‘Ionmhuin liom Cois Fharraige’ – comóradh á dhéanamh ag Aisteoirí an Spidéil ar cheangal an cheantair leis an bPiarsach

'Ionmhuin liom Cois Fharraige' a scríobh an Piarsach i leabhar na gCuairteoirí i gColáiste Chonnacht ar an Spidéal. An deireadh seachtaine seo déanfaidh seó nua comóradh ar an gceangal a bhí ag an Spidéal le scéal na hathbheochana.

Aisteoirí an Spidéil i radharc ó "Ionmhuin liom Cois Fhairrge"
Aisteoirí an Spidéil i radharc ó ‘Ionmhuin liom Cois Fharraige’ Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Déanfaidh Aisteoirí an Spidéil comóradh sa Taibhdhearc an tseachtain seo chugainn ar an gceangal idir Cois Fharraige agus Éirí Amach na Cásca.

Beidh Ionmhuin liom Cois Fharraige: Omós do 1916 le hAisteoirí an Spidéil ar tosú i gColáiste Chonnacht  tráthnóna amárach agus beidh sé ar stáitse na Taibhdheirce ina dhiaidh sin.

Déanann an dráma comóradh ar an gceangal a bhí ag an Spidéal le scéal na hathbheochana. Tá neart seanchais sa gceantar fós faoi chuid de laochra an Éirí Amach a bheith ag teacht chuig Coláiste Chonnacht mar scoláirí agus mar chuairteoirí.

Bhíodh Pádraic Mac Piarias agus Éamonn Ceannt ann go rialta agus tá scéalta sa phobal faoin bPiarsach a bheith i mbun druileála ar ‘lawn’ an Choláiste. Tá seanchas aítiúil ann freisin faoi dhaoine agus faoi scéalta áitiúla a bheith mar fhoinse ag an bPiarsach do chuid de na scéalta a chum sé, ‘Bríd na nAmhrán’ agus ‘Poll an Píobaire’ go háirithe. Chuirtí drámaí ar stáitse le linn na gcúrsaí  a bhíodh sa Choláiste agus deirtear gur léirigh Séan Ó Conghaile, an chéad óglach a maraíodh le linn an Éirí Amach, ‘Dúirt ‘Sé, Dáirt ‘Sé’ leis an mBantiarna Gregory sa Choláiste.

Tá teideal an seó Ionmhuin liom Cois Fharraige bunaithe ar líne as rann gearr a scríobh an Piarsach féin i Leabhar na gCuairteoirí sa Choláiste. Mar chuid den seó cuirfear ar stáitse ‘An Gadaí’ agus ‘Eoghainín na nÉan’, dhá ghearrscéal cáiliúil le Pádraic Mac Piarais, agus Dúirt ‘Sé, Dáirt Sé, leagan Gaeilge de Spreading the News leis an mBantiarna Gregory.

Is  comhfhiontar pobail atá i léirú ilmheáin Aisteoirí an Spidéil. Rang a Sé as Scoil Éinne, an bhunscoil áitiúil, a chuirfidh ‘An Gadaí’ ar stáitse faoi stiúr Mháire Uí Neachtain agus Bairbre Mhic Eochaidh. Is í an craoltóir Eimear Ní Chonaola atá i mbun léirithe ar ‘Eoghainín na nÉan’ agus a hathair, Maidhc P Ó Conaola, a léireoidh Dúirt ‘Sé, Dáirt ‘Sé. Is é Peadar Ó Treasaigh stiúrthóir Ionmhuin liom Cois Fharraige agus tá Pauline Nic Chon Aonaigh ag tacú leis.

  • Beidh Ionmhuin liom Cois Fharraige  ar siúl i gColáiste Chonnacht, An Spidéal, Dé Aoine agus Dé Domhnaigh, an 4 agus an 6 Márta, ag 8 i.n.
    agus i dTaibhdhearc na Gaillimhe, Dé Sathairn, an 12 Márta, ag 8 i.n.

Fág freagra ar '‘Ionmhuin liom Cois Fharraige’ – comóradh á dhéanamh ag Aisteoirí an Spidéil ar cheangal an cheantair leis an bPiarsach'

  • padraig

    Ainmhí fiata fíochmhar is ea an t-airgead a bhfuil réabadh reilige á dhéanamh aige fuaid fad na cruinne. ‘Údar gach oilc an t-airgead’, dar le Naomh Pól agus ní raibh sé i bhfad ón gceart. Ní hé an t-airgead ann féin an fhadhb, áfach, ach sainnt agus ampla an duine. Sáraíonn an tsainnt í féin ,a deirtear agus is fíor é. Ach tuigim do na himreoirí sin atá fágtha ar an dtráigh fholamh agus ar phócaí folamha. Tá leithcheal á dhéanamh orthu agus ní haon amadáin iad. Caithfidh CLG cacadh anois nó éirí as an bpota.