Comóradh síochána lá amháin agus comóradh cogaidh an chéad lá eile!

Tá an Chéad Chogadh Domhanda thart le céad bliain ach inniu tá ceannairí Aontas na hEorpa ar a mbionda ag tóraíocht naimhde le dhul chun catha leo arís

Comóradh síochána lá amháin agus comóradh cogaidh an chéad lá eile!

Nuair a bhí ‘comóradh’ á dhéanamh ar dheireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda nach gceapfá go dtarraingeofaí aird mhór ar an dearcadh a bhí ag bunaitheoirí an stáit seo againne ar Éireannaigh a bheith ag dul sa gcogadh?

Ba í 1918 bliain an olltoghcháin a thug bua ollmhór do Shinn Féin ar fud na tíre. Sa bhforógra a d’fhoilsigh siad roimh an toghchán tharraing Sinn Féin aird ar an gcaoi a raibh earcaíocht déanta ar Éireannaigh le dhul in Arm na Breataine agus ar an tacaíocht láidir a thug Feisirí na hÉireann in Westminster don fheachtas earcaíochta.

Níl a fhios agam ar foilsíodh leagan Gaeilge den fhorógra ach dúirt siad an méid seo i mBéarla: ‘Those who have endeavoured to harness the people of Ireland to England’s war chariot …have forfeited the right to speak for the Irish people.’

Is fánach an bhéim a cuireadh sa gcomóradh ar an bhfíorchúis a bhí leis an gCéad Chogadh Domhanda. Coimhlint a bhí ann idir impireachtaí le seilbh a fháil, nó a choinneáil, ar réimsí den domhan. Ní raibh sna saighdiúirí bochta ach bia gunna mhóir.

Úsáideadh chuile chineál cleas le Éireannaigh a chur in Arm na Breataine. Dúradh leis an bpobal go raibh mná rialta á n-éigniú ag na Gearmánaigh sa mBeilg agus tugadh ar ardáin mná óga a bhí gléasta ina mná rialta, agus piliúr faoina gcuid éadaigh acu, ag déanamh amach go raibh siad ag iompar clainne.

Moladh do na Protastúnaigh i bPort an Dúnáin troid in aghaidh ‘Ostair na gCaitliceach’ agus cuireadh ina luí ar Chaitlicigh na hÉireann gurbh é a ndualgas cur ar son ‘Bheilg na gCaitliceach’.

Maidir leis an bpoipín a raibh fonn ar Liadh Ní Riada é a chaitheamh tháinig sé sin as dán a scríobh oifigeach airm ar son an chogaidh, ‘In Flanders Fields’. ‘In Flanders Fields the poppies blow’ an tús atá air. Ní síocháin a bhí uaidhsean ná tada mar é. ‘Take up our quarrel with the foe,’ líne eile atá sa dán.

Maidir leis an gcaint atá ar bun gur caitheadh go dona leis na saighdiúirí Éireannacha nuair a d’fhill siad abhaile as an nGunna Mór, mar a thugtaí air, finscéal eile atá ansin. Chuaigh cuid mhaith díobh in Arm na Poblachta, nó ag obair do Shinn Féin. Ní gá dhúinn a dhul thar Tom Barry, cuir i gcás.

Ciliméadar go díreach siar an bóthar uaim anseo bhí duine acu, Eoghan Ó Neachtain, ina bhreitheamh i gcúirt de chuid Shinn Féin.

Ar dhuine den dream a bhí sna Royal Dublin Fusiliers bhí Emmet Dalton. Bhí sé i láthair nuair a maraíodh Tom Kettle i gCath an Somme 1916. Nuair a tháinig sé abhaile chuaigh se le hArm na Poblachta.

Ar son an tSaorstáit a bhí sé sa gCogadh Cathartha agus bhí sé le taobh Mhichíl Uí Choileáin nuair a maraíodh é i mBéal na Blá.

Tá an Chéad Chogadh Domhanda thart le céad bliain ach inniu tá ceannairí Aontas na hEorpa ar a mbionda ag tóraíocht naimhde le dhul chun catha leo arís.

Arm Eorpach atá ó Uachtarán na Fraince, Macron. Bhí an tuairim chéanna ag Uachtarán Aontas na hEorpa, Jean-Claude Junker, dhá bhliain ó shin agus tá fós.

Maidir le lucht ceannais na tíre seo níl locht ar bith ag a bhformhór ar arm Eorpach. I mí na Nollag seo caite chuir Fine Gael agus Fianna Fáil polasaí rialtais ar son PESCO (comhoibriú i gcúrsaí cosanta) tríd an Dáil faoi dheifir.

Sin tús le hArm Eorpach.

Ní hé amháin gur drochpholasaí é ach cosnóidh sé meall airgid orainn. Beidh orainn i bhfad níos mó airgid a chaitheamh ar chúrsaí míleata ná atá muid a chaitheamh faoi láthair.

Níor chuir sin lá mairge ar Leo Varadkar nuair a sheas sé le ceannairí Eorpacha eile, agus saighdiúirí faoi éide ar chaon taobh díobh, ag comóradh an chonartha faoi PESCO.

Comóradh síochána lá amháin agus comóradh cogaidh an chéad lá eile!

Thug Uachtarán Chomhairle Aontas na hEorpa, Donald Tusk, míniú beacht an lá céanna ar a bhfuil i gceist le PESCO le fírinne. ‘Bad news for our enemies,’ a dúirt sé.

Murar fógra catha é sin céard é féin?

Fág freagra ar 'Comóradh síochána lá amháin agus comóradh cogaidh an chéad lá eile!'

  • Murchadh

    Alt cruinn staidéarach – agus ábhar tábhachtach. Tá neodracht na tíre seo á creimeadh diaidh ar ndiaidh ag an rialtas, agus síocháin an domhain á cur i mbaol ag an ECAT, a bhfuil institúidí an AE ag sleamhain de réir a chéile faoina réim.