Coinnigí súil ar Abacadabras sa Champion Hurdle

Caitheann ár gcomfhreagraí súil chun cinn ar chuid de na rásaí móra a bheidh ar siúl ag Féile Cheltenham an tseachtain seo

Coinnigí súil ar Abacadabras sa Champion Hurdle

Tá Féile Cheltenham linn agus cé gur féile dhifriúil í de bharr nach mbeidh na sluaite i bPrestbury Park, tá rud amháin nach mbeidh aon athrú air, caighdeán na gcapall.

Sé an Gold Cup (Dé hAoine, 3.05pm) an príomhrás agus tá deis ag Al Boum Photo gaisce stairiúil a dhéanamh – an tríú ceann a bhuachaint i ndiaidh a chéile.

Má éiríonn le réalt Marie Donnelly agus Willie Mullins, beidh sé i measc na ngaiscíoch – Best Mate, Arkle, Cottage Rake agus Golden Miller.

Ní bheidh sé éasca agus tá seans ag a lán capall eile, Champ agus A Plus Tard ina measc. Is maith liomsa A Plus Tard, a thaispeáin gur thaitin an rás níos faide leis nuair a bhuaigh sé an Savills Chase i mBaile na Lobhar aimsir na Nollag.

Beidh Rachael Blackmore sa diallait do Cheveley Park Stud agus Henry de Bromhead, agus ná déan dearmad go raibh A Plus Tard ina bhuaiteoir in Cheltenham cheana, in 2019.

Má éiríonn leis, lá stairiúil a bheidh ann ar chúis eile, níor bhuaigh aon mharcach mná an rás seo go dtí seo.

Tá seans maith go ndéanfaidh Blackmore an bheart freisin sa Champion Hurdle (Dé Máirt, 3.05pm) le Honeysuckle. Níl aon rás caillte fós ag láir Kenny Alexander, atá á traenáil ag de Bromhead, agus ba é an bua is déanaí san Irish Champion Hurdle i mBaile na Lobhar an mhí seo caite an rás ab fhearr a bhí aici.

Is í Epatante an curadh ach tá luach ar do chuid airgid le fáil ar Abacadabras. Oirfidh luas an rása don gcapall seo agus beidh fear ón Daingean i gCiarraí, Jack Kennedy ag fanacht go dtí go bhfuil na cliatha go léir léimte chun an rith cinniúnach a dhéanamh.

Chríochnaíodar deich stad taobh thiar de Honeysuckle an lá faoi dheireadh ach ag filleadh ó thinneas a bhí sé. Beidh sé níos giorra di an uair seo déarfainn.

Is é Chacun Pour Soi rogha na coitiantachta don Champion Chase (Dé Céadaoin, 3.05pm). Gortaíodh capall Rich Ricci agus Willie Mullins maidin an rása anuraidh agus níltear ag iarraidh deis eile a chur amú. Is capall iontach é ach tá an chuma air, dar liomsa ar a laghad, nach faoi lán seoil a bhíonn sé uaireanta ag deireadh an rása.

Níl aon tástáil mar scrúdú Cheltenham agus, ar chúiseanna éagsúla, níor rith Chacun Pour Soi ansin riamh.

Is mór an trua an scéala atá faighte againn nach mbeidh Altior le feiceáil sa Champion Chase amárach. Fógraíodh inné go raibh cinneadh déanta gan an capall a chur sa rás, an dara bliain as a chéile nach mbeidh laoch Patricia Pugh agus Nicky Henderson san iomaíocht in Cheltenham.

Bhí caint go leor faoi Zanahiyr don Triumph Hurdle (Dé hAoine, 1.20pm) ar feadh na bliana agus tá a áit ar bharr liosta na ngeallghlacadóireachta tuillte aige. Ba é Tritonic an capall ab fhearr díobh go léir ar an flat agus ráta 100 aige agus thaispeáin sé a chumas thar na cliatha cheana freisin, go mór mór in Kempton coicís ó shin. Ach tá Quilixios suimiúil. Is dóigh liomsa go ndéanann sé an méid is gá dó a dhéanamh chun rásaí a bhuachaint agus nach gcuireann sé mórán stró air féin ina dhiaidh. Tá tuilleadh aicsin da chapall seo.

Tá lucht na gcapall ag súil go mór leis an gceithre lá agus ní fiú geall a chur ar Éirinn chun an Prestbury Cup a bhuachaint agus Éire ina rogha láidir na coitiantachta. 

Is ré órga é do rásaíocht na gcapall sa tír seo. Bain taitneamh as.

Noda an údair

A Plus Tard, Gold Cup 6/1 (gach bealach)

Abacadabras, Champion Hurdle 10/1 (gach bealach)

Quilixios, Triumph Hurdle, 4/1  (Bua)

Fág freagra ar 'Coinnigí súil ar Abacadabras sa Champion Hurdle'