Comhairle cócaireachta don Nollaig – más cócaireacht gan aon mhargadh a bheith déanta atá ann…

Ná caill do mhisneach, seo thíos treoir chabhrach maidir le hamanna dí-reoite don turcaí

Comhairle cócaireachta don Nollaig – más cócaireacht gan aon mhargadh a bheith déanta atá ann…

www.vecteezy.com

Ní hiondúil go dtabharfainn comhairle cócaireachta d’aon duine, ach, ós rud é gurb í an Nollaig í, beagnach, agus go bhfuil cúrsaí turcaí go mór chun cinn i m’intinn na laethanta seo, shocraigh mé go n-inseoinn díobh chuile shórt atá ar eolas agam faoi dhinnéar na Nollag agus an béile ‘foirfe’ sin a leagan ar an mbord lá Nollag.

Más ort a thiteann sé dinnéar na Nollag a réiteach i mbliana, an chéad chomhairle a chuirfinn ort ná cuimhneamh an ndearna tú aon ghar mór d’aon duine i mbliana, is má rinne, an bhfuil aon seans ann go bhféadfá a chur ina luí orthu dinnéar na Nollag a réiteach i d’áitse?

Cuimhnigh anois go gcaithfeadh an gar a bheith sách mór, ní leor corrchupán tae a bheith déanta agat dóibh nó Dairymilk a bheith ceannaithe agat dóibh an uair dheireanach a ndeachaigh tú ag an siopa.

Sa gcás is nach ndearna tú gar sách mór d’aon duine i mbliana, a thuillfeadh dinnéar na Nollag, an bhféadfá gealladh do dhuine éicint (a bheadh go maith ag cócaireacht) go ndéanfá gar mór millteach dhó in 2019?

Mura n-éireoidh leat, is dóigh nach foláir duit an naprún a chur ort go beo, tá an t-am ag sciorradh leis.

Má tá tú in acmhainn é a dhéanamh, mholfainn an dinnéar réamhdhéanta, nó i ngar a bheith réamhdhéanta a cheannacht. Cloisim go bhfuil siad an-mhaith.

Ar ndóigh, chaithfeá ligint ort gur tú féin a rinne chuile ní le go bhfaighfeá an moladh mór. Ná bíodh aon imní ort, is furasta é sin a dhéanamh, má bhíonn tú sách cliste le do chuid boscaí athchúrsála. Agus, ar chraiceann do chluaise, ná lig aon duine i bhfoisceacht scread asail do na wheelie bins.

An t-aon locht atá ar an dinnéar réamhdhéanta, ná go bhfuil sé sách daor. Ná dearmad, níl anseo ach béile amháin, agus díol dhá lá ceapairí, má bhíonn an t-ádh ort.

Mura bhfuil an dara rogha fágtha agat ach an dinnéar uilig a réiteach óna thús amach, d’fhéadfá cúpla pingin a shábháil ach turcaí reoite a cheannacht.

An t-aon chomhairle a chuirfinn ort ná a bheith cinnte agus neart ama a fhágáil roimh ré chun an turcaí a dhí-reo. Ní ag iarraidh faitíos a chur ort atá mé, ach mura bhfuil sí tógtha amach as an reoiteoir agat cheana féin, tá baol ann gur i muinín an tsicín rósta a bheidh tú lá Nollag.

Ná caill do mhisneach, áfach, seo thíos treoir chabhrach maidir le hamanna dí-reoite don turcaí.

Meáchan an Turcaí Cén uair gur cheart í a thógáil amach as an reoiteoir?
2 lb Arú inné
8 lb + Lá Mhic Dara
16 lb + An chéad lá ar leag Gael cois ar chladaí Inis Fódla*
  • Tuatha Dé Danann: Seilbh Inse Fódla le Diarmuid Johnson

 

Nuair a bheidh an turcaí dí-reoite agat, tá sé in am agat an mharanáid a réiteach.

Comhábhair:

1 x Turcaí (dí-reoite)

Don mharanáid

2 chupán craicne measctha (craicne citris atá i gceist agam, ní craicne fataí, m.sh.)

½ phionta bainne géar

3 leathanach ón RTÉ Guide gearrtha suas (go mion)

3 ghloine fíona  (le n-ól)

1 x craobhóg rós fiáin (mura bhfuil teacht agat ar rós, déanfaidh Peige cúis)

Punt ime

1 x Eilf ar an tSeilf (bíodh sé úr)

Modh

Cuir an lot isteach sa nutri-bullet agus tabhair bualadh maith dhó

Clúdaigh an turcaí leis an maranáid agus fág sa gcuisneoir é ar feadh seacht lá agus seacht n-oíche.

Róst san oigheann ansin é ag 180 céim Celsius nó go dtiocfaidh an sú amach as glan.

Bhuel, sin agaibh é. Guím Nollaig mhór mhaith oraibh agus go n-éirí libh sa gcistineach!

Fág freagra ar 'Comhairle cócaireachta don Nollaig – más cócaireacht gan aon mhargadh a bheith déanta atá ann…'