Coiste Oireachtais chun éileamh ar an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Státrúnaí an Tuaiscirt geallúintí i dtaobh na Gaeilge a chomhlíonadh

Léirigh 15 polaiteoir a dtacaíocht ag cruinniú a bhí ar siúl sa Dáil ar maidin do rún a mhol Conradh na Gaeilge i dtaobh reachtaíocht agus straitéis teanga an Tuaiscirt

Coiste Oireachtais chun éileamh ar an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Státrúnaí an Tuaiscirt geallúintí i dtaobh na Gaeilge a chomhlíonadh

Tá sé i gceist ag Coiste Oireachtais iarraidh ar an Aire Gnóthaí Eachtracha agus ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann geallúintí a tugadh maidir leis an nGaeilge ó thuaidh a chomhlíonadh gan a thuilleadh moille.

Léirigh 15 polaiteoir a dtacaíocht ag cruinniú a bhí ar siúl sa Dáil ar maidin do rún a mhol Conradh na Gaeilge i dtaobh reachtaíocht agus straitéis teanga an Tuaiscirt.

Bhí Conradh na Gaeilge ag déanamh cur i láthair os comhair an Choiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta. Labhair polaiteoirí de chuid Fhianna Fáil, Fhine Gael, Shinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, Alliance agus polaiteoirí neamhspleácha ar son éilimh an Chonartha go ndéanfaí gníomh láithreach i leith na ngeallúintí i dtaobh na Gaeilge a rinneadh sa chomhaontú ‘Ré Nua, Cur Chuige Nua’.

Thug Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála de  chuid Fhine Gael Fergus O’Dowd, le fios ag deireadh an chruinnithe go mbeadh cruinniú ag baill an choiste féin Dé hAoine agus go dtabharfaí a mbeannacht go hoifigiúil do rún an Chonartha ansin.

Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Niall Comer, a chur an rún faoi bhráid an choiste, rún inar moladh go scríobhfadh baill an choiste chuig an Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, chuig Státrúnaí na Breataine, Brandon Lewis MP agus chuig Oifig an Fheidhmeannais ó thuaidh “le héileamh orthu a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm na reachtaíochta Gaeilge agus an Straitéis Ghaeilge a luaitear sa chomhaontú ‘Ré Nua Cur Chuige Nua’ gan a thuilleadh moille”.

Mhínigh an Dr Comer don choiste go raibh gealltanais tugtha sa chomhaontú sin go mbunófaí Oifig Coimisinéara Teanga agus caighdeáin theanga “dhea-chleachtais” ach nach raibh sé sin tarlaithe go fóill.

 “Breis agus bliain ar aghaidh ón Chomhaontú sin anuraidh tá pobal na Gaeilge fós ag fanacht ar chomhlíonadh coimitmintí,” a dúirt sé. “Is iad Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine comhscríbhneoirí agus comhshínitheoirí an chomhaontaithe seo, agus cé go dtiteann sé ar an Fheidhmeannas féin seo a chur i bhfeidhm, tá ról lárnach ag an dá Rialtas i bhfíorú na físe seo gan a thuilleadh moille. 

“Mura ndéantar beart de réir briathair go fíorluath, tá deis mhór ann go gcaillfear amach ar an reachtaíocht teanga sa mhandáid reatha ina bhfuil muid,” arsa Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Dúirt Comer go raibh sé tábhachtach an reachtaíocht Ghaeilge a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir mar go raibh sé cinnte go mbeadh an reachtaíocht “mar chnámh spairne” idir na páirtithe sa chéad toghchán eile, atá le tarlú in 2022.

Dúirt an Dr Comer nach raibh Conradh na Gaeilge ná pobal na Gaeilge ó thuaidh sásta le gach rud a bhí sa chomhaontú nua ach go raibh sé tábhachtach an chéad chéim eile a thabhairt agus leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas.

“Cé nach raibh gach rud sa chomhaontú, agus creid uainn, níl sé ar an phíosa reachtaíochta teanga is fearr a scríobhadh riamh, ná baol air, is deis atá ann fós tús dáiríre a chur le cosaint reachtúil na teanga ó thuaidh, rud atá thar a bheith státúil ann féin.”

Dúirt Comer gur cuireadh “baic leanúnacha” roimh phobal na Gaeilge an teanga a úsáid agus go ndearnadh “ionsaithe leanúnacha” orthu siúd a roghnaigh a saol a chaitheamh trí Ghaeilge gach lá.

Dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide an Chonartha ó thuaidh, gur léir gur “fadhb pholaitiúil” is cúis leis an moill ar chomhlíonadh na ngeallúintí faoin nGaeilge agus theastaigh “brú polaitiúil” dá bharr chun an fhadhb a fhuascailt.

Labhair toscairí an Chonartha chomh maith faoin “frustrachas” a bhí i measc Ghaeilgeoirí an Tuaiscirt mar gheall ar an easpa dul chun cinn a bhí déanta i leith na reachtaíochta agus na straitéise.

Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Niall Ó Donnghaile nár leor litir a scríobh go dtí an tAire Gnóthaí Eachtracha agus chuig Státrúnaí an Tuaiscirt mar gur theastaigh “plé díreach leis an Aire agus leis an Státrúnaí”.

Is iad na polaiteoirí a bhí i láthair ag cruinniú an lae inniu ná Fergus O’Dowd agus Emer Currie (FG); Brendan Smith, Niall Blaney agus Lorraine Clifford-Lee (FF); Niall Ó Donnghaile, Rose Conway-Walsh, John Finucane, Paul Maskey, Órfhlaith Begley agus Mickey Brady (SF); Annie Hoey (LO); Stephen Farry (Alliance); Rónán Mullen agus Frances Black (Neamhspleáigh); agus Peadar Toibín (Aontú).

Fág freagra ar 'Coiste Oireachtais chun éileamh ar an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Státrúnaí an Tuaiscirt geallúintí i dtaobh na Gaeilge a chomhlíonadh'

  • Concubhar

    Seo iad Sinn Féin ag cur an chúram atá ar Aire an Phobail, ar bhall de chuid SF í, maidir leis an reachtaíocht seo a chur in áit, óna doras. Is iad SF an pháirtí a iarrann ar gach aon pháirtí eile dualgaisí teanga a chomhlíonadh ach níl siad sásta suíomh dhá theangach a chur in airde iad féin, fiú is gur iad an pháirtí is saibhre ar an oileán.