Coiste Cróinéara faoi bhás Aibha Ní Chonaire: conspóid faoi chumarsáid idir Gaillimh agus Cromghlinn

Bhásaigh Aibha Ní Chonaire in Ospidéal Shráid an Teampaill i mBaile Átha Cliath ar an 14 Nollaig 2011 agus í sé bliana d’aois

UCHG . Photo :Andrew Downes.
Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh. Grianghraf: Andrew Downes.

Tá an teagmháil a bhí idir Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh agus Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn ar cheann de na ceisteanna móra ata tagtha chun cinn ag an gCoiste Croinéara faoi bhás Aibha Ní Chonaire, atá ar bun i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Creideann tuismitheoiri Aibha, sin iad Sean agus Caitlín Ní Chonaire, gur maith an seans é go mbeadh Aibha ina beatha inniu dá mbeadh na tástálacha cearta curtha uirthi i mí Lúnasa 2011.

Bhí Aibha, a mba as Gabhla i bpobal Charna í, in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh idir an 22 agus an 24 Lúnasa 2011 agus í buailte ag leibhéal íseal siúcra ina cuid fola. Bhí seo tarlaithe di sa mbliain roimhe sin freisin agus í san Ospidéal dá bharr freisin i 2010.

Glactar leis go bhfuil contúirt mhór ag baint le leibhéal íseal siúcra fola agus gur cheart fiosruithe a dhéanamh faoin gcúis atá leis, ar bhonn práinneach. Ní galar ann féin é an leibhéal íseal siúcra fola; fabht éigin eile sláinte is cúis leis.

Bhí Aibha Ní Chonaire 6 bliana d’aois an tráth sin a raibh sí in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh i mí Lúnasa 2011. Bhí a máthair ag éirí an-imníoch faoina cuid sláinte an uair sin agus mheabraigh sí go láidir do dhochtúirí sinsireacha san Ospidéal gur cheart Aibha a chur chuig Ospidéal gasúr sa gcaoi agus go ndéanfaí scrúduithe níos iomláine uirthi. Tráchtadh ar Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn; bheadh áiseanna ansin leis an scrúdú ar a dtugtar an ‘Newcastle test’ a chur uirthi.

Tástáil é seo a d’fhéadfadh léargas a thabhairt ar an gcúis a bhí leis an leibhéal íseal siúcra; dhíreodh sé go háirithe ar easpa an hormóin ar a dtugtar ACTH. Tá amhras ann go raibh sé seo ag goilliúint ar Aibha. Tá sé ráite cheana leis an gCoiste Croinéara ag máthair Aibha, Caitlín Uí Chonaire, gur dóigh go mbeadh Aibha ina beatha inniu da rachfaí go bun an údair i mí Lúnasa 2011. Dá mba easpa ACTH a bheadh ann, is feidir cóir leighis a fháil lena n-aghaidh.

Tharla sé gur buaileadh Aibha go dona tinn arís i mí na Nollag 2011 agus an leibhéal siúcra sa bhfuil an-íseal an athuair. Bhásaigh sí in Ospidéal Shráid an Teampaill i mBaile Atha Cliath ar an 14 Nollaig 2011 tar éis í a bheith aistrithe ansin as Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh – ceithre mhí tar éis di a bheith in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh, an Lúnasa roimhe sin.

Da bharr seo uilig, tá an-bhéim curtha ar imeachtaí mhí Lúnasa 2011.

Nuair a tugadh Aibha go hOspidéal na hOllscoile i nGaillimh i mí Lúnasa 2011, bhí an siúcra fola tite go 1.7 mmoL; bíonn údar mór imní ann nuair a laghdaíonn an siúcra faoi bhun 2.6 mmoL. Tugadh leibhéal siúcra Aibha anios an iarraidh sin ach bhí a máthair den bharúil go gcaithfí rud éigin a dhéanamh faoin gcás.  B’fhacthas di go raibh Aibha ag éirí tinn rómhinic.

Ag an gCoiste Croinéara an tseachtain seo, dúirt an Dr Ana-Louise Hawke, a bhí ag obair in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh san am, go bhfuair sise glaoch teileafóin ó Ospidéal Chromghlinne ar an 23 Lúnasa 2011 inar dúradh léi go nglacfaí le Aibha i gCromghlinne dá dtitfeadh a leibhéal fola faoi bhun 2.6 mmoL. D’fhiafraigh dlíodóir mhuintir Chonaire, Damian Tansey, ar cuireadh in iúl d’Ospidéal Chromlinne go raibh leibhéal siúcra fola Aibha chomh híseal le 1.7 mmoL an lá roimhe sin. Cén chaill, a deir Tansey, le bheith ag fanacht go bhfeicfí an dtitfeadh an leibhéal siúcra arís nuair a bhí sé an-íseal an lá roimhe sin? Duirt an Dr Hawke nach mba léi féin socrú a dhéanamh faoin láimhsiú a dhéanfaí ar chás Aibha; ní raibh de dhualgas uirthi féin sa gcás seo, a deir sí, ach an scéal ó Ospidéal Chromghlinne a chur ar aghaidh chuig dochtúirí sinsearacha i nGaillimh. Fiafraíodh den Dr Hawke cén chaoi ar cuireadh an scéala faoi Aibha go Ospidéal Chruimlinne níos túisce an lá sin – an 23 Lúnasa 2015. Ní fhéadfadh sí ainm a thabhairt ach dúirt sí go raibh córas ann; dochtúirí sinsearacha a bheadh i dteagmháil lena chéile, a deir sí.

Ligeadh Aibha amach as Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh ar an 24 Lúnasa 2015 ach dúirt a máthair, Caitlín Ní Chonaire, gur thuig sí gur gearr go mbeadh Aibha á tabhairt go hOspidéal na nGasúr i gCromghlinn le haghaidh na dtástalácha cuí. Ach níor tharla sin. Tá an tOspidéal i nGaillimh ag rá nach raibh socrú ar bith mar sin ann. Dúirt dlíodóir mhuintir Chonaire go raibh siadsan (muintir Chonaire) chomh cinnte sin go mbeadh Aibha á tabhairt go hOspidéal Chromghlinne le haghaidh na dtástálacha agus gur chuireadar é sin in iúl do na múinteoirí i Scoil Mhuire i gCarna. Dúradh leis na múinteoirí go gcaithfí Aibha a thógáil on scoil ar feadh roinnt laethanta.

Ta an t-ábhar seo le tarraingt anuas arís ag an gCoiste Cróinéara an dá la seo.

Luadh i dtuairisc an scrúdaithe iarbháis go raibh cosúlachtaí ann go bhféadfadh sé gur easpa ACTH an chúis a bhí leis an leibhéal íseal siúcra a theagmhaíodh d’Aibha Ní Chonaire go minic.

De réir an sceidil atá ann faoi láthair, críochnóidh an Coiste Croinéara Déardaoin ach ní féidir a bheith cinnte de sin fós.

Fág freagra ar 'Coiste Cróinéara faoi bhás Aibha Ní Chonaire: conspóid faoi chumarsáid idir Gaillimh agus Cromghlinn'