Coireanna cogaidh déanta ag an Rúis san Úcráin – tuarascáil nua

Rinne an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip fiosrúchán faoi eachtraí an chogaidh san Úcráin i mí Feabhra agus i mí an Mhárta

Coireanna cogaidh déanta ag an Rúis san Úcráin – tuarascáil nua

Tá coireanna cogaidh déanta ag an Rúis san Úcráin, de réir tuarascála ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip.

Rinne an OSCE fiosrúchán faoi eachtraí an chogaidh san Úcráin i mí Feabhra agus i mí an Mhárta.

Deirtear go bhféadfadh gur coireanna in aghaidh na daonnachta a bhí i gceist le cuid d’ainghníomhartha na Rúise ó thosaigh an t-ionradh ar an 24 Feabhra.

Deirtear gur dhírigh fórsaí na Rúise cuid dá n-ionsaithe ar shibhialtaigh d’aon ghnó agus gur deineadh ionsaithe d’aon ghnó ar ionaid leighis.

I measc na gcoireanna a luaitear le gníomhartha fhórsaí na Rúise tá sárú ar cheart an duine chun beatha, an foréigean gnéasach agus maruithe seachbhreithiúnacha.

Luaitear le hionradh na Rúise chomh maith aistriú daoine in aghaidh a dtola, úsáid daoine mar sciatha daonna, ionsaithe ar chonbhuanna daonnúla agus ruaigeadh gan tásc gan tuairisc iriseoirí agus lucht cearta daonna.

Deirtear sa tuarascáil go ndearna an Rúis ionsaí d’aon ghnó ar ospidéal máithreachais in Mariupol ar an 9 Márta, rud atá séanta ag lucht na Creimile.

Coir chogaidh a bhí san ionsaí sin, a deirtear.

Deirtear sa tuarascáil chomh maith gur coir chogaidh a bhí san ionsaí a rinne an Rúis ar an 16 Márta ar amharclann sa chathair chéanna, áit a raibh sibhialtaigh ar foscadh ón mbombardú.

Ní raibh eachtraí ar nós sléacht Bucha san áireamh san fhiosrúchán, ach deir lucht na tuarascála gur chóir fiosrúchán idirnáisiúnta a bhunú chun a leithéid a scagadh mar gur cinnte gur mórchoir chogaidh agus coir in aghaidh na daonnachta a bheadh i gceist.

Deirtear gur chosúil go raibh “sáruithe” déanta chomh maith ag fórsaí na hÚcráine, go háirithe maidir leis an tslí ar caitheadh le príosúnaigh chogaidh.

Deir an OSCE, áfach, go raibh sáruithe na Rúise i bhfad níos tromchúisí ná aon rud a bhí déanta ag an Úcráin.

Fág freagra ar 'Coireanna cogaidh déanta ag an Rúis san Úcráin – tuarascáil nua'