtreachtaíocht féin i bhfad níos laige agus níos neamhurchóidí ó thaobh cearta teanga is a bhí na ceannteidil a foilsíodh cúpla bliain roimhe sin.

Níor ainmnigh agus níor dhamnaigh Kyne aon aire a labhair amach i gcoinne an bhille teanga ag an gcruinniú rialtais Dé Máirt an 10 Nollaig 2019, ach ní raibh aon easpa daoine a bhféadfaí amhras a chaitheamh orthu i rialtas mionlaigh Fhine Gael.

Duine amháin a thug tacaíocht láidir don bhille ba ea Joe McHugh, iar-aire stáit Gaeltachta a thuig go maith nárbh aon dóithín an obair í an tábhacht a bhain le cás na Gaeilge a chur ina luí ar airí áirithe.

In 2014 d’fhoilsigh McHugh féin ceannteidil do bhille nua chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú a bhí chomh lag sin gur mheas an Coimisinéir Teanga agus eagrais teanga gurbh amhlaidh gur lagú seachas láidriú ar an acht a dhéanfadh na leasuithe a bhí molta.

Is cosúil gur shocraigh Joe McHugh nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid agus caitheadh na ceannteidil sin i dtraipisí.

Seacht mbliana níos déanaí agus tá bille teanga i bhfad Éireann níos láidre ná mar a bhí á mholadh ag Joe McHugh ná ag Seán Kyne curtha trí Thithe an Oireachtais ag Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers.

Cad a d’athraigh ó shin?

Dar le roinnt foinsí ar labhair Tuairisc leo ba é an t-athrú ab fhollasaí an ceann ba thábhachtaí – tháinig comhrialtas nua isteach.

An uair seo, bhí tacaíocht a pháirtí féin, Fianna Fáil, agus an Chomhaontais Ghlais ag an aire stáit.

Rud lán chomh tábhachtach céanna, b’fhéidir, bhí aire sinsearach anois i Roinn na Gaeltachta nach raibh naimhdeach nó patuar faoin nGaeilge.

Deir roinnt daoine a bhfuil cur amach acu ar shonraí aistear an bhille go mba mhór an chabhair tacaíocht an Aire Catherine Martin do chás na reachtaíochta.

‘Lá stairiúil’ – bille teanga nua rite i dTithe an Oireachtais

Ceathrar airí sinsearacha a bhí i bhfeighil ar Roinn na Gaeltachta sa tréimhse deich mbliana ó d’fhógair an t-iar-aire stáit Dinny McGinley, in 2011, go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla – Jimmy Deenihan, Heather Humphreys, Josepha Madigan agus Catherine Martin.

Má bhí Deenihan patuar agus pragmatach go maith faoi cheist na teanga, meascán den neamhshuim, den toirtéis agus den tarcaisne a bhí le braistint uaireanta ar dhearcadh Humphreys agus Madigan ina leith.

Seasamh ar mhaide lofa ba ea é ag McGinley, McHugh agus Kyne a bheith ag brath ar a gcairde sa chúirt agus sa mhéid sin bhíodar faoi dhrámh ó thús i gcomparáid le Chambers.

Dúirt foinsí áirithe ar labhair Tuairisc.ie leo, áfach, nár cheart beag is fiú a dhéanamh d’uaillmhian Chambers féin i leith an bhille.

Fuair Chambers tacaíocht an Rialtais don bhreis is 50 leasú a chuir sé féin agus a oifigigh i Roinn na Gaeltachta chun cinn.

Cé go raibh cur chuige an fhreasúra i leith na díospóireachta faoin mbille scaipthe go maith uaireanta, is cinnte gur buntáiste a bhí ann go bhfuil grúpa beag Teachtaí Dála agus Seanadóirí i dTithe an Oireachtais faoi láthair a bhfuil suim acu sa teanga.

Choimeád leithéidí Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, agus Catherine Connolly, Neamhspleách, an plé faoin mbille ag imeacht le linn na dianghlasála agus chéim fhadálach an choiste. Ba léir freisin óna gcuid ráiteas go raibh tionchar nach beag orthu ag an gcur síos a rinne an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ar theip na reachtaíochta ag coistí Oireachtais agus ina chuid tráchtaireachta ar chóras na scéimeanna teanga.

An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill

Ar ndóigh ba é Seán Ó Cuirreáin, an chéad choimisinéir teanga, a tharraing aird ar chuid de na laigí is bunúsaí ar chur chuige an státchórais nuair a d’éirigh sé as a chúram i dtosach na bliana 2014 mar agóid in aghaidh fhaillí an stáit i leith na teanga.

