An lá le Lowry agus Craobh Oscailte na Breataine buaite aige i bPort Rois

Chríochnaigh Shane Lowry ar -15, sé bhuille chun tosaigh ar an Sasanach Tommy Fleetwood

An lá le Lowry agus Craobh Oscailte na Breataine buaite aige i bPort Rois

Tá Craobh Oscailte na Breataine buaite ag Shane Lowry tar éis d’fhear Uíbh Fhailí an comórtas a reáchtáladh i bPort Rois a bhuachan. Cúig bhuille faoi bhun an phar a bhí Lowry tar éis dó 72 a scóráil tráthnóna.

Chríochnaigh sé sé bhuille chun tosaigh ar an Sasanach Tommy Fleetwood.

Deich mbliana tar éis dó Craobh Oscailte na hÉireann a bhuachan agus é ina imreoir amaitéarach, tá Lowry ag ceiliúradh agus ceann de mhórchomórtais an ghailf buaite aige.

Fad is a bhí na himreoirí eile a bhí ag súil breith ar Lowry ag streachailt sa ghaoth agus sa bháisteach, choinnigh fear na hÉireann an cloigeann.

Níor éirigh le duine ar bith den deichniúr ba ghaire do Lowry maidin Dé Domhnaigh an cúrsa a imirt faoi bhun an phar, rud a d’fhág go mbeadh an lá le Lowry chomh fada agus nár tharla tubaiste dó. Ceithre bhuille chun tosaigh a bhí Lowry ar maidin agus trí bhuille an bhearna ba lú a bhí aige i gcaitheamh an tráthnóna.

Níor chuir fear Uíbh Fhailí tús iontach lena bhabhta. Bhuail sé a chéad iarracht ar an gcéad pholl isteach sa bhféar fada ach d’éirigh leis críochnú le bógaí. Chuir Fleetwood deis mhaith ar éinín amú ar an bpoll céanna agus mar sin ní drochthús ar fad a bhí ann do Lowry.

Shane Lowry lena ghiolla Brian Martin ©INPHO/Oisin Keniry

Bhí dhá phar ag Lowry ar an gcéad dá pholl eile agus bhí cuma na maitheasa air nuair a d’éirigh leis éiníní a fháil ar an gceathrú poll, an cúigiú poll agus arís ar an seachtú bpoll. D’fhág sé sin go raibh an bhearna méadaithe ag Lowry go dtí sé bhuille agus é ar ar cheann na himeartha ag -18.

Ar gcúl a bhí na fir timpeall air ag dul ag an bpointe sin. Thosaigh JB Holmes sé bhuille taobh thiar de Lowry ach bhí bógaí dúbailte aige ar an gcéad pholl agus faoin am gur chríochnaigh sé, bhí 87 buille buailte aige, sé cinn déag os cionn an phar. Bhí drochthús ag Brooks Keopka chomh maith agus ceithre bhógaí aige sa chéad cheithre pholl, rud a d’fhág go raibh sé as an iomaíocht.

Ba é Fleetwood an t-aon fhear a bhí ag coinneáil le Lowry ach ní raibh sé riamh in ann brú ceart a chur air.

Nuair a bhí bógaí ag Lowry ar an ochtú poll, bhí ceann ag Fleetwood chomh maith agus níor aimsigh an Sasanach ach dhá éinín i rith an lae uile.

©INPHO/Oisin Keniry

Bhí an bháisteach ag titim agus an ghaoth ag séideadh go láidir agus ní raibh le déanamh ag Lowry ach coinneáil socair as sin go deireadh.

Bhí bógaí aige ar 11 agus arís ar 14, ach nuair a d’éirigh le Lowry éinín a fháil ar an gcúigiú poll déag cuireadh tús leis an gceiliúradh agus é sé bhuille chun tosaigh.

Is é Lowry  an séú hÉireannach le ceann de mhórchomórtais an ghailf a bhuachan agus an gaisce sin déanta cheana ag Fred Daly, Pádraig Harrington, Graeme McDowell, Darren Clarke agus Rory McIlroy.

Fág freagra ar 'An lá le Lowry agus Craobh Oscailte na Breataine buaite aige i bPort Rois'

  • Brigid

    Spórt gan teorainn-fear uasal agus gailfaire cumasach a thug cuis bhróid don oilean ar fad! Maith thu,Shane!