‘Comhghairdeas mo chara, maith an fear!’ – teachtaireacht i nGaeilge ag Jack Nicklaus do Shane Lowry

Chuaigh Jack Nicklaus, an t-imreoir gailf is mó a bhfuil mórchomórtais buaite aige, i muinín na Gaeilge chun comhghairdeas a dhéanamh le Shane Lowry as Craobh Oscailte na Breataine a bhuachan

‘Comhghairdeas mo chara, maith an fear!’ – teachtaireacht i nGaeilge ag Jack Nicklaus do Shane Lowry

Pictiúir: INPHO

D’iompaigh duine de na himreoirí gailf is fearr riamh ar an nGaeilge chun comhghairdeas a dhéanamh le Shane Lowry i ndiaidh d’fhear Uíbh Fháilí Craobh Oscailte na Breataine a bhuachan inné.

Ocht gcinn déag de mhórchomórtais an ghailf atá buaite ag Jack Nicklaus, níos mó ná aon imreoir eile riamh, agus is léir go raibh an Meiriceánach an-tógtha le gaisce Lowry i bPort Rois inné.

Chuir Nicklaus, atá anois 79 bliain d’aois, píosa mór fada amach ar na meáin shóisialta ag déanamh comhghairdis le Lowry agus ag moladh na hócáide i bPort Rois.

Dúirt an Béar Órga, mar a thugtar ar Nicklaus, gur léirigh ócáid an lae inné i gcontae an Dúin gur féidir le galf agus an spórt daoine agus pobail a thabhairt le chéile.

Mhol sé imirt Lowry agus mheas Nicklaus gurb é an t-amas a d’aimsigh Lowry ar an gcéad pholl an buille ba thábhachtaí a bhuail sé ar an Domhnach.

D’iompaigh Nicklaus ar an nGaeilge ag deireadh na teachtaireachta chun comhghairdeas a dhéanamh le fear Uíbh Fhailí.

“As they say on the Emerald Isle, “Comhghairdeas mo chara, maith an fear!””

Tá Lowry ina bhall de chlub gailf Nicklaus in Florida, The Bear’s Club, agus is é an cúigiú ball déag den chlub sin a bhfuil ceann de mhórchomórtais an spóirt buaite aige.

Bhuail Lowry 72 buille ina bhabhta deireanach inné chun críochnú ar -15, sé bhuille chun tosaigh ar an Sasanach Tommy Fleetwood.

Is é an cúigiú Éireannach a bhfuil an comórtas buaite aige D’éirigh le Fred Daly (1947), Pádraig Harrington (2007, 2008), Darren Clarke (2011) agus Rory McIlroy (2014) an Claret Jug a thabhairt leo roimhe seo.

Fág freagra ar '‘Comhghairdeas mo chara, maith an fear!’ – teachtaireacht i nGaeilge ag Jack Nicklaus do Shane Lowry'

  • Deirdre ni laoí

    Ardmholadh atá thar a bheith tuilte, muintir uibh fháilí agus na hÉireann an-bhródúil as Shane