Comharthaíocht tráchtála le cur faoi scáth na reachtaíochta teanga i Québec

Bhí an lá ag leithéidí Cosctco, Old Navy, Best Buy, Walmart nuair a thug siad cás chun na cúirte in 2014 go mbeadh díolúine acu ó reachtaíocht teanga Québec

Walmart

Tá próiseas comhairliúcháin tosaithe ag Rialtas Québec leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm sa chúige a leasú lena chinntiú go mbeidh an Fhraincis le feiceáil ar aghaidheanna na siopaí agus ar chomharthaí lasmuigh díobh.

Tuairiscíodh ar CTV News go mbeadh ar shiopaí a bhfuil ainmneacha Béarla orthu comharthaíocht a chrochadh taobh amuigh ar a gcuirfí síos i bhFraincis ar na táirgí nó ar na seirbhísí atá ar fáil ann.

Mairfidh an próiseas comhairliúcháin ar feadh 45 lá agus beidh deis ag pobal Québec, idir chainteoirí Fraincise agus chainteoirí Béarla, a dtuairim faoin leasú atá molta a chur in iúl don rialtas.

Bhí an lá ag na comhlachtaí Cosctco, Old Navy, Best Buy, Walmart agus comhlachtaí eile nach iad nuair a thug siad cás chun na cúirte in 2014 go mbeadh díolúine acu ó reachtaíocht teanga Québec. Bhí Office Québécois de la Langue Français (Oifig na Fraincise), atá i gceannas ar reachtaíocht teanga sa chúige, ag iarraidh go mbeadh ceangal dlí ar na comhlachtaí sin a n-ainm a aistriú go Fraincis i Québec nó go mbeadh mana Fraincise ar aghaidh na siopaí acu.

Rialaigh an Chúirt Uachtarach an uair sin, áfach, nach gcuireann trádmharcanna isteach ar ‘Bille 101’ – an bille lena dtugtar cosaint don Fhraincis i Québec.

Má ghlactar leis an leasú ar an mbille sin i mbliana, beidh ar na gnólachtaí sin Fraincis de shaghas éigin a chur áit ar bith a bhfuil ainm Béarla an chomhlachta le léamh agus í ar comhchéim leis an gcomharthaíocht Bhéarla.

Beidh tréimhse trí bliana ag na comhlachtaí na hathruithe cuí a chur i bhfeidhm ar a gcuid comharthaíochta sula ngearrfar aon phionós orthu. D’fhéadfadh fíneáil suas go $20,000 a ghearradh ar chomhlacht nach mbeadh a chomharthaíocht ag teacht leis an dlí i ndiaidh na dtrí bliana sin.

Dúirt Hélène David, Aire Teanga Québec, nuair a d’fhógair sí an próiseas comhairliúcháin Dé Máirt gurb í a mian go gcuirfeadh comharthaíocht tráchtála ar fud an chúige i gcuimhne don phobal gur i Québec atá siad.

“Tá sé an-tábhachtach, mar is i Québec atá muid agus tá muintir Québec ag iarraidh rud éigin faoi leith ina dteanga féin. Is í mo mhian go gcuirfeadh comharthaíocht tráchtála, gach áit, i gcuimhne  dúinn, gan aon éideimhne, gur anseo i Québec atá muid,” a dúirt David.

Dúirt sí freisin go raibh an t-athrú ciallmhar ó thaobh an ghnó mar go mbeadh na gnólachtaí ag labhairt lena gcuid custaiméirí i dteanga oifigiúil an chúige.

Fág freagra ar 'Comharthaíocht tráchtála le cur faoi scáth na reachtaíochta teanga i Québec'

  • Liam Mac Lochlainn

    Ba chóir an reachtaíocht chéanna a bheith againn in Éirinn. Is ceacht beag teanga é gach comhartha. Tugann comharthaíocht stádas don ‘chéad teanga oifigiúil’.Cuireann sí an teanga os comhair an phobail go leanúnach agus tugann sí cuidiú don fhoghlaimeoir le litriú na Gaeilge.