Dá mbeadh colún á scríobh anseo faoin dochar a dhéanfaidh an Breatimeacht (níl, ná bíodh imní ort!), bheadh liosta fada fadhbanna le cíoradh. Is deacra smaoineamh ar an tairbhe a bhainfidh Éire as an litir imeachta a chuir Theresa May go Donald Tusk inné.
Faoi láthair, ní léir ach réimse eacnamaíochta amháin ina rachaidh Brexit chun sochair don tír seo. Ní bheidh aon dul as ag scata mór banc, comhlachtaí árachais agus gnólachtaí airgeadais eile ach páirt-aistriú ar a laghad go dtí ballstáit an Aontais Eorpaigh.
Thosaigh iomaíocht ghéar idir cathracha móra na hEorpa díreach tar éis fógairt thoradh an reifrinn sa Ríocht Aontaithe naoi mí ó shin. Na príomhchathracha atá páirteach: Frankfurt, Páras, Luxembourg, Amsterdam, Milano, Madrid, agus Baile Átha Cliath.
Neosfar torthaí an chomórtais eatarthu sula i bhfad. Teastaíonn cinnteacht ó gach comhlacht. Tá an príomhscéal cinnte ó inné. Fógróidh lear mór comhlachtaí a roghanna maidir le haistriú sa dara ráithe de 2017, dar le príomhfheidhmeannach an IDA, Martin Shanahan.
Ní nach ionadh, meastar go bhfuil Frankfurt chun cinn ar na cathracha eile atá ag iarraidh comhlachtaí a mhealladh. Taobh amuigh de Londain, níl aon chathair eile inchurtha le Frankfurt mar lárionad airgeadais. Ach tá buanna ar leith ag gach cathair.
Is ábhar misnigh é mar sin gur tugadh an phríomháit do chomparáid idir Frankfurt, Páras agus Baile Átha Cliath i suirbhé a d’fhoilsigh an Financial Times an tseachtain seo caite. I mbeagán focal, seo mar a rinne an nuachtán comparáid eatarthu.
Páras
Buntáistí: feachtas bolscaireachta láidir, mórionaid chultúrtha.
Míbhuntáistí: Drochmheas sa bhFrainc ar an earnáil airgeadais.
Frankfurt
Buntáistí: Fonn ar bhainc a bheith lonnaithe in aice le ceanncheathrú Bhanc Ceannais na hEorpa sa chathair.
Míbhuntáistí: Tá Páras níos galánta.
Baile Átha Cliath
Buntáistí: Córas dlí atá cosúil le córas na Breataine
Míbhuntáistí: easpa infreastruchtúir, rialáil bhearnach airgeadais.
Ní féidir breathnú ar an ngearrchomparáid thuas mar chur síos iomlán, ar ndóigh. Thagair an Financial Times freisin do chúrsaí teanga agus cultúir mar chúinsí a neartódh cás Bhaile Átha Cliath. De réir an pháipéir nuachta, tá aistriú foirne go Baile Átha Cliath á mheá faoi láthair ag Barclays, Credit Suisse, Bank of America, Banc Ríoga na hAlban agus Morgan Stanley.
Is é an tAire Stáit Eoghan Murphy atá i gceannas ar fheachtas an rialtais chun comhlachtaí a mhealladh thar Mhuir Éireann anoir. Chuir sé gearán faoi bhráid Choimisiún na hEorpa coicís ó shin inar chuir sé i leith chathracha eile go raibh rialáil airgeadais ró-éadrom á tairiscint acu. Is géire an iomaíocht toisc go bhfuil an buntáiste is tábhachtaí – suíomh i limistéar an euro – acu go léir.
Ní féidir aistriú comhlachtaí eile ón mBreatain ná ó Thuaisceart Éireann a chur as an áireamh, go háirithe san earnáil talmhaíochta. Ach is de réir a chéile a bhreithneoidh cuid acu, b’fhéidir, aslonnú go dtí an stát seo.
Idir an dá linn, tá dlús a chur le cogadh gnó na gcathracha, mar a léirigh a ndúirt Valérie Pécresse, uachtarán réigiún an Ile de France (an ceantar thart timpeall ar Pháras) le linn chuairt bholscaireachta a thug sí ar Londain an mhí seo caite.
Ceist nach gá a fhreagairt a chuir sí:
‘Quand avez-vous emmené la dernière fois votre partenaire en week-end romantique à Francfort?’
‘An cuimhin leat an uair dheireanach a thug tú cuireadh do do pháirtí dul ar chuairt rómánsúil go Frankfurt?’
Thagair Madame Pécresse do Bhaile Átha Cliath nuair a dúirt sí go raibh ‘comórtas fíochmhar’ ar bun idir cathracha an AE chun comhlachtaí a mhealladh chucu ó Londain
Gan dabht, beidh Páras, Frankfurt agus cathracha eile ar an Mór-Roinn chun cinn ar Bhaile Átha Cliath nuair a fhógrófar a roghanna. Ach neartódh teacht scór comhlacht, nó 10,000 oibrí, abair, geilleagar na hÉireann chomh maith le tábhacht na príomhchathrach i gcúrsaí airgeadais.
Is é sin, más féidir leis na strainséirí teach nó árasán a aimsiú in áit éigin i gCúige Laighean.
Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.
Dáithí Mac Cárthaigh
Cruthaíonn sé seo gur folamh an maíomh go meallfar infheistíocht toisc gur ‘tír Bhéarla’ sinn.
Is cód frith-Ghaelach a bhí i gceist ansin riamh mar aon le taca le col lucht ceannais na hÉireann le hilteangachas ar bith, rud atá fite fuite leis an meon frith-Ghaeilge.