Comhairle do na daoine óga sin a bhfuil fonn orthu aghaidh a thabhairt ar an tríú leibhéal

Tairgeadh cúrsa tríú leibhéal do 50,700 iarrthóir inniu agus fuair beagán os cionn a leath sin a gcéad rogha ón CAO

Comhairle do na daoine óga sin a bhfuil fonn orthu aghaidh a thabhairt ar an tríú leibhéal

Lá mór atá sa lá inniu do na daoine óga sin a bhfuil fonn orthu tabhairt faoi chúrsaí sna coláistí tríú leibhéal agus na chéad tairiscintí foilsithe ag an Lár-Oifig Iontrála, an CAO. Tá go dtí a 5.15pm Dé hAoine seo chugainn, an 24 Lúnasa, ag iarrthóirí le glacadh leis an gcéad tairiscint sin nó tarraingeofar siar í.

Tairgeadh cúrsa tríú leibhéal don 50,700 iarrthóir inniu agus fuair beagán os cionn a leath sin a gcéad rogha ón CAO. Bhí titim 3% ar iarratais i mbliana ach bhí titim bheag freisin ar líon na ndaltaí a rinne scrúdú na hArdteistiméireachta.

Is léir go bhfuil an bheochan san eacnamaíochta ag mealladh mic léinn go cúrsaí eolaíochta (ardú 14%), innealtóireachta (ardú 3%) agus dlí (ardú 3%) agus an ganntanas múinteoirí ag mealladh tuilleadh iarratas ar chúrsaí múinteoireachta mar a raibh ardú 7%.

Tá daoine óga ann inniu a fuair níos mó ná tairiscint amháin agus daoine nach bhfuair ceann ar bith. An duine a bhfuil níos mó ná tairiscint amháin aige caithfidh sé ceann a roghnú más ar chúrsa tríú leibhéal atá a aghaidh agus ba chóir an ceann is gaire don chroí a roghnú seachas an ceann is airde pointí.

Ní rogha ró-stuama cúrsa leighis a roghnú díreach mar gheall go bhfuil na pointí agat más mó do spéis i gcúrsaí beochana nó talmhaíochta.

Tharlódh chomh maith nach bhfuair tú an cúrsa leibhéal a hocht (céim onóracha) a bhí uait cheal dóthain pointí ach sula roghnóidh tú aon réimse eile staidéir a tairgeadh duit, breathnaigh go grinn ar na cúrsaí leibhéal a sé agus a seacht (céim ghnáthleibhéil). Seans maith go bhfuil cúrsa ansin sa réimse staidéir is mian leat ar phointí níos ísle ach a thabharfaidh bealach isteach go dtí do chúrsa chéad rogha duit ach cruthú go maith i scrúduithe na chéad bhliana in 2019.

Má ghlacann tú leis an rogha a fuair tú inniu, ní chuirfidh an cinneadh sin aon bhac ort má éiríonn leat do chéad rogha a fháil sa gcéad bhabhta tairisceana eile, an 29 Lúnasa.

Ní haon rún é go bhfuil oideachas tríú leibhéal costasach – táille chláraithe €3000 chomh maith le lóistín, taisteal agus gnáthchostais mhaireachtála. Níl a fhios go dearfa go fóill ag roinnt mac léinn an mbeidh siad i dteideal deontas cothabhála nó cé mhéad a gheobhaidh siad ach mura bhfuil iarratas déanta cheana agat, ba chóir sin a dhéanamh ar líne láithreach ag susi.ie, Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn, an eagraíocht a riarann an córas cothabhála don Roinn Oideachais. 

Gheobhaidh mic léinn atá ina theideal an deontas cothabhála fiú más sna Sé Chontae nó i dtíortha éagsúla eile san Aontas Eorpach a bheidh siad ag staidéar. Ní mór cuimhneamh go mbeidh aon iarratas ar thacaíocht a dhéanfar inniu ar na cinn dheireanacha a phróiseálfar mar go rabhthas ag glacadh le hiarratais ó mhí an Aibreáin.

Má tá tú sásta leis an rogha a tairgeadh duit ar maidin inniu ach gur mhaith leat do chuid staidéir a chur siar bliain ar mhaithe le sos a thógáil, airgead a shaothrú le híoc as nó de bharr cúrsaí sláinte nó teaghlaigh, ní mór duit dul i dteagmháil leis an gcoláiste sin agus iarratas a dhéanamh agus do chuid cúiseanna a lua. An coláiste féin a chuirfidh in iúl don CAO má thugtar an cead sin duit ach is gá duitse iarratas eile a dhéanamh ar an CAO an bhliain seo chugainn agus gan aon rogha eile a chur ar d’iarratas ach an ceann a chuir tú ar athlá i mbliana.

Ar ndóigh féadfaidh tú a dhul sa mhála mór arís agus iarratas as an nua ar fad a dhéanamh in 2019, ach d’fhéadfadh athrú a bheith tagtha ar na pointí idir an dá linn agus nach gcáileofá in aon chor sa chás sin.

Is iomaí cúrsa spéisiúil atá ann. In Institiúid Teicneolaíocht na Gaillimhe/Mhaigh Eo amháin, tá  Bitheolaíocht Fheidhmeach Fionnuisce agus Mara (306), Teicneolaíocht Troscáin agus Adhmaid i Leitir Fraic (245), Innealtóireacht Shibhialta (280), Fiontraíocht Tuaithe agus Talmhaíochta (280) agus Bainistiú Talmhaíochta agus Comhshaoil (301).

462 pointe a theastaíonn i mbliana don mhúinteoireacht bunscoile i gColáiste Marino i mBaile Átha Cliath agus 445 pointe don chúrsa céime san altracht in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus 301 don chúrsa Cumarsáide agus Gaeilge sa choláiste céanna.

Ar ndóigh is iomaí bealach le mian do chroí a bhaint amach seachas i gcoláiste tríú leibhéal. Tá go leor scoileanna ag tairiscint cúrsaí breátha iar-ardteiste (PLC) le mic léinn a ullmhú do chúrsaí tríú leibhéal nó do shaol na hoibre. Tá feachtas láidir ar siúl faoi láthair leis an nganntanas lucht ceirde atá sa tír a leigheas agus printíseachtaí á dtairiscint i réimse i bhfad níos mó gairmeacha. Buntáiste mór leis an bprintíseacht go mbeidh íocaíocht á fáil agat le linn do chuid oiliúna agus go mbeidh tú ag foghlaim san ionad oibre, chomh maith le tréimhsí a chaitheamh gach bliain ar an gcoláiste leis an teoiric agus na cáilíochta acadúla a shaothrú.

Pé rogha a dhéanfaidh daoine óga inniu, ní príosúnacht saoil a bheidh ann mar beidh poist ann amach anseo nach eol dúinn a n-ainm inniu, níl airím iad a bheith ar liosta an CAO.

Fág freagra ar 'Comhairle do na daoine óga sin a bhfuil fonn orthu aghaidh a thabhairt ar an tríú leibhéal'