Comhairle mhaith duit… ó do scuab ghruaige chliste!

D’fhéadfadh teachtaireachtaí a bheith á seoladh ó do scuab ghruaige chuig aip ar d’fhón póca go luath ach an Kérastase Hair Couch a cheannach

Comhairle mhaith duit… ó do scuab ghruaige chliste!

An raibh ort riamh bronntanas a cheannach do dhuine a raibh ‘chuile rud’ aige cheana féin? Dúshlán ar leith a bhíonn ann smaoineamh ar fhéirín do dhaoine dá leithéid ach tá comhairle agam le cabhrú leat an fhadhb sin a réiteach. Tá dhá choinníoll ag baint leis an moladh seo, áfach; go mbeadh neart airgid le caitheamh agat agus go mbeadh folt gruaige ar an té atá leis an mbronntanas a fháil – ní féirín d’aon fhear maol é seo!

Tá scuab ghruaige nua le seoladh ar an margadh go luath a chosnóidh suas le $200 (€190). Ar phraghas mar sin, cé a bheadh dá huireasa!

Scuab ghruaige speisialta atá i gceist anseo atá forbartha ag trí chomhlacht mór le rá, a bhí ag obair i bpáirt le chéile ar an tionscnamh – L’Oréal, Kérastase agus Withings.

Seo chugaibh mar sin an chéad scuab ghruaige chliste ar domhan.

Scuab leictreonach atá inti a oibríonn le cadhnraí agus atá ceangailte le haip ar d’fhón póca. Ní hamháin gur féidir do chuid gruaige a chíoradh leis an scuab mhíorúilteach seo, ach tugann sé tuairisc iomlán leictreonach duit faoi chuma agus faoi chaighdeán do chuid gruaige. Tugann sé moltaí duit freisin faoi na táirgí is fearr a oireann duit ag brath ar an aimsir, an séasúr agus toisí eile.

Cén chaoi ar mhair muid go dtí seo gan an uirlis riachtanach seo a bheith againn?

Is cosúil go bhfuil infheistíocht mhór déanta sa táirge nua seo ag na trí chomhlacht sin a bhfuil ard-aithne orthu ar fud an domhain.

Tá L’Oréal ar an bhfód le breis agus 105 bliain agus 82,900 duine fostaithe acu. Tá teacht isteach €25 billiún in aghaidh na bliana ag an gcomhlacht.

Tá táirgí Kérastase á gceannach go rialta ag breis agus 20 milliún custaiméir i 60 tír agus iad ag dul ó neart go neart ó bunaíodh iad i 1964.

Is cuid de Nokia Technologies iad Withings agus gradaim agus duaiseanna buaite acu as a gcuid oibre i réimse na teicneolaíochta le blianta beaga anuas.

Baineadh úsáid as saineolas faoi leith de chuid na dtrí chomhlacht seo leis an scuab ghruaige nua a fhorbairt; L’Oréal (taighde agus margaíocht), Withings (teicneolaíocht, go háirithe braiteoirí) agus Kérastase (táirgí gruaige).

Ach cén chaoi a n-oibríonn an scuab ghruaige mhíorúilteach seo?

Creid é nó ná creid, tá micreafóin inti a éisteann le fuaim na gruaige á scuabadh agus a aithníonn ón bhfuaim sin caighdeán na gruaige, tirimeacht, ribí scaoilte nó cinn atá briste. Seoltar tuairisc faoi seo go leictreonach chuig d’fhón póca.

Ach ní ar na micreafóin amháin atáthar ag brath; tá méadar luasghéaraithe agus tá gíreascóp inti freisin. Cá mbeifeá gan iad! Is cosúil go ndéanann an dá ghné sin anailís bhreise ar an ngruaig agus tugann siad aiseolas tríd an aip atá ceangailte leis an scuab gruaige trí WiFi nó Bluetooth.

Maíonn na déantóirí gur féidir le teicneolaíocht na scuaibe iliomad rudaí eile a thabhairt san áireamh, ina measc cúrsaí aimsire, “weather factors like humidity, temperature, UV and wind, which also impact hair’s manageability and quality”.

I ndeireadh an lae, deirtear go dtugann an scuab chliste seo ‘eolas luachmhar’ don duine a chabhraíonn leis smacht níos fearr a choinneáil ar a chuid gruaige.

Tá an scuab ghruaige linn le fada an lá – ó aimsir shibhialtacht na Gréige and na Róimhe.

Cé a chreidfeadh go dtiocfadh an lá go mbeadh an scuab chéanna sin ag seoladh teachtaireachtaí chugainn agus ag cur comhairle orainn?

Agus cé a chreidfeadh go mbeadh daoine sásta suas le $200 a íoc uirthi?

I lár na bliana seo a chuirfear an táirge nua, an Kérastase Hair Coach,  ar an margadh – beidh orainn fanacht go foighneach!

Fág freagra ar 'Comhairle mhaith duit… ó do scuab ghruaige chliste!'