Comórtais Liteartha an Oireachtais 2020 – liosta na mbuaiteoirí go léir

An chéad duais i gcomórtas úrscéalaíochta Oireachtas na Gaeilge buaite ag Tadhg Mac Dhonnagáin dá shaothar ‘Madame Lazare’

Comórtais Liteartha an Oireachtais 2020 – liosta na mbuaiteoirí go léir

Tá an chéad duais i gcomórtas úrscéalaíochta Oireachtas na Gaeilge buaite ag Tadhg Mac Dhonnagáin dá shaothar Madame Lazare.

Mícheál Ó Laoghaire as Corcaigh a fuair an dara duais dá scéinséir Cuairt an Uachtaráin.

Bhuaigh Pádraig Mac Fhearghusa an phríomhdhuais filíochta dá chnuasach dánta, Oilithreacht na gCríoch Déanach.

I measc na mbuaiteoirí eile i gcomórtas liteartha an Oireachtais a fógraíodh ar líne inniu bhí Feargal Ó Béarra, a bhuaigh an chéad duais do shaothar próis do Buile, Alan Titley, a bhuaigh an chéad duais i rannóg na gearrscéalaíochta do Amritsar, agus Catherine Foley, a thug léi an chéad duais do shaothar d’fhoghlaimeoirí fásta lena cnuasach gearrscéalta Scéalta Grá.

Bronnadh an chéad duais do shaothar ficsin do léitheoirí óga (9-12) ar Pháid Ó Neachtain agus Bróna Ní Uallacháin agus is é Richie Conroy a bhuaigh an chéad duais d’fhicsean do dhéagóirí.

Thréaslaigh Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, a mbua leis na scríbhneoirí ar fad.

“Déanaim comhghairdeas leis na scríbhneoirí ar fad a bhain duais amach i mbliana.

“Tá tábhacht faoi leith ag baint leis na comórtais liteartha agus muid ag iarraidh freastal ar an ngréasán scríbhneoirí ar fud an domhain agus litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn chomh maith le scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn,” a dúirt sé.

Fógraíodh Buaiteoirí na gComórtas Liteartha mar chuid de cheiliúradh Oireachtas na Samhna 2020 ar líne.

Seo thíos liosta na mbuaiteoirí ar fad a fógraíodh.

Comórtais Liteartha do Dhaoine Fásta

 

COMÓRTAS A1: ÚRSCÉAL – FICSEAN GINEARÁLTA

An Chéad Duais: €3,000

Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin, Baile an Domhnalláin, Co. na Gaillimhe

 

An Dara Duais: €1,000

Cuairt an Uachtaráin le Mícheál Ó Laoghaire, An Tóchar, Co. Chorcaí

 

COMÓRTAS A2: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (9/10-12)

An Chéad Duais: €2,000

A+ le Bróna Ní Uallacháin & Páid Ó Neachtain, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

 

An Dara Duais: €750

Scéilíní Scanrúla le Gabriel Rosenstock, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath

 

COMÓRTAS A3: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (Aoisghrúpa: 13-15 )

An Chéad Duais: €2,000

Dialann Emily Porter: Thíos seal, thuas seal le Richie Conroy, Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara

 

An Dara Duais: €750

Deargadh Anoir le hIarla Mac Aodha Bhuí, Maidrid, An Spáinn

 

COMÓRTAS A4: SAOTHAR PRÓIS 

Maoinithe ag Iontaobhas ULTACH

Duais: €1,250

Buile le Feargal Ó Béarra, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

 

COMÓRTAS A5: ÁBHAR LÉITHEOIREACHTA DON FHOGHLAIMEOIR FÁSTA

An Chéad Duais: €2,000

Scéalta Grá, bailiúchán gearrscéalta le Catherine Foley, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge

 

An Dara Duais: €750

Cúl na Cruaiche le Seoirse Ó Dochartaigh, Inis Eoghain, Co. Dhún na nGall

 

COMÓRTAS A6: CUR CHUN CINN NA GAEILGE

Maoinithe ag Conradh na Gaeilge

Duais: €1,000

Oscail an doras agus tiocfaidh siad le Catherine Foley, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge

 

COMÓRTAS A7: GEARRSCÉAL – DUAIS AN MHAOLÁNAIGH 

Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta

An Chéad Duais: €400

Amritsar le hAlan Titley, Glasnaíon, Baile Átha Cliath

 

An Dara Duais: €200

Soineann le hEithne Ní Ghallchobhair, Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall

 

COMÓRTAS A8: SCÉAL DÍRITHE AR DHÉAGÓIRÍ

Maoinithe ag Ard-Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael

Duais: €500

An Cailín ón Eastát le hÉamonn Ó Loingsigh, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe

 

COMÓRTAS A9: Dán

Maoinithe ag Éigse Éireann

Duais: €400

Filleann Fianna le Róisín Sheehy, An Trá Mhór, Co. Phort Láirge

 

