Comharba Kenny: níl an fheadóg séidte, ach tá cluiche rúnda á imirt cheana féin

Cén uair a éireoidh Enda Kenny as? An bhfuil dáta imeachta beartaithe aige, ó tharla go bhfuil a mójó aimsithe aige? Sin cuid de na ceisteanna atá ag déanamh imní dá pháirtí

Comharba Kenny: níl an fheadóg séidte, ach tá cluiche rúnda á imirt cheana féin

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Anois teacht an fhómhair tá na laethanta ag dul ngiorracht agus mórcheisteanna á bplé ag na páirtithe sara dtosaíonn seisiún nua na Dála ar an 29 Meán Fómhair.

Tá a fhios ag an saol cén phríomhcheist atá le réiteach ag Fine Gael, a bhí i mbun smaointeoireachta i gCill Dara i rith na seachtaine. Cé a bheas i gceannas nuair a thabharfaidh an páirtí aghaidh ar na vótóirí arís?

Sin an phríomhcheist, ach i bhfírinne tá cúig cheist leochaileach eile ag cur imní orthu chomh maith.

Cén uair a éireoidh Enda Kenny as?

An bhfuil dáta imeachta beartaithe aige, tharla go bhfuil a mójó* aimsithe aige?

Mura n-éiríonn sé as faoi cheann bliana, an féidir brú a chur air imeacht?

An mbeidh comhcheilg éigin riachtanach lena dhíbirt?

Más amhlaidh a bheidh, cé a bheas páirteach san éirí amach?

Ní féidir a bheith cinnte cé a bheas san iomaíocht nuair a chuirfear tús oifigiúil le roghnú an chéad cheannaire eile, ach is léir cé hiad na hiarrthóirí atá á meá. Seo a leanas an liosta, agus iad curtha in ord idir chinnteacht agus éiginnteacht.

Leo Varadkar agus Simon Coveney, atá gníomhach mar iarrthóirí cheana féin.

Frances Fitzgerald a mbreathnaítear uirthi mar cheannaire comhréitigh, má theastaíonn a leithéid.

Paschal Donohoe a deir nach mian leis dul i gcomharbacht ar Enda. Ní chreideann duine ar bith é.

Simon Harris. Caolseans. Mar sin féin, níl iarrthóir fuinniúil óg á chur as an áireamh go hiomlán.

Is léir do gach Teachta Dála agus Seanadóir i bhFine Gael an riachtanas.

Beidh tréimhse réasúnta i gceannas de dhíth ar an gceannaire nua, agus ar an bpáirtí, ionas go mbeidh cuma úr ach inchreidte air/uirthi agus ar an bpáirtí an chéad uair eile a mbeidh vótaí á lorg acu.

Níor mhaolaigh ar imní an pháirtí nuair a d’fhógair Micheál Martin Dé Luain gur chóir deireadh ar fad a chur le táillí uisce. Socraíodh sa chomhaontú a rinne Fine Gael le Fianna Fáil sular bunaíodh an rialtas go gcuirfí coimisiún ar bun le maoiniú an chórais a fhiosrú.

Is léir, mar sin, contúirt nua gan choinne d’Fhine Gael, atá i bhfabhar na dtáillí uisce. Níor chuir athrú intinne Fhianna Fáil iontas orthu, ach is ábhar buartha dóibh é go bhfuil polasaí nua uisce á fhógairt ag a naimhde anois. An amhlaidh go bhfuil Fianna Fáil ag ullmhú cheana féin i gcomhair olltoghcháin?

Is i dtreise a rachaidh tábhacht ceisteanna dá leithéid le himeacht ama. Ní raibh aon mhóreasaontas fós idir lucht leanúna na dTeachtaí ar mian leo dul i gcomharbacht ar Enda. Ach is doimhne an scoilt idir an dream atá foighdeach (‘tóg go bog é, imeoidh sé faoi cheann bliana, má tá ciall aige…’), agus an dream a deir go gcaithfear insealbhú a chomharba a bhrostú.

Focal comhairle

Ní i measc lucht tacaíochta an rialtais amháin a chloistear míshásamh le bagairt John Halligan go bhfágfaidh sé

an rialtas.

Tá an tuairisc inar mhol saineolaí neamhspleách nach raibh gá le saotharlann bhreise seirbhísí croí in Ospidéal Phort Láirge cáinte ag an Aire Stáit. Chinn sé faoi dheireadh gan éirí as a phost, ach tá sé ag bagairt i gcónaí nach bhfanfaidh sé dílis don rialtas mura dtógfar an tsaotharlann.

Tá meas ar chaon taobh i dTeach Laighean ar John Halligan, ach dúirt Teachta Dála ó Fhianna Fáil (ar an gcoinníoll nach n-ainmneofaí é) gur léir nach bhfuil a cheird foghlamtha go hiomlán fós ag ionadaí na nDéiseach.

“Tuigeann John anois,” a dúirt sé, “nár chóir athbhreithniú neamhspleách a iarraidh riamh, mura bhfuil tú cinnte cén toradh a bheas air.”

Nod ón eolaí.

* Mojo, nó mójó i nGaeilge. ‘Misneach’

Fág freagra ar 'Comharba Kenny: níl an fheadóg séidte, ach tá cluiche rúnda á imirt cheana féin'