Comórtas Chló Iar-Chonnacht – buaiteoirí fógartha!

Tá áthas ar fhoireann Tuairisc.ie buaiteoirí uile chomórtas Chló Iar-Chonnacht ar fad a fhógairt inniu

unnamed

Mar is eol daoibh cheana, tá comórtas á fhógairt againn le cúpla seachtain chun ceiliúradh a dhéanamh ar Chló Iar-Chonnacht a bheith 30 bliain ar an bhfód.

Is é an chéad duais a bhí le buachtaint ná beart leabhar agus earraí ceoil le Cló Iar-Chonnacht, ar fiú €500 é. Bhí cúig cinn eile de dhuaiseanna le bronnadh chomh maith, ar fiú €100 an ceann iad.

Tá áthas orainn na buaiteoirí ar fad a fhógairt inniu:

An chéad duais – €500 – Edel de Paor

Na duaiseanna eile (€100 an ceann)

1. Mairead Ní Chathain

2. Paddy Reddy

3. Eilis Ni Shuilleabhain

4. Buaiteoir Nuachtlitir – Domhnall Ó Broin

5. Máire-Mairéad Ní Bhiadha

Is féidir na leabhair atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht le tríocha bliain anuas a cheannach ina siopa i gCois Fharraige i gConamara nó ar a suíomh idirlín anseo. Is fiú go mór dul ag póirseáil sa chatalóg dá bhfoilseacháin ar fad atá ar fáil anseo.

Comhghairdeachas leis na buaiteoirí

Fág freagra ar 'Comórtas Chló Iar-Chonnacht – buaiteoirí fógartha!'