Pléifear ag cruinniú inniu an plean comhartha sráide dátheangach i nGairdíní Churchill in Craigavon in Ard Mhacha.
Cuireadh moill ar an moladh go gceadódh Comhairle Buirge Ard Mhacha, Dhroichead na Banna, agus Craigavon comhartha sráide dátheangach i nGairdíní Churchill agus cuireadh in iúl do na comhairleoirí ag cruinniú go bhfuarthas comhairle dlí faoin gceist.
Dúirt príomhfheidhmeannach Chomhairle Buirge Ard Mhacha, Dhroichead na Banna, agus Craigavon Roger Wilson gur comhairlíodh don údarás áitiúil an cheist a tharraingt anuas ag an gcruinniú Seirbhísí Rialacháin agus Pleanála a bheidh ar siúl inniu agus nach bpléifí ag an ngnáthchruinniú Comhairle í.
De réir Polasaí Ainmnithe agus Uimhrithe na Comhairle, caithfidh aon trian de na cónaitheoirí i gceantar a mbeannacht a thabhairt don chomharthaíocht dhátheangach. Mura gcuireann cónaitheoir tuairim in iúl bealach amháin nó bealach eile, glactar leis gur ag diúltú don iarratas atá an cónaitheoir sin.
Má bhaintear an sprioc aon trian sin amach, caithfidh dhá thrian de na comhairleoirí buirge a mbeannacht siúd a thabhairt don chomharthaíocht freisin.
Rinneadh suirbhé ar 57 cónaitheoir i nGairdíní Churchill. Bhí 38 vóta ag teastáil le go gcuirfí an cheist ar aghaidh chuig na comhairleoirí. Bhí 47 (82%) de na freagróirí i bhfách leis an gcomharthaíocht dhátheangach a chrochadh. Measadh gur chuir deichniúr in aghaidh an mholta, trí vóta a chaitheamh ina aghaidh nó trí neamhaird a dhéanamh den suirbhé.
Ní hé seo an chéad uair a raibh ceist na comharthaíochta dátheangaí ina ceist achrannach i gComhairle Buirge Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon. Dhiúltaigh na comhairleoirí cinneadh a dhéanamh cúpla uair anuraidh faoi chomharthaíocht dhátheangach i nGairdíní Chois Coille i bPort an Dúnáin.
Maíonn Conradh na Gaeilge go bhfuil “ceann de na polasaithe sráidainmneacha is srianta ar fad” ag an gComhairle Buirge agus dúirt siad gur “cuireadh ar leataobh ar fad” an polasaí céanna nuair a bhain an t-iarratas le cur chun cinn na Gaeilge.
Sa deireadh, ghlac an Chomhairle le cinneadh an Choiste Pleanála agus Seirbhísí Rialála go gcrochfaí an chomharthaíocht dhátheangach i nGairdíní Chois Coille i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite – cinneadh “stairiúil”, dar le Conradh na Gaeilge.
Fág freagra ar 'Comhartha sráide dátheangach i gCraigavon le plé ag cruinniú'