Coinnímis cuntas ar na carraigeacha agus ar na cluichí…

Bhain ár gcolúnaí an-taitneamh agus tairbhe as taighde a rinne sé le déanaí faoi stair a chumainn

Coinnímis cuntas ar na carraigeacha agus ar na cluichí…

Bhain mé an-solamar as roinnt ama a chaith mé ag deireadh an fhómhair ag réiteach léachta do Chumann Staire agus Seanchais Chois Fharraige faoi stair Chumann Lúthchleas Gael sa Spidéal.

Ba é an rud ba mhó a dheimhnigh sé dom chomh scafánta agus a dhéanann an duine dearmad ar rudaí – fiú iad siúd nach bhfuil i bhfad tarlaithe, chomh maith leis an tábhacht atá leis go mbeadh cuntas ar a leithéid fágtha in áit éicint ag na glúine atá le theacht.

Bhí lá den saol ann nuair a bhí mé in ann ainm a chur ar chuile charraig atá ag gobadh amach i gCuan na Gaillimhe ó Chéibh Nua an Spidéil chomh fada leis An Lipe, atá trí mhíle soir uaidh. Inniu bheadh obair agam iad siúd atá ag bun mo bhaile féin a liostáil.

Bhí de rún agam féin agus ag mo sheanchara Seán Bairéad as Baile an tSagairt an cladach sin a shiúl timpeall an ama a raibh mé i mbun staidéir nó go dtabharfadh seisean chun cuimhne arís dom iad, ach faraor bhí Seán imithe ar shlí na fírinne faoin am sin.

Féach mar sin féin go maireann ainm Sheáin agus go leor acu siúd a bhí imithe roimhe fós in annálacha a cheantair. Tar éis a raibh d’aithne agamsa ar an bhfear, níor thuig mé go ndearna sé aon imirt riamh, ach, agus mé i mbun mo chuid taighde léigh mé cuntas sa gCuradh Connachtach ar bhua Naomh Feichín as an gClochán ar an Spidéal i gCluiche Ceannais Peile Iarthar na Gaillimhe 1957.

Spiddal had a top class goalkeeper in Enda Flaherty. Tex Thornton, Naughton, and John Gillespie were sound defenders, while Máirtín Thornton and Seán Barrett had a big share of the exchanges in midfield. Gilmartin, Mellotte and Peadar Clancy were the pick of the forwards.”

Faoin tráth sin bhí foirne á gcur chun páirce ag an Spidéal sa bpeil Ghaelach le bunáite dhá scór bliain (1918 an chéad tagairt), ach fearacht áiteacha go leor eile bhí an iománaíocht á cleachtadh ansiúd fiú siar sa gcéad roimhe.

Tá pictiúr stairiúil ar fáil d’fhoireann de chuid an pharóiste a d’imir in aghaidh bháireoirí as Cathair na Gaillimhe sa mbliain 1912 agus cuntas sa gCuradh Connachtach arís ar a leithéid de chluiche a imríodh an bhliain dár gcionn agus a bhí eagraithe ag Conradh na Gaeilge.

Spiddal 3 goals – Galway 2-2

Seldom, if ever, were such crowds assembled in Spiddal and Furbough as were seen there on Sunday last at the great hosting of the Gael.

It was regrettable that owing to an unforeseen hitch, or a series of hitches, the venue of the hurling match was Spiddal and not Furbough , as originally named.

But in spite of all, the match was witnessed by many hundreds of spectators.

The play was excellent. Galway were to the fore at half-time, which put great determination into the home team, with the result that the final score was. Spiddal 3 goals Galway 2-2.

Bhí Micheál Ó Droighneáin ag imirt don Spidéal an lá sin – uncail leis an ‘Tex Thornton’ a d’imir sa gcluiche in aghaidh an Chlocháin os cionn dhá scór bliain ina dhiaidh agus atá luaite thuas.