COMÓRTAS A10: CNUASACH FILÍOCHTA
Maoinithe ag Coistí Gairmoideachais na Mumhan agus na Gaeltachta (Seirbhísí Oideachais Chiarraí agus Contaetha Chorcaí, an Chláir, Luimnigh, Phort Láirge, Thiobraid Árann Thuaidh agus Theas, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Dhún na nGall; agus Chathracha Chorcaí, Phort Láirge,  Luimnigh agus na Gaillimhe.)
Duais: €1,250
Oilithreacht na gCríoch Déanach 
le Pádraig Mac Fhearghusa, Trá Lí, Co. Chiarraí

COMÓRTAS A11: AISTE INNEALTÓIREACHTA

Maoinithe ag Cumann na nInnealtóirí

Duais: €1,000

Nascanna le Helen Ó Murchú, Cill Fhionntain, Baile Átha Cliath

 

COMÓRTAS A12: DRÁMA AONGHNÍMH

Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta

Duais: €600

An Bhean a Saolaíodh ar Charraig le Róisín Sheehy, An Trá Mhór, Co. Phort Láirge

 

COMÓRTAS A13: COMÓRTAS CUIMHNEACHÁIN AOIDH UÍ RUAIRC

Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge agus ag an gCumann Scoildrámaíochta

Duaischiste: €1,200

 

ROINN A

Duais: €400

An Tornapa Mór le hÁine Ní Ghlinn, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath

ROINN B

Duais: €400

An Faolchú Mór, Feoiliteach, Fuilteach, Fíochmhar le Brian Ó Gibne, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

 

ROINN C

Duais: €400

Cúig Eala Áille le Gabriel Rosenstock, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath

 

COMÓRTAS A14: SAOTHAR CREIDIMH / ÁBHAR MARANA

Maoinithe ag Timire – Foilseacháin Ábhair Spioradálta

Duais: €750

Iontas na nIontas le Gabriel Rosenstock, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath

 

COMÓRTAS A15: AISTE FEALSÚNACHTA

Maoinithe ag Timire – Foilseacháin Ábhair Spioradálta

Duais: €500

An Tost gan Insint le hAlan Titley, Glasnaíon, Baile Átha Cliath[/infobox]

 

Comórtais Liteartha don Scríbhneoir Óig

 

COMÓRTAS B2: AISTE – ROINN B (FAOI 21)

Maoinithe ag Cumann Lúthchleas Gael

An Chéad Duais: €300

An t-Uasal Seosamh Ó Ceallaigh le Conor Ó Gallachóir, Gort a’ Choirce, Leitir Ceanainn, Co.Dhún na nGall

An Dara Duais: €200

Máire Ní Chinnéide le Seán de Grá, An Chéim, Co. Bhaile Átha Cliath

 

COMÓRTAS B3: IRISEOIREACHT – ROINN A (FAOI 16)

Maoinithe ag Comhar Óg

An Chéad Duais: €200

Léirmheas ar leabhar – Samson le Sibéal Ní Shéaghdha, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí

An Dara Duais: €100

Na díoltóirí sráide le Shonagh Ní Thuathail Peelo, Ráth Garbh, Baile Átha Cliath

 

COMÓRTAS B4: IRISEOIREACHT – ROINN B (FAOI 21)

Maoinithe ag Gaeltacht UCD, Ionad Domhanda don Teanga agus don Chultúr

An Chéad Duais: €200

Covid-19 agus an Ghaeltacht le Conor Ó Gallachóir, Gort a’ Choirce, Leitir Ceanainn, Co.Dhún na nGall

An Dara Duais: €100

Ardteist Chovid (ní hé An Gnáthrud) le Siobhán Ní Neachtain, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe

 

COMÓRTAS B5: SCÉAL – ROINN A (FAOI 16)

Maoinithe ag Cara leis an Oireachtas

An Chéad Duais: €200

Iúpatar le Fionnán Ó Baoighill, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath

An Dara Duais: €100

Saibhir Daibhir le Manus Ó Baoighill, Ard Aidhin, Baile Átha Cliath

 

COMÓRTAS B6: SCÉAL – ROINN B (FAOI 21)

An Chéad Duais: €200

Gearr go mbeidh sé ina Shamhradh le hAifric Ní Scolaí, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: €100

Na Daoine Maithe le Cillian Ó Baoill, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo

 

COMÓRTAS B7: DÁN – ROINN A (FAOI 16)

An Chéad Duais: €200

Gearradh na gCrann le hAmhlaoibh Ó Síocháin Ó Beoláin, Mainistir Fhearmaí,

Co. Chorcaí

 

An Dara Duais: €100

Ar an bhFarraige le Sibéal Ní Shéaghdha, Baile an Fheirtéaraigh,

Co. Chiarraí

COMÓRTAS B8: DÁN – ROINN B (FAOI 21)

Maoinithe ag Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

An Chéad Duais: €300

Dúchas le Brian Mac Donncha, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

An Dara Duais: €200
Sa Choill 
le Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin, Barry’s Boreen, Co. Chorcaí

Fág freagra ar 'Comórtais Liteartha an Oireachtais 2020 – liosta na mbuaiteoirí go léir'

  • Colette nì ghallchòir

    Comhghairdeas libh go lèir.Tà aithne agam ar lèir agaibh.