Níl aon amhras ach gur chuir Ó Cuirreáin daoine i mbólaí éagsúla ag machnamh ar chuid de na fadhbanna atá aitheanta sa bhille nua.

Cé nár glacadh le haon cheann de na céadta moladh a dhein an freasúra i leith an bhille, d’éirigh leo brú a chur ar an Aire Stáit athruithe suntasacha chun feabhais a dhéanamh ar an reachtaíocht i gcásanna áirithe.

Bhí ról suimiúil sa díospóireacht chomh maith ag Éamon Ó Cuív, an t-iar-aire Gaeltachta a thug isteach an tAcht Teanga. Bhí cos amháin sa rialtas agus an chos eile sa bhfreasúra ag an seanfhondúir de chuid Fhianna Fáil le linn an phlé.

Níl aon amhras ach gur éirigh leis, ar a bhealach féin, a lorg a fhágáil ar an reachtaíocht nua agus tuigtear go raibh Aire Stáit na Gaeltachta breá toilteanach éisteacht lena chomhairle.

Ba cheart aitheantas mar is cóir a thabhairt  chomh maith do Chonradh na Gaeilge. Cé gur chuir an Conradh fáilte roimh bhille lochtach 2019 agus cé go raibh baint acu le cuid mhaith de na céadta leasú a mhol an freasúra, is léir go raibh cur chuige níos straitéisí agus níos praiticiúla ag an eagraíocht teanga agus iad i mbun stocaireachta go discréideach le polaiteoirí agus státseirbhísigh.

Ar deireadh thiar, tar éis fanacht breis is deich mbliana, deineadh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le linn paindéim dhomhanda.

Dúirt foinse amháin nárbh aon chomhtharlúint é sin ar cúpla cúis. An chéad cheann ná gur fusa uaireanta reachtaíocht a mheastar nach bhfuil oiread sin tábhachta ag baint léi a chur tríd nuair atá polaiteoirí agus státseirbhísigh gafa le scéal mór.

An dara cúis ná go mb’fhéidir gur léirigh an phaindéim níos soiléire ná riamh do dhaoine a imeallaithe is atá an Ghaeilge i stát atá ina stát aonteangach geall leis.

Ní bille gan locht é an bille nua ach tá sé níos láidre ná mar a bhí agus beidh pobal na Gaeilge ag súil anois go mbainfear leas as chun iarracht mhacánta a dhéanamh srian a chur leis an imeallú gan staonadh sin atá á dhéanamh ar a dteanga.

Fág freagra ar 'Conas go bhfuil bille teanga againn faoi dheireadh tar éis fanacht blianta air?'

  • Seán Mag Leannáin

    Alt tomhaiste cothromach a aithníonn na daoine éagsúla a thacaigh leis an reachtaíocht a chur than abhainn. Cuireann sé i gcuimhne dúinn freisin na daoine mór le rá i bhFine Gael nach raibh sásta a dtóin a bhogadh ar son na Gaeilge. “Ceathrar airí sinsearacha a bhí i bhfeighil ar Roinn na Gaeltachta sa tréimhse deich mbliana ó d’fhógair an t-iar-aire stáit Dinny McGinley, in 2011, go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla – Jimmy Deenihan, Heather Humphreys, Josepha Madigan agus Catherine Martin.

    Má bhí Deenihan patuar agus pragmatach go maith faoi cheist na teanga, meascán den neamhshuim, den toirtéis agus den tarcaisne a bhí le braistint uaireanta ar dhearcadh Humphreys agus Madigan ina leith.

    Dúirt foinsí áirithe ar labhair Tuairisc.ie leo, áfach, nár cheart beag is fiú a dhéanamh d’uaillmhian Chambers féin i leith an bhille. Fuair Chambers tacaíocht an Rialtais don bhreis is 50 leasú a chuir sé féin agus a oifigigh i Roinn na Gaeltachta chun cinn… is cinnte gur buntáiste a bhí ann go bhfuil grúpa beag Teachtaí Dála agus Seanadóirí i dTithe an Oireachtais faoi láthair a bhfuil suim acu sa teanga” – Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, agus Catherine Connolly, Neamhspleách, ina measc. “Bhí ról suimiúil sa díospóireacht chomh maith ag Éamon Ó Cuív, an t-iar-aire Gaeltachta a thug isteach an tAcht Teanga…”

  • John

    An-chur síos ar an bpróiseas trí chéile, ach níl le déanamh anois ach é a chur i bhfeidhm!