Bhí Ó Droighneáin ina Rúnaí ar Choiste Iarthar na Gaillimhe den Chumann Lúthchleas Gael agus ina Cheannasaí ar Bhriogáid na nÓglach i nDeisceart Chonamara.

Tá cuntas dá chuid sa gCartlann Mhíleata ar an gcaoi ar tugadh dúshlán na Sasanach ar an Spidéal ar an 2 Lúnasa 1918 nuair a shocraigh CLG go mbeadh cluichí peile agus iomána ar siúl ar fud na tíre, ainneoin bac a bheith curtha ar a leithéid.

Ní raibh aon fhoireann le dul in aghaidh an Spidéil, ach shocraigh siadsan seársa traenála a dhéanamh mar chuid den agóid. I gcuntas Mhichíl Uí Dhroighneáin, deir sé :

Scór againn a bhí ann, nuair ba siúd anall an Sáirsint Reidy agus an Constábla Ryan de chuid an RIC.

D’iarr an Sáirsint orainn éirí as an imirt, ach is amhlaidh a tosaíodh ag gáire agus ag magadh faoi.

D’fhan an bheirt tamall maith ar an gcosán isteach, nó gur buaileadh liathróid ina dtreo a leandáil ag a gcosa.

Rug an Sáirsint uirthi agus chuir ina phóca í agus thug an bheirt faoi imeacht go scafánta.

Ach rinne na himreoirí ar fad orthu agus a gcuid camáin crochta san aer acu.

Bhí iarraidh den bhithiúnach sa gConstábla Ryan i gcónaí agus tharraing seisean amach gunnán agus dúirt go gcuirfeadh piléar sa gcéad duine a thiocfadh ina ghaobhar.

Leis sin, d’ordaigh mé do na buachaillí filleadh ar pháirc na himeartha mar ní raibh uaim go ngoinfí aon duine.

D’imigh na póilíní, fuair muid liathróid eile agus lean leis an imirt.

Théis leathuaire siúd anall an Canónach Mac Giolla Chainnigh, Rúnaí an Choláiste, (agus an Sagart Paróiste) agus go cantalach, d’ordaigh dúinn imeacht.

Ní mó ná gur labhair an Sáirsint leis faoin scéal”

Ní beag a bhfuil de stair na hÉireann le foghlaim as an eachtra sin leis féin, ní áirím stair an Spidéil. Aird tugtha, de réir dealraimh, ar ordú ionadaí na hEaglaise agus dúshlán ionadaithe an Stáit!

Fearacht cuid mhaith eile de cheantair thuaithe na hÉireann bhí trí cheathrú den chéad seo caite imithe nach mór faoin am a raibh páirc imeartha chaighdeánach nua-aimseartha i mo cheantar dúchais.

Sa gcuid eile den tír, áit a raibh na machairí méithe, b’fhurasta dhá sheaicéad a chaitheamh ar an talamh agus báire a chruthú. Níorbh amhlaidh do gharrantaí clochacha Chonamara. Mar sin féin bhí na tránna ann agus is cuimhin liom féin daoine a bheith ag iománaíocht ar an mbóthar mór, nó Bóthar an Rí mar a tugtaí air, sna 1950idí.

Dúirt fear amháin a bhí i láthair oíche an léachta gur iomaí Domhnach a chaith sé féin ar an gceird sin agus nach dtéadh an bóthar idir am an Aifrinn agus ardtráthnóna ach gluaisteán nó dhó.

Tugann logainmneacha an cheantair le fios go raibh an fhuinseog á lúbadh i gceantar an Spidéil i bhfad sular cuireadh brat tarra ar aon bhóthar – ríoga nó tuathánach. Tá giodán talún siar ó thuaidh den sráidbhaile i Seanadh Mhóinín a bhfuil Droim an Bháire mar ainm air agus tá Móinín an Bháire i nDoire Locháin cúpla míle soir an bóthar.

Fág freagra ar 'Coinnímis cuntas ar na carraigeacha agus ar na cluichí